Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha
Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Do chaill Coiste Laighean a lán airgid Dia Domhnaigh ag Bóthar Mhic Seoin. Ní raibh os cionn chúig chéad duine ag féachaint ar an iománaidheacht ann. Níorbh' iongnadh soin, mar na daoine a bhí ag imirt nílid i bhfad ag gabháil do'n chamán. 'N-a dhiaidh-san is uile níorbh' aon díoghbháil sluagh ní badh líonmhaire a dhul ag féachaint ortha, mara ndéanfadh sé acht misneach a chur ionnta chun leanamhaint de'n obair. Do bhuaidh Co. Lughmhaidhe ar Cho. na Midhe san iomáin. Do deineadh seodh saothar i n-aisce san imirt seo de dheascaibh taithighe. Bhí beirt shean-iománaidhthe ar thaobh Cho. Lugh- mhaidhe, .i. Liam Ó hAlmhuin, agus Domhnall na Coille agus iad súd a dhein pé gaisce do connachthas ar an láthair. Go deimhin mara mbeadh iad do raghad an scéal dian go leor ar Cho. Lughmhaidhe. Tá súil againn go leanfaidh an dá chonntae do'n chamán ó tá tosnuighthe aca air. Do bhuaidh Co. Chill Manntáin ar Cho. Iar- Mhidhe sa Pheil. Imirt tréan a b'eadh í acht bhí tuilleadh sa bhreis d'en aicillidheacht ag an bhfuirinn ó Chill Mhanntáin. Acht má bhuaidh Cill Manntáin sa Pheil do buadhadh ortha san iomáin. Níor bh'fhéidir leo ar aon chor seasamh i gcoinnibh na fóirne ó'n Iar-Mhidhe. Sa chéad bobhta do sciob an mhuinntir aniar gach éin-nídh leo, agus i ndeireadh na dála bhí aca puinte is fiche i gcoinnibh ocht bpuintí a bhí ag an ndream eile. Deallruigheann soin go bhfuil an iomáin ag teacht fé réim i gceart-lár na hÉireann. Chím go bhfuair Clann na hÉireann buadh gan buille ó sna Galtee Rovers, agus gur bhuaidh na Purveyors ar Fhuirinn na hÁrd-Chraoibhe. Do bhuaidh Grósaerí an Chuain ar Ghrósaeríbh Faithche Stiopháin ag an nDíon Dia Domhnaigh. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services