Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha

Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Do chaill Coiste Laighean a lán airgid Dia
Domhnaigh ag Bóthar Mhic Seoin. Ní raibh os
cionn chúig chéad duine ag féachaint ar an
iománaidheacht ann. Níorbh' iongnadh soin,
mar na daoine a bhí ag imirt nílid i bhfad ag
gabháil do'n chamán. 'N-a dhiaidh-san is uile
níorbh' aon díoghbháil sluagh ní badh líonmhaire
a dhul ag féachaint ortha, mara ndéanfadh sé
acht misneach a chur ionnta chun leanamhaint
de'n obair.



Do bhuaidh Co. Lughmhaidhe ar Cho. na Midhe
san iomáin. Do deineadh seodh saothar i
n-aisce san imirt seo de dheascaibh taithighe.
Bhí beirt shean-iománaidhthe ar thaobh Cho. Lugh-
mhaidhe, .i. Liam Ó hAlmhuin, agus Domhnall na
Coille agus iad súd a dhein pé gaisce do
connachthas ar an láthair. Go deimhin mara
mbeadh iad do raghad an scéal dian go
leor ar Cho. Lughmhaidhe. Tá súil againn go
leanfaidh an dá chonntae do'n chamán ó tá
tosnuighthe aca air.



Do bhuaidh Co. Chill Manntáin ar Cho. Iar-
Mhidhe sa Pheil. Imirt tréan a b'eadh í acht bhí
tuilleadh sa bhreis d'en aicillidheacht ag an
bhfuirinn ó Chill Mhanntáin.



Acht má bhuaidh Cill Manntáin sa Pheil do
buadhadh ortha san iomáin. Níor bh'fhéidir leo
ar aon chor seasamh i gcoinnibh na fóirne ó'n
Iar-Mhidhe. Sa chéad bobhta do sciob an
mhuinntir aniar gach éin-nídh leo, agus i
ndeireadh na dála bhí aca puinte is fiche i
gcoinnibh ocht bpuintí a bhí ag an ndream eile.
Deallruigheann soin go bhfuil an iomáin ag
teacht fé réim i gceart-lár na hÉireann.



Chím go bhfuair Clann na hÉireann buadh gan
buille ó sna Galtee Rovers, agus gur bhuaidh
na Purveyors ar Fhuirinn na hÁrd-Chraoibhe.



Do bhuaidh Grósaerí an Chuain ar Ghrósaeríbh
Faithche Stiopháin ag an nDíon Dia Domhnaigh.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services