Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Ag "An Díon"
Title
Ar Faithche na hImeartha - Ag "An Díon"
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Ag "An Díon" Do connacathas imirt cuibheasach maith ag an Díon Dia Domhnaigh idir na Ropairí agus fuireann ón mBóthar Iarainn ó Dheas. Bhí an dá bhuidhin i bhfuirm 's i bhfaobhar agus d'oibrigheadar ar a ndícheall. Ba threise go mór na Ropairí mar fir láidre is eadh iad, agus ar shon gur bhain an fhuireann eile fás- cadh teann asta, do b'fhollus go mbuadhfadh na Ropairí i ndeireadh na dála. "Na Ropairí" Tá adhmad fhóghanta i bhfuirinn na Ropairí agus níor b'iongnadh liom dá mbeadh craobh na hÉireann aca lá éigin. Is follus do'n tsaoghal ná bíonn leath a ndóithin taithighe aca. Dá mbeidís aicillidhe de réir a nirt chor- pordha do dhéanfaidís árd-éachta. Ní thagann aicillidheacht gan taithighe i n-aghaidh an lae, agus tá súil agam go luighfid ar chleachtadh gan staonadh. "Ríoghacht gan duadh ní dual go bhfachtar", adeir an sean-fhocal. Ná bac an fear, dá thréine é, go gcuireann uair a chluig d'obair na tuiltí alluis leis. Is beag an mhaith fuirse agus útamáil i gcoinnibh mire agus aicillidheacht. Sóisir Bhí dhá iomáin chomórtais eile ag an Díon Dia Domhnaigh, ceann idir na Fianna agus fuir- eann ó Rath Ó Máine agus ceann eile idir fuireann na hÁrd-Chraoibhe agus sóisir Ráth Ó Máine. Ráth Ó Máine a bhuaidh an chéad cheann agus fuireann na hÁrd-Chraoibhe an tarna ceann. Tá donas éigin ar na Fianna. Nílid ag teacht chun cinn chomh mear is badh cheart dóibh. Bhí a lucht scríbe ró-lag Dia Domhnaigh agus theip a lán iarrachta ortha dhá dheascaibh. Craobh Chúige Laighean sa pheil Deirtear go raibh os cionn chúig mhíle duine ag féachaint ar phlúr Bhaile Átha Cliath is Chill Dara ag troid i gcóir craobh Chúige Laighean sa pheil ag Cill Choinnigh, Dia Domhnaigh seo ghaibh tharainn. De réir deallramh do conn- cathas árd-imirt. Sa leath-uair tosaigh ar shon go raibh an ghaoth go láidir 'n-a gcoinnibh, chuir muinntir Bhaile Átha Cliath dhá phuinnte ar an bhfuireann eile. Bhí ocht bpuinntí fachta ag muinntir Chill Dara. Sa leath-uair deiridh, ámh, níor b'fhéidir stad a chur le sna Bleá- cliaigh. Chuireadar cúil is seacht bpuintí le n-a scór agus d'fhág soin an chraobh aca d'éis imirt an-dhian a chur thórsa. Chím gur dhein Séamus Ó Braonáin go maith. Mo ghraidhn an seana-choirce! Craobh Chúige Mumhan I Mainistir Fhearmhuighe, Dia Domhnaigh, do deineadh ath-imirt ar an gcomórtas idir Luimneach is Tiobrad Árann sa pheil. Do dhein muinntir Thiobrad Árann cosair-easair de'n bhfuirinn eile. Cúil is ocht bpuintí a fuair- eadar, agus níor frith ag an ndream eile acht dhá phuinte. Imirt dhian a bhí ann ar feadh urmhór de'n aimsir. D'oibrigh muinntir Luim- nigh go fearamhail is go dána, acht níor bh'aon chabhair dóibh é, de dheascaibh a threise a bhí an fhuireann 'n-a gcoinnibh agus a aicillidheacht a bhí an Fálach, cúl báire Thiobrad Árann. Tá súil agam go bhfuil deireadh le hath-imeartaibh na bliadhna so. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services