Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Ag "An Díon"

Title
Ar Faithche na hImeartha - Ag "An Díon"
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Ag "An Díon"



Do connacathas imirt cuibheasach maith ag an
Díon Dia Domhnaigh idir na Ropairí agus
fuireann ón mBóthar Iarainn ó Dheas. Bhí
an dá bhuidhin i bhfuirm 's i bhfaobhar agus
d'oibrigheadar ar a ndícheall. Ba threise go
mór na Ropairí mar fir láidre is eadh iad,
agus ar shon gur bhain an fhuireann eile fás-
cadh teann asta, do b'fhollus go mbuadhfadh
na Ropairí i ndeireadh na dála.



"Na Ropairí"



Tá adhmad fhóghanta i bhfuirinn na Ropairí
agus níor b'iongnadh liom dá mbeadh craobh
na hÉireann aca lá éigin. Is follus do'n
tsaoghal ná bíonn leath a ndóithin taithighe aca.
Dá mbeidís aicillidhe de réir a nirt chor-
pordha do dhéanfaidís árd-éachta. Ní thagann
aicillidheacht gan taithighe i n-aghaidh an lae,
agus tá súil agam go luighfid ar chleachtadh
gan staonadh. "Ríoghacht gan duadh ní dual
go bhfachtar", adeir an sean-fhocal. Ná bac
an fear, dá thréine é, go gcuireann uair a
chluig d'obair na tuiltí alluis leis. Is beag
an mhaith fuirse agus útamáil i gcoinnibh mire
agus aicillidheacht.



Sóisir



Bhí dhá iomáin chomórtais eile ag an Díon Dia
Domhnaigh, ceann idir na Fianna agus fuir-
eann ó Rath Ó Máine agus ceann eile idir
fuireann na hÁrd-Chraoibhe agus sóisir Ráth
Ó Máine. Ráth Ó Máine a bhuaidh an chéad
cheann agus fuireann na hÁrd-Chraoibhe an
tarna ceann. Tá donas éigin ar na Fianna.
Nílid ag teacht chun cinn chomh mear is badh
cheart dóibh. Bhí a lucht scríbe ró-lag Dia
Domhnaigh agus theip a lán iarrachta ortha dhá
dheascaibh.



Craobh Chúige Laighean sa pheil



Deirtear go raibh os cionn chúig mhíle duine
ag féachaint ar phlúr Bhaile Átha Cliath is Chill
Dara ag troid i gcóir craobh Chúige Laighean
sa pheil ag Cill Choinnigh, Dia Domhnaigh seo
ghaibh tharainn. De réir deallramh do conn-
cathas árd-imirt. Sa leath-uair tosaigh ar shon
go raibh an ghaoth go láidir 'n-a gcoinnibh, chuir
muinntir Bhaile Átha Cliath dhá phuinnte ar an
bhfuireann eile. Bhí ocht bpuinntí fachta ag
muinntir Chill Dara. Sa leath-uair deiridh,
ámh, níor b'fhéidir stad a chur le sna Bleá-
cliaigh. Chuireadar cúil is seacht bpuintí le
n-a scór agus d'fhág soin an chraobh aca d'éis
imirt an-dhian a chur thórsa. Chím gur dhein
Séamus Ó Braonáin go maith. Mo ghraidhn an
seana-choirce!



Craobh Chúige Mumhan



I Mainistir Fhearmhuighe, Dia Domhnaigh, do
deineadh ath-imirt ar an gcomórtas idir
Luimneach is Tiobrad Árann sa pheil. Do dhein
muinntir Thiobrad Árann cosair-easair de'n
bhfuirinn eile. Cúil is ocht bpuintí a fuair-
eadar, agus níor frith ag an ndream eile
acht dhá phuinte. Imirt dhian a bhí ann ar feadh
urmhór de'n aimsir. D'oibrigh muinntir Luim-
nigh go fearamhail is go dána, acht níor bh'aon
chabhair dóibh é, de dheascaibh a threise a bhí an
fhuireann 'n-a gcoinnibh agus a aicillidheacht a
bhí an Fálach, cúl báire Thiobrad Árann. Tá
súil agam go bhfuil deireadh le hath-imeartaibh
na bliadhna so.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services