Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Corcaigh is Cill Choinne
Title
Ar Faithche na hImeartha - Corcaigh is Cill Choinne
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Corcaigh is Cill Choinne Do thárla iomáin chomórtas idir Chill Choinne is Chorcaigh ag Dún Garbháin Dia Domhnaigh. Tá an camán fé mheas i gCill Choinne le fada aimsir, acht do b'annamh craobh Éireann aca. Tá sí aca i mbliadhna, acht go háirithe. An tarna hiarracht Sidí an tarna huair ag an dá bhuidhin seo ag teacht i gcoinnibh a chéile i mbliadhna. Do bhuaidh Corcaigh an chéad uair. Do chuir muinntir Chill Choinne gearán isteach agus do hórduigheadh an t-ath-imirt a dhéanamh. Tá iongnadh ar gach éinne gur buadhadh ar Chorcaigh. Acht ní fearra dhóibh bheith ag síor-bhuadhachtaint. De réir gach deallraimh dhein muinntir Chill Choinne árd-obair i nDún Garbháin agus tuillid a ngradam. An chéad leath-uair I dtosach bárra bhí an saoghal geall leis ar a dtoil ag an bhfuirinn ó Chorcaigh agus i gceann na leath-uaire bhí dhá phuinte dhéag aca i n-aghaidh ocht bpuinte do mhuinntir Chill Choinne. D'éis tosnughadh arís do chonncathas árd-láimhseáil maidí. Chuireadar muinntir Chill Choinne a gcosa i dtalamh is ba ghearr go raibh an scór cothrom eatortha. Bhí an tiomáint go dian go dtí so. Is annamh do chonnacathas a leithéid i n-éan-bhall. A chríoch N-a dhiaidh-san, ámh, do shleamhnuigh a misneach a fuirinn Chorcaighe, agus do dhírigh muinntir Chill Choinne ar chur le n-a scór n-a sheódh. D'fhan an imirt ar an gcuma so go deire na scríbe. Dheineadar Mac Uí Cheallaigh is Mac Uí Dhubhghaill is Mac Uí Bhraonáin an-obair ar thaobh Chill Choinne. Túr nirt do b'eadh Mac Uí Chealleachair, ó Dhún Guairne, ar a thaobh féin. Go deimhin do b'iongnadh le n-a lán daoine a fheabhas a bhí sé chun imeartha. Seo mar bhí an táibhle i ndeire na treimhse: Cill Choinne, 28 puinte; Corcaigh, a 15. Ciarraighe ag Bóthar Mhic Seoin Do bhuaidh Fuireann Bhaile Átha Cliath ar leomhain Chiarraighe sa pheil, ag Bóthar Mhic Seoin Dia Domhnaigh, leis. I dtúis na himeartha do thaispean an fhuireann ó Chiarr- aighe árd-choráiste acht ba dheacair an Cathasach fada is Mac Coiligin is Séamus Ó Braonáin a chur síos, agus b'fhollus do gach éinne gur ag muinntir Bhaile Átha Cliath d'fhanfadh an buadh láithreach. Níor chóir a dhearmhad, ámh go raibh na Ciaraighigh i n-easnamh na bhfear a b'fhearr aca, .i. Muiris Mac Cárrthaigh, is na Gormánaigh, an Cuireánach is an Ciardhubhánach is tuille aca leó. An scór: Baile Átha Cliath, 15 puinte; Ciarraighe a 4. Camóguidheacht i gCo. an Chláir Do bualadh Comórtas Camóguidheachta i gCill Ruis Dia Domhnaigh an 23adh den Mheitheamh mar a raibh cóimhthionól mór dá fhéachaint. B'iad Cailíní na hInse agus Cailíní Páirc Lomáin (Barefield) a bhí i n-achrann i n-a chéile. Bhí an imirt go maith acht dá mbudh rud é go mbeadh an fód níosa tirme beadh an imirt níos fearr. B'fhiú d'éinne féachaint ar Áine Nic Chonsaidín ag láimhseáil na camóige agus bhuaidh "Captaen" Sighle Ní Cheirín cúpla cúilín ar fheabhas an domhain; ar thaobh na hInse a bhíodar so - le linn fead na leath- aimsire, bhí cailíní na hInse chun tosaigh le cúilín. Tháinig feabhas ar an imirt th'réis mhalairt taobh dóibh agus ba mhinic do cloiseadh "torann na fuinseoige" i rith an tarna leath- uaire agus d'oibrigh lucht Páirce Lomáin ar a gcroidhe-dhíchill chun an chraobh a bhreith leo. Tháinig an bháisteach anuas deich neomadaí roimh chríochnughadh de'n chluiche agus budh é an feall é mar chuir sí go mór ar an imirt. Do
shéid an ghaoth go daingean le linn na báistighe, acht níor bhain sé sin aon phioc de mhisneach ná de fhuinneamh na mbé ngléigheal. D'oibrigh- eadar an dá fhuireann aca go dána, croidh- eamhail. Bhíodar chómh maith le na chéile i ndeire na scríbe gan an chraobh bhuaidhte ag ceachtar aca. Páirc Lomáin ... ... 2 chúil agus 2 chúilín Inis ... ... 2 chúil agus 2 chúilín Do chuir Aoife Ní Dhéagha, Sinéidín agus Eilís Nic an Airchinnigh deigh-imirt isteach ar son Foirne Pháirc Lomáin. Beidh cailíní na hInse agus cailíní Aonach Ur-Mhumhan i gcoinne a chéile Dia Domhnaigh seo chugainn lá Feise an Aonaigh, mar a mbeidhmíd ag faire ortha le congnamh Dé.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services