Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Corcaigh is Cill Choinne

Teideal
Ar Faithche na hImeartha - Corcaigh is Cill Choinne
Údar
Ní fios,
Dáta cumtha
1907
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Corcaigh is Cill Choinne
Do thárla iomáin chomórtas idir Chill
Choinne is Chorcaigh ag Dún Garbháin Dia
Domhnaigh. Tá an camán fé mheas i gCill
Choinne le fada aimsir, acht do b'annamh craobh
Éireann aca. Tá sí aca i mbliadhna, acht go
háirithe.



An tarna hiarracht



Sidí an tarna huair ag an dá bhuidhin seo
ag teacht i gcoinnibh a chéile i mbliadhna. Do
bhuaidh Corcaigh an chéad uair. Do chuir
muinntir Chill Choinne gearán isteach agus
do hórduigheadh an t-ath-imirt a dhéanamh. Tá
iongnadh ar gach éinne gur buadhadh ar Chorcaigh.
Acht ní fearra dhóibh bheith ag síor-bhuadhachtaint.
De réir gach deallraimh dhein muinntir Chill
Choinne árd-obair i nDún Garbháin agus tuillid
a ngradam.



An chéad leath-uair



I dtosach bárra bhí an saoghal geall leis ar
a dtoil ag an bhfuirinn ó Chorcaigh agus i
gceann na leath-uaire bhí dhá phuinte dhéag aca
i n-aghaidh ocht bpuinte do mhuinntir Chill
Choinne. D'éis tosnughadh arís do chonncathas
árd-láimhseáil maidí. Chuireadar muinntir
Chill Choinne a gcosa i dtalamh is ba ghearr go
raibh an scór cothrom eatortha. Bhí an
tiomáint go dian go dtí so. Is annamh do
chonnacathas a leithéid i n-éan-bhall.



A chríoch



N-a dhiaidh-san, ámh, do shleamhnuigh a misneach
a fuirinn Chorcaighe, agus do dhírigh muinntir
Chill Choinne ar chur le n-a scór n-a sheódh.
D'fhan an imirt ar an gcuma so go deire na
scríbe. Dheineadar Mac Uí Cheallaigh is Mac
Uí Dhubhghaill is Mac Uí Bhraonáin an-obair ar
thaobh Chill Choinne. Túr nirt do b'eadh Mac
Uí Chealleachair, ó Dhún Guairne, ar a thaobh
féin. Go deimhin do b'iongnadh le n-a lán
daoine a fheabhas a bhí sé chun imeartha. Seo
mar bhí an táibhle i ndeire na treimhse: Cill
Choinne, 28 puinte; Corcaigh, a 15.



Ciarraighe ag Bóthar Mhic Seoin



Do bhuaidh Fuireann Bhaile Átha Cliath ar
leomhain Chiarraighe sa pheil, ag Bóthar Mhic
Seoin Dia Domhnaigh, leis. I dtúis na
himeartha do thaispean an fhuireann ó Chiarr-
aighe árd-choráiste acht ba dheacair an Cathasach
fada is Mac Coiligin is Séamus Ó Braonáin
a chur síos, agus b'fhollus do gach éinne gur
ag muinntir Bhaile Átha Cliath d'fhanfadh an
buadh láithreach. Níor chóir a dhearmhad, ámh
go raibh na Ciaraighigh i n-easnamh na bhfear a
b'fhearr aca, .i. Muiris Mac Cárrthaigh, is na
Gormánaigh, an Cuireánach is an Ciardhubhánach
is tuille aca leó. An scór: Baile Átha
Cliath, 15 puinte; Ciarraighe a 4.



Camóguidheacht i gCo. an Chláir



Do bualadh Comórtas Camóguidheachta i
gCill Ruis Dia Domhnaigh an 23adh den
Mheitheamh mar a raibh cóimhthionól mór dá
fhéachaint.



B'iad Cailíní na hInse agus Cailíní Páirc
Lomáin (Barefield) a bhí i n-achrann i n-a chéile.
Bhí an imirt go maith acht dá mbudh rud é go
mbeadh an fód níosa tirme beadh an imirt
níos fearr.



B'fhiú d'éinne féachaint ar Áine Nic
Chonsaidín ag láimhseáil na camóige agus
bhuaidh "Captaen" Sighle Ní Cheirín cúpla
cúilín ar fheabhas an domhain; ar thaobh na
hInse a bhíodar so - le linn fead na leath-
aimsire, bhí cailíní na hInse chun tosaigh le
cúilín. Tháinig feabhas ar an imirt th'réis
mhalairt taobh dóibh agus ba mhinic do cloiseadh
"torann na fuinseoige" i rith an tarna leath-
uaire agus d'oibrigh lucht Páirce Lomáin ar
a gcroidhe-dhíchill chun an chraobh a bhreith leo.



Tháinig an bháisteach anuas deich neomadaí
roimh chríochnughadh de'n chluiche agus budh é an
feall é mar chuir sí go mór ar an imirt. Do


L. 6


shéid an ghaoth go daingean le linn na báistighe,
acht níor bhain sé sin aon phioc de mhisneach ná
de fhuinneamh na mbé ngléigheal. D'oibrigh-
eadar an dá fhuireann aca go dána, croidh-
eamhail. Bhíodar chómh maith le na chéile i
ndeire na scríbe gan an chraobh bhuaidhte ag
ceachtar aca.



Páirc Lomáin ... ... 2 chúil agus 2 chúilín
Inis ... ... 2 chúil agus 2 chúilín



Do chuir Aoife Ní Dhéagha, Sinéidín agus
Eilís Nic an Airchinnigh deigh-imirt isteach ar
son Foirne Pháirc Lomáin. Beidh cailíní na
hInse agus cailíní Aonach Ur-Mhumhan i gcoinne
a chéile Dia Domhnaigh seo chugainn lá Feise
an Aonaigh, mar a mbeidhmíd ag faire ortha
le congnamh Dé.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services