Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Neamh-shuim
Title
Ar Faithche na hImeartha - Neamh-shuim
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Neamh-shuim Do b'oth liom gan sluagh ní ba mhó d'fheic- sint ag an Díon Dia Domhnaigh. Is ró-bhaoghal liom, dá mhéid cainnt dheintear i dtaobh an “Chamáin“ i mBaile Átha Cliath, ná fuil a lucht leanamhna tréan a ndóthain fós chun é chothughadh fé mar badh chóir. Níorbh' iongnadh liom dá n-éireochaidís Gaedhil Bhaile Átha Cliath beagán ní badh luaithe gach maidin Domh- naigh, agus a n-aghaidh a thabhairt ar an nDíon tar éis Aifrinn. B'fhiú imirt an Domhnaigh dul i bhfad ó bhaile chun é fheicsint, agus nílim gan dóchas go bhféachfar chuige go bhfanfaidh sí mar sin. Iarraim oraibh-se, a Ghaedheala, cabhrughadh le nbhur gcleasaibh lúith féin, agus a chur i dtuigsint do lucht a n-imeartha, tré theacht ag féachaint ortha, go bhfuil meas agaibh ortha agus gur mian libh go raghaidís chun cinn. Tá an neamh-shuim sin ag coimeád an báire chun deiridh 'n-a sheodh fé láthair. Cóiriughadh na láithreach Badh mhaith liom a thabhairt fé ndeara gur tugadh fé'n bhféar fhada a bhuaint. Níor deineadh acht tabhairt fé, ámh. Bhítheas ana- choigilteach leis an speil. I n-íochtair na láithreach ar chúl an tighe theipfeadh ar Fionn mac Cumhaill féin poc a bhualadh ó'n dtalamh. Bheadh truagh agat, a léightheoir, do'n duine bhocht go raibh air seasamh an bhuill sin is bheith ag tóghach ar feadh uair a chluig. B'fhéidir go bhféadfaidhe gléas féir a ghearradh d'fhágháil i mball éigin; agus meitheal chun é oibriughadh gach tráthnóna Sathairn. 'N-a theannta-san níor mhiste luach tuistiún de'n aol a cheannach chun líne a ghearradh timcheall na láithreach agus chun an caogaide a chomharthughadh ar na cliathánaibh. Dá ndeintí an méid sin badh mhór an áise a dhéanfadh sé agus ní chloisfidhe a leath-oiread cnáimhseála. An Imirt Bhí trí cinn d'iománaibh comórtais ag an Díon Dia Domhnaigh, agus iad go léir go maith. Bhí tosach ag na Dáibhisighibh is na Ropairíbh. Ar dtúis do bhí an imirt seo ana- luath, acht do goirtigheadh Liam Ó Ceallacháin, duine de sna fearaibh a b'fhearr a bhí ar na Ropairibh, agus dá éis sin chuaidh an imirt i righneas acht amháin ruaig nó dhó a tugadh. Sidé an táibhle: Na Dáibhisigh, 2-8; na Roapíri, 3-4. 'N-a dhiaidh-san go ghluais- eadar amach buidhean uachtair Chiceam is na Céitinnigh. Do fearadh eatortha comhrac tréan teann-easnach gan fios time ná tláithe ar aon taobh aca. Do chaill na Céitinnigh é ar luige a rannc tosaigh. Dhein Pádraig Ó Ceallacháin éachta ar láthair an tóghaigh. Sidé an táibhle: Buidhean Chiceam, 3-5; na Céitinnigh 0-5. Dá éis sin do thugadar buidhean mheadhóin Chiceam is buidhean ó'n mBóthar Iarainn Theas fá n-a chéile. Chuireadar so araon isteach imirt dhian ó thosach deireadh. Go dtí gur imthigh glaodh deireannach na feide badh dheacair a rádh cia aca bhuaidhfeadh. Seo mar bhí aca i ndeireadh bárra: Buidhean Chiceam, 4-4; G.S. & W.R., 1-8. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services