Ar Faithche na hImeartha
Neamh-shuim
Do b'oth liom gan sluagh ní ba mhó d'fheic-
sint ag an Díon Dia Domhnaigh. Is ró-bhaoghal
liom, dá mhéid cainnt dheintear i dtaobh an
“Chamáin“ i mBaile Átha Cliath, ná fuil a
lucht leanamhna tréan a ndóthain fós chun é
chothughadh fé mar badh chóir. Níorbh' iongnadh
liom dá n-éireochaidís Gaedhil Bhaile Átha
Cliath beagán ní badh luaithe gach maidin Domh-
naigh, agus a n-aghaidh a thabhairt ar an nDíon
tar éis Aifrinn. B'fhiú imirt an Domhnaigh
dul i bhfad ó bhaile chun é fheicsint, agus nílim
gan dóchas go bhféachfar chuige go bhfanfaidh sí
mar sin. Iarraim oraibh-se, a Ghaedheala,
cabhrughadh le nbhur gcleasaibh lúith féin, agus
a chur i dtuigsint do lucht a n-imeartha, tré
theacht ag féachaint ortha, go bhfuil meas agaibh
ortha agus gur mian libh go raghaidís chun cinn.
Tá an neamh-shuim sin ag coimeád an báire
chun deiridh 'n-a sheodh fé láthair.
Cóiriughadh na láithreach
Badh mhaith liom a thabhairt fé ndeara gur
tugadh fé'n bhféar fhada a bhuaint. Níor
deineadh acht tabhairt fé, ámh. Bhítheas ana-
choigilteach leis an speil. I n-íochtair na
láithreach ar chúl an tighe theipfeadh ar Fionn
mac Cumhaill féin poc a bhualadh ó'n dtalamh.
Bheadh truagh agat, a léightheoir, do'n duine
bhocht go raibh air seasamh an bhuill sin is bheith
ag tóghach ar feadh uair a chluig. B'fhéidir go
bhféadfaidhe gléas féir a ghearradh d'fhágháil i
mball éigin; agus meitheal chun é oibriughadh
gach tráthnóna Sathairn. 'N-a theannta-san
níor mhiste luach tuistiún de'n aol a cheannach
chun líne a ghearradh timcheall na láithreach
agus chun an caogaide a chomharthughadh ar na
cliathánaibh. Dá ndeintí an méid sin badh
mhór an áise a dhéanfadh sé agus ní chloisfidhe
a leath-oiread cnáimhseála.
An Imirt
Bhí trí cinn d'iománaibh comórtais ag an
Díon Dia Domhnaigh, agus iad go léir go
maith. Bhí tosach ag na Dáibhisighibh is na
Ropairíbh. Ar dtúis do bhí an imirt seo ana-
luath, acht do goirtigheadh Liam Ó Ceallacháin,
duine de sna fearaibh a b'fhearr a bhí ar na
Ropairibh, agus dá éis sin chuaidh an imirt i
righneas acht amháin ruaig nó dhó a tugadh.
Sidé an táibhle: Na Dáibhisigh, 2-8; na
Roapíri, 3-4. 'N-a dhiaidh-san go ghluais-
eadar amach buidhean uachtair Chiceam is na
Céitinnigh. Do fearadh eatortha comhrac
tréan teann-easnach gan fios time ná
tláithe ar aon taobh aca. Do chaill na
Céitinnigh é ar luige a rannc tosaigh. Dhein
Pádraig Ó Ceallacháin éachta ar láthair an
tóghaigh. Sidé an táibhle: Buidhean Chiceam,
3-5; na Céitinnigh 0-5. Dá éis sin do
thugadar buidhean mheadhóin Chiceam is
buidhean ó'n mBóthar Iarainn Theas fá n-a
chéile. Chuireadar so araon isteach imirt
dhian ó thosach deireadh. Go dtí gur imthigh
glaodh deireannach na feide badh dheacair a
rádh cia aca bhuaidhfeadh. Seo mar bhí aca i
ndeireadh bárra: Buidhean Chiceam, 4-4;
G.S. & W.R., 1-8.
Tórna
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11