Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - An Chraobh do Chill Dara
Title
Ar Faithche na hImeartha - An Chraobh do Chill Dara
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha An Chraobh do Chill Dara Do bhuaidh Conntae Chill Dara craobh na hÉireann sa pheil ag Dúrlas Dia Domhnaigh. Airighim go ndeaghaidh beirt de sna daoinibh a b'fhearr ar fhuirinn Chiarraighe go dtí Aim- eirice i gcaitheamh na bliadhna so ghaibh thar- ainn. An Imirce thar sáile arís! Lá Feis Chnoc an Bhile Ní dual dúinn a bheith ró-bhuidheach de Chumann na gCleas Lúith a chuir an imirt seo ar bun i gcomhair an Domhnaigh, agus a sháir- fhios aca go mbeadh feis ar siubhal fé réir ag an Athair Mathghamhain Ó Maoilriain ar Chnoc an Bhile — áit ná fuil acht beagán os cionn deich míle ó Dhúrlas. Ba mhór an náire dhóibh é. Iománaidheacht ag “An Díon” Bhíos féin ag “An Díon” Dia Domhnaigh ag féachaint ar an mbáire a bhí ar siubhal ann. Do chonnac comórtas idir fhóirnibh “Tomáis Dáibhis” is “Cúchulainn”. Tá feabhas tagaithe ortha so ar aon le bliadhain, is má choinghbhid le chéile is taithighe a dhéanamh chífear éachta uatha. Cúrsaí Gearáin Ní bhím choidhche gan gearán. Tá gearán le déanamh agam ar an gComhaltas Iomána. Ní thugtar aire cheart do'n obair ag an Díon. Bíonn an iomad righneas is “cuma liom” is laissez faire ag baint léi. Is ró-annamh a thugaim fé ndeara ann crut ná deallramh na hoibre ar éinne ann. Ní bhítear ann i n-am tráith. Ní hannamh go dteipeann buidhean go léir. Badh cheart an láthair a bhuaint uair sa choigthighis an chuid is lugha dhe. Níor mhiste lucht cothruim a dhéanamh a gcasóga a bhaint díobh agus úsáid a bhaint as an bhfeid. Má bhíonn an fear cothruim righin beidh an báire righin. Ní beag nod do'n eolach. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services