Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - An Chraobh do Chill Dara

Title
Ar Faithche na hImeartha - An Chraobh do Chill Dara
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



An Chraobh do Chill Dara



Do bhuaidh Conntae Chill Dara craobh na
hÉireann sa pheil ag Dúrlas Dia Domhnaigh.
Airighim go ndeaghaidh beirt de sna daoinibh a
b'fhearr ar fhuirinn Chiarraighe go dtí Aim-
eirice i gcaitheamh na bliadhna so ghaibh thar-
ainn. An Imirce thar sáile arís!



Lá Feis Chnoc an Bhile



Ní dual dúinn a bheith ró-bhuidheach de
Chumann na gCleas Lúith a chuir an imirt seo
ar bun i gcomhair an Domhnaigh, agus a sháir-
fhios aca go mbeadh feis ar siubhal fé réir
ag an Athair Mathghamhain Ó Maoilriain ar
Chnoc an Bhile — áit ná fuil acht beagán os
cionn deich míle ó Dhúrlas. Ba mhór an náire
dhóibh é.



Iománaidheacht ag “An Díon”



Bhíos féin ag “An Díon” Dia Domhnaigh ag
féachaint ar an mbáire a bhí ar siubhal ann.
Do chonnac comórtas idir fhóirnibh “Tomáis
Dáibhis” is “Cúchulainn”. Tá feabhas tagaithe
ortha so ar aon le bliadhain, is má choinghbhid le
chéile is taithighe a dhéanamh chífear éachta
uatha.



Cúrsaí Gearáin



Ní bhím choidhche gan gearán. Tá gearán le
déanamh agam ar an gComhaltas Iomána. Ní
thugtar aire cheart do'n obair ag an Díon.
Bíonn an iomad righneas is “cuma liom” is
laissez faire ag baint léi. Is ró-annamh a
thugaim fé ndeara ann crut ná deallramh na
hoibre ar éinne ann. Ní bhítear ann i n-am
tráith. Ní hannamh go dteipeann buidhean
go léir. Badh cheart an láthair a bhuaint uair
sa choigthighis an chuid is lugha dhe. Níor mhiste
lucht cothruim a dhéanamh a gcasóga a bhaint
díobh agus úsáid a bhaint as an bhfeid. Má
bhíonn an fear cothruim righin beidh an báire
righin. Ní beag nod do'n eolach.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services