Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Mór-shiubhal na Gaedhilge
Title
Ar Faithche na hImeartha - Mór-shiubhal na Gaedhilge
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Mór-shiubhal na Gaedhilge Caithfead gan an iomad do scríobhadh an tseachtmhain seo, mar tá an fear eagair ag bagairt an draighin orm agus á rádh liom cosc a chur lem' “ghaoth.” Tá gach éinne ag trácht ar thabhairt amach an Domhnaigh agus ní hiongnadh soin. Deirtear linn gur sháruigh sé gach a bhfeacathas i mBaile Átha Cliath go dtí so. Nuair a chuireann Baile Átha Cliath chun rud a dhéanamh déineann sí go huasal é, mar is follus as obair an Domhnaigh. Cumann na gCleas Lúith Acht ní bhaineann lem' chúram-sa trácht ar na hiongantaisíbh go léir do fríth ann. Is leor dam mo ghairm féin .i. Cumann na gCleas Lúith. Ní raibh báire ná peil á n-imirt i mBaile Átha Cliath Dia Domhnaigh, mar bhí an Cumann chun bheith i measc an lucht siubhail ar son na Gaedhilge. Do bhailigheadar ar dtúis ar Mhargadh an Fhéir, líon dá mhíle, agus shiubhluigheadar as soin go dtí Faithche Stiophán. B'áluinn an radharc iad; fir bhreaghtha calma teann-easnacha; camáin ar iomchur ag a bhfurmhór; buinn óir is airgid — toradh a saothair ar son cleasa lúith na hÉireann is feardhacht na nGaedheal ag deallradh go gléinneach ar bhrollaighibh a lán aca. Go maiream-na iad! Ba mhór an chreideamhaint do Bhaile Átha Cliath is d'Éirinn iad. Na hÍomháighe aca Sa mhór-shiubhal tháinig Roinn na gCleas Lúith i ndiaidh Roinn na Teangan. Bhí dhá iomháigh ar teaspáint aca. Ar cheann aca-san do connacathas Cúchulainn ag cur a chamáin i leath-taoibh agus é ag breith ar chlaidheamh na gaisce. D'fhéach an deilbh seo go háluinn. Leathstiar de'n dá íomháigh tháinig sluagh an
Chumainn ar aon-chéim agus ní miste a rádh ná gur b'fhiú do dhuine breathnughadh ortha. Bhí uachtaráin an Chumainn i dtosach barra, agus do b'fhuirist a thabhairt fé ndeara an mhór-chúis is an t-áthas ar ghnúisibh an Chróghaigh is mhic Uí Bhogaighe. A chonách-san ortha! Scéala ó Lios Mór Badh maith liom fuireann iománaidhthe d'fheicsint ag gach chraoibh de Chonnradh na Gaedhilge, agus go háirithe ag craobhachaibh sa dtuaith. Chím ná deinidh Craobh an Leasa Mhóir dearmhad de sin. Coigthigheas ó shoin tharlaidh iomáin chomórtais eatortha féin is fuireann ó Choláiste Cholmáin i Mainistir Fhearmuighe. Bhí an báire fé réim sa Choláiste fíor-Ghaedhealach so riamh, agus tá a rian ortha ní hamháin ar faithche na hImeartha acht ar fáithche an Léighinn. San imirt úd do bhí breis truime an thaobh Leasa Mhóir, acht níor ghearánta ar aicillidheacht lucht an Choláiste. Lios Mór, 2-7; Coláiste Cholmáin, 1-5. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services