Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Mór-shiubhal na Gaedhilge

Title
Ar Faithche na hImeartha - Mór-shiubhal na Gaedhilge
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Mór-shiubhal na Gaedhilge



Caithfead gan an iomad do scríobhadh an
tseachtmhain seo, mar tá an fear eagair ag
bagairt an draighin orm agus á rádh liom
cosc a chur lem' “ghaoth.” Tá gach éinne ag
trácht ar thabhairt amach an Domhnaigh agus ní
hiongnadh soin. Deirtear linn gur sháruigh sé
gach a bhfeacathas i mBaile Átha Cliath go dtí
so. Nuair a chuireann Baile Átha Cliath chun
rud a dhéanamh déineann sí go huasal é, mar
is follus as obair an Domhnaigh.



Cumann na gCleas Lúith



Acht ní bhaineann lem' chúram-sa trácht ar
na hiongantaisíbh go léir do fríth ann. Is
leor dam mo ghairm féin .i. Cumann na
gCleas Lúith. Ní raibh báire ná peil á n-imirt
i mBaile Átha Cliath Dia Domhnaigh, mar bhí an
Cumann chun bheith i measc an lucht siubhail ar
son na Gaedhilge. Do bhailigheadar ar dtúis
ar Mhargadh an Fhéir, líon dá mhíle, agus
shiubhluigheadar as soin go dtí Faithche
Stiophán. B'áluinn an radharc iad; fir
bhreaghtha calma teann-easnacha; camáin ar
iomchur ag a bhfurmhór; buinn óir is airgid —
toradh a saothair ar son cleasa lúith na
hÉireann is feardhacht na nGaedheal ag
deallradh go gléinneach ar bhrollaighibh a lán
aca. Go maiream-na iad! Ba mhór an
chreideamhaint do Bhaile Átha Cliath is d'Éirinn
iad.



Na hÍomháighe aca



Sa mhór-shiubhal tháinig Roinn na gCleas
Lúith i ndiaidh Roinn na Teangan. Bhí dhá
iomháigh ar teaspáint aca. Ar cheann aca-san
do connacathas Cúchulainn ag cur a chamáin i
leath-taoibh agus é ag breith ar chlaidheamh na
gaisce. D'fhéach an deilbh seo go háluinn.
Leathstiar de'n dá íomháigh tháinig sluagh an


L. 05


Chumainn ar aon-chéim agus ní miste a rádh
ná gur b'fhiú do dhuine breathnughadh ortha.
Bhí uachtaráin an Chumainn i dtosach barra,
agus do b'fhuirist a thabhairt fé ndeara an
mhór-chúis is an t-áthas ar ghnúisibh an Chróghaigh
is mhic Uí Bhogaighe. A chonách-san ortha!



Scéala ó Lios Mór



Badh maith liom fuireann iománaidhthe
d'fheicsint ag gach chraoibh de Chonnradh na
Gaedhilge, agus go háirithe ag craobhachaibh sa
dtuaith. Chím ná deinidh Craobh an Leasa
Mhóir dearmhad de sin. Coigthigheas ó shoin
tharlaidh iomáin chomórtais eatortha féin is
fuireann ó Choláiste Cholmáin i Mainistir
Fhearmuighe. Bhí an báire fé réim sa Choláiste
fíor-Ghaedhealach so riamh, agus tá a rian ortha
ní hamháin ar faithche na hImeartha acht ar
fáithche an Léighinn. San imirt úd do bhí
breis truime an thaobh Leasa Mhóir, acht níor
ghearánta ar aicillidheacht lucht an Choláiste.
Lios Mór, 2-7; Coláiste Cholmáin, 1-5.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services