Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Dá Chruiteachán
Title
An Dá Chruiteachán
Author(s)
Fear an Oileáin,
Pen Name
Fear an Oileáin
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Dá Chruiteachán. (I nGaedhilg Reachra) Bhí dhá fhear 'n-a gcomhnaidhe i gCinn Reámh- air aon uair amháin, Domhnall Dubh agus Domhnall Donn. Cruiteacháin do ba an bheirt aca, agus b'iad na cruiteanna crádh a ndá shaoghal. Conasgar amháin agus Domhnall ag tabhairt a bhaile na ngamhnan, ar theacht go barr Chnuic an Fhiolair dó, do thosnuigh ar an gceol ba bhinne agus ba aoibhneasighe dár chuala sé riamh. D'amharc Domhnall timcheall air agus annsin os comhair a dhá shúl — a gcaipíní dearga ar a gcinn, a bhfidilí, a bhfideoga, is a bpíobaí 'n-a lámh- aibh aca, agus iad ag seinnm is ag damhsadh ar bharr a ndíchill — ba shluagh mór sidhe. Fá dheireadh thost ar an gceol, d'éirigh ceann de na firíníbh, claidheamh mór ar crochadh le n-a thaoibh síos go talamh, cleite mór uaithne 'n-a chaipín dhearg, agus dubhairt sé, “Gabh amhrán, a Fhéilim.” D'éirigh firín eile agus thosnuigh ag gabháil: “Dia Luain is Dia Máirt” “Dia Luain is Dia Máirt” “Dia Luain is Dia Máirt” “Dia Luain is Dia Máirt” “Is Dia Céadaoin!” arsa Domhnall. “Hó! ró!” arsa firín an chleite uaithne. “Tá ar n-amhrán seacht n-uaire níos fearr anois! Bain an chruit de'n fhear bhocht.” Bhaineadar an chruit de dhruim Dhomhnaill agus chuaidh sé a bhaile chomh díreach le féag, agus a chroidhe chomh héadtrom lé cleite. Nuair chuala Domhnall Donn an sgéal dubh- airt sé leis féin go dtéidheadh suas é féin agus go bhfágfadh sé a chruit ag an sidhe- chuideacht. An t-ath-chonasgar ar shiubhal leis suas Cnoc an Fhiolair, díreach mar bhí an ghrian ag dul faoi. Ag dul suas dó chuala sé an ceol agus an damhsadh agus an firín ag gabh- áil: “Dia Luain, Dia Máirt, is Dia Céadaoin” “Dia Luain, Dia Máirt, is Dia Céadaoin” “Dia Luain, Dia Máirt, is Dia Céadaoin” “Dia Luain, Dia Máirt, is Dia Céadaoin” “Is Dia hAoine!” arsa Domhnaill. “Ara, a rógaire mhí-ádhmhair,” do sgread na firíní go léir, “tá ar n-amhrán deas millte agat!” Agus rug siad air, agus chuir an chruit a bhaineadar de dhruim Dhomhnaill Duibh ar a ghuailníbh láimh le n-a chruit féin, agus chuaidh Domhnaill bocht a bhaile go brónach, a dhá cheann ag sguabadh an talaimh. Fear an Oileáin. [I gcanamhaint Reachra tá a chuid is mó de'n sgéilín seo sgríobhtha.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services