An Dá Chruiteachán.
(I nGaedhilg Reachra)
Bhí dhá fhear 'n-a gcomhnaidhe i gCinn Reámh-
air aon uair amháin, Domhnall Dubh agus
Domhnall Donn.
Cruiteacháin do ba an bheirt aca, agus b'iad
na cruiteanna crádh a ndá shaoghal. Conasgar
amháin agus Domhnall ag tabhairt a bhaile na
ngamhnan, ar theacht go barr Chnuic an Fhiolair
dó, do thosnuigh ar an gceol ba bhinne agus ba
aoibhneasighe dár chuala sé riamh. D'amharc
Domhnall timcheall air agus annsin os comhair
a dhá shúl — a gcaipíní dearga ar a gcinn,
a bhfidilí, a bhfideoga, is a bpíobaí 'n-a lámh-
aibh aca, agus iad ag seinnm is ag damhsadh
ar bharr a ndíchill — ba shluagh mór sidhe. Fá
dheireadh thost ar an gceol, d'éirigh ceann de
na firíníbh, claidheamh mór ar crochadh le n-a
thaoibh síos go talamh, cleite mór uaithne 'n-a
chaipín dhearg, agus dubhairt sé, “Gabh amhrán,
a Fhéilim.” D'éirigh firín eile agus thosnuigh ag
gabháil:
“Dia Luain is Dia Máirt”
“Dia Luain is Dia Máirt”
“Dia Luain is Dia Máirt”
“Dia Luain is Dia Máirt”
“Is Dia Céadaoin!” arsa Domhnall.
“Hó! ró!” arsa firín an chleite uaithne.
“Tá ar n-amhrán seacht n-uaire níos fearr
anois! Bain an chruit de'n fhear bhocht.”
Bhaineadar an chruit de dhruim Dhomhnaill
agus chuaidh sé a bhaile chomh díreach le féag,
agus a chroidhe chomh héadtrom lé cleite.
Nuair chuala Domhnall Donn an sgéal dubh-
airt sé leis féin go dtéidheadh suas é féin
agus go bhfágfadh sé a chruit ag an sidhe-
chuideacht. An t-ath-chonasgar ar shiubhal leis
suas Cnoc an Fhiolair, díreach mar bhí an ghrian
ag dul faoi. Ag dul suas dó chuala sé an
ceol agus an damhsadh agus an firín ag gabh-
áil:
“Dia Luain, Dia Máirt, is Dia Céadaoin”
“Dia Luain, Dia Máirt, is Dia Céadaoin”
“Dia Luain, Dia Máirt, is Dia Céadaoin”
“Dia Luain, Dia Máirt, is Dia Céadaoin”
“Is Dia hAoine!” arsa Domhnaill.
“Ara, a rógaire mhí-ádhmhair,” do sgread na
firíní go léir, “tá ar n-amhrán deas millte
agat!” Agus rug siad air, agus chuir an chruit
a bhaineadar de dhruim Dhomhnaill Duibh ar a
ghuailníbh láimh le n-a chruit féin, agus chuaidh
Domhnaill bocht a bhaile go brónach, a dhá
cheann ag sguabadh an talaimh.
Fear an Oileáin.
[I gcanamhaint Reachra tá a chuid is mó de'n
sgéilín seo sgríobhtha.]