Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra an Bhosga
Title
Eachtra an Bhosga
Author(s)
Máire Nic Shíthigh,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eachtra an Bhosga. (Ó'n nGearmainis) Bhí an Barún Hardí i ngrádh le fada leis an mnaoi uasail Eleanór Brandenfels. Bhí Eleanór óg áluinn uaibhreach; bhíodh a toil féin aici i ngach nídh, agus cé go mbíodh an Barún go minic ag a tigh ní leigfeadh an t-eagla dhó innsint di go raibh sé i ngrádh léi, cé go mbíodh sé ar bharr a theangan aige i gcomhnaidhe. Acht anois ní fhéadfadh sé feitheamh níos fuide. Lá comh-ainm beirthe Eleanór do b'eadh an lá indiu, agus bhí a cáirde go léir ag cur bronntanaisí chúicí. Cheannuigh an Barún bosga misleán — bosga an-órnáideach do b'eadh é — sgríobh sé rud éigin ar a chárta cuairde, chuir an chárta isteach sa bhosga, chuir blúire páipéir 'n-a thimcheall, agus amach leis go mear fé dhéin tighe Eleanór i Sráid an Ríogh. Thug sé an bosga do'n ghiolla le hórdughadh é thabhairt gan mhoill dá mháighistreás agus d'imthigh leis féin go deithneasach. “Tuilleadh misleán,” arsa Eleanór, nuair chonnaic sí an bosga. “Cuir annsoin i dteannta na mbosgaí eile é,” ar sise nuair a thug sí súil- fhéachaint air. Do b'é an seachtmhadh bosga ar fhichead é a fuair sí indiu agus ba chuma léi cad a bhí ann nó cia chuir chúici é, bhí an oiread soin díobh aici cheana. Bhí a dhearbhráthair Roibeárd sa tseomra agus nuair a thug sé fé ndeara an neamh-shuim a chuir sí sa bhosga, do labhair sé. “A Eleanór, a chuid,” ar seisean, “do chuirfeá comaoin mhór orm dá dtabharfá cuid de na bosgaíbh sin dam-sa, cé go bhfuil ceist orm iad d'iarraidh ort.” “Mhaise, mhaise,” ar sise go maga- mhail, “an amhlaidh atá dúil agat i misleánaibh? Tusa go bhfuil súil agat bheith id' gheneral lá éigin!” Oifigeach san arm do b'eadh é. “Á! Bíodh ciall agat, a Eleanór. Is maith a thuigeann tú an sgéal. Bíonn orm bronntanas do thabhairt anois agus arís. Má chuireann daoine comaoin ort, caithfear é chúiteamh uair éigin, agus tá a fhios agat ná fághaim aon fhlúirse airgid ó n-ár n-athair. Caithim bheith ag spáráil i gcomhnaidhe, agus anois, ní bheidh aon chostas ort-sa mar gheall ar chuid aca so do thabhairt dam.” “O, bíodh cuid aca agat agus fáilte, má theastuigheann siad uait,” arsa Eleanór. “Tóg an méid a thaitneann leat. Níl aon ghnó agam-sa díobh go léir. Chaithfinn iad do thabhairt do dhuine éigin.” Chuaidh Roibeárd go dtí an bórd agus dhein sé togha ar chuid aca gan mhoill, agus suas leis go dtí a sheomra féin leo. D'fhéach sé ortha go léir, thóg sé an ceann ba dheise — an ceann a chuir Barún Hardí chun Eleanór — agus le méid an deithnis a bhí air, níor fhéach sé cad a bhí istigh ann acht chuir sé a chárta féin isteach ann agus na focla seo sgríobhtha aige air: — “A Bheatrice, a' chroidhe 'stigh, is gairid é saoghal an duine, agus dá bhrígh sin ní fiú suim do chuir i n-aon nídh eile acht amháin sa ghrádh.” Thug Roibeárd an bosga do ghiolla le n-a bhreith ag triall ar Bheatrice Schrott. Bean uasal óg nua-phósta do b'eadh í. Bhí an-mheas aici féin agus a fhear ar Roibeárd agus bhíodh sé ar cuaird 'n-a dteannta go minic. Nuair tháinic an giolla leis an mbosga, bhí Beatrice agus a fear ag féachaint air. “Ná bac le é osgailt.” arsa an fear. “Bosga ana-dheas ar fad is eadh é, agus is féidir linn maitheas do dhéanamh leis; cad déarfá dá gcuirfinn ag triall ar mhnaoi mo mháighistir é mar ‘breágh- breágh.’ — cá bhfios ná go ndéanfadh sé maitheas dam san oifig?” “An 'mdhó bliadhain d'aois bean do mháighistir?” arsa Beatrice, ag leig- int uirthi go raibh amhras aici ar a fear. “Is dóigh liom go bhfuil sí suas le trí fichid, pé sgéal é,” arsa a fear. “Cuir an bosga chúicí, má's maith leat é,” arsa a bhean. Sgríobh sé rud éigin ar a chárta, chuir an cárta isteach sa bhosga agus chuir an bosga ag triall ar Laura Guthéil, bean uasal gur fada an lá go mbeadh trí fichid bliadhain slán aici. Bean mhaith do b'eadh í, ámhthach, a bhíodh ag cuimhneamh i gcomhnaidhe cionnus a dhéanfadh sí maitheas do dhaoinibh eile. Nuair fuair sí an bosga bhí cárta 'n-a lámh aici, cárta Anna Muller, agus bhí sí ag cuimh- neamh ar Anna féin. B'í Anna an múinteoir a bhí aici féin sa bhaile. Bean bhocht do b'eadh í, acht bhí sí ana- léigheannta agus ana-cheanamhail ar Laura. Chuireadh Laura bronntanas éigin chúicí gach bliadhain, féirín éigin a thugadh sí léi nuair bhíodh sí ar a laetheanntaibh saoire, acht níor chuimhnigh sí uirthi i n-aon-chor i mbliadhna, agus bhí áithmhéal uirthi anois. Nuair fhéach sí ar an mbosga níor fhan sí le hé osgailt, acht ghlaodh- uigh sí ar sheirbhíseach go mear agus dubhairt leis an bosga do bhreith gan mhoill ag triall ar Anna Muller, i Sráid an tSléibhe, Uimhir 240. Bhí Anna Muller 'n-a comhnaidhe léi féin i seomra ar an gcúigeadh urlár de thigh lóistín. Thuig sí mórán rudaí, acht ní ró-mhaith a thuig sí cionnus dul chun cinn sa tsaoghal. Múinteoir do b'eadh í. Nuair a tháinig sí isteach an tráthnóna so agus í tuirseach tnáithte tar éis an lae, thug bainisteoir an tighe an bosga di, an bosga a chuir Laura Guthéil chúicí. Bhí áthas an domhain uirthi é fhágháil, mar ní raibh aon tsúil aici le bronntanas. Rug sí suas go dtí a seomra féin é, las an solus, agus d'osgail an bosga — ba mhithid do dhuine éigin é osgailt, bhí sé fad a dhóthain ag gabháil tim- cheall. Thuit na cártaí ar an urlár. Phioc sí suas ceann aca, agus do léigh é. Tháinig iongnadh a chroidhe uirthi nuair thuig sí cad a bhí air:— “A Eleanór a chara, tá grádh agam ort le fada. Cahuin a gheobhadh cead cainnte uait chun é innsint duit? Mise do chara go deo, Fachtna.” D'fhéach Anna ar an dtaobh eile de'n chárta agus do léigh sí: “An Barún Fachtna Hardí, Sráid 40.” A leithéid d'aiteas is bhí ar Anna ní fhaca éinne riamh. Ní raibh éinne i ngrádh léi go dtí seo. Bhí sí dachad bliadhain anois agus seo duine éigin ag cur i n-iúil di go raibh grádh aige uirthi le fada. “Go gcuiridh Dia an rath ort, a rúin mo chroidhe,” ar sise go ciúin réidh, agus do leig sí a ceann a bhí ag éirghe liath 'n-a láimh tanaidhe. Thug sí fé ndeara an dá chárta eile ar an urlár, phioc sí suas iad, d'fhéach ar ceann aca, agus do léigh:— “Graf Roibeárd Brandenfels, Oifigeach. A Bheatrice, a chroidhe istigh, is gairid é saoghal an duine, agus dá bhrígh sin, ní fiú suim do chur i n-aon nídh eile acht amháin sa ghrádh.” Do phreab an sean-mhúinteoir suas. “Seo fear eile i ngrádh liom,“ ar sise, “agus cuireann siad an dá chárta i n-aoinfheacht chugham mar dhéanfadh daoine uaisle. Cuireann duine aca i gcomórtas le Hélen mé, Hélen ban-prionnsa an Trae; agus cuireann an duine eile i gcomórtas le Beatrice mé, Beatrice gur chum an file Dante an dán binn uirthi i n-ar thug sí ‘Bláth na bhFlaitheas’ uirthi. Ó, féach air sin!” Annsoin thóg sí an tríomhadh cárta. “Ní fheadar cé hé seo?” ar sise. “Tá beirt uasal 'n-a choinnibh pé sgéal é.” Do léigh sí:— “A Laura, ná bí ró-chruaidh orm i dtaobh mo dhánaidheachta agus féachaint i n-aon chor ort agus grádh agus meas do bheith agam ort. Mise, Fachtna Schrott, Sráid Linden, Uimhir 175.” Leig Anna osna aisti: “Glaodhann sé Laura orm,” ar sise, “ag cuimh- neamh ar Petrarch a bhí sé, is dócha. Nach uasal-aigeantach an duine é!” Dhein sí machtnamh ar feadh tamaill. “Tuigim an sgéal anois,” ar sise, “cáirde is eadh an triúr so, agus tá grádh ag gach duine aca orm, acht ní maith le héinne aca aon bhuntáiste do bheith aige ar éinne eile aca, agus dá bhrígh sin is amhlaidh a cheapadar an sgéal do chur i n-iúil dam ar an gcuma so agus an togha d'fhágaint fúm féin. Tá a fhios agam-sa cad is ceart dam a dhéanamh, ámhthach. Cé go bhfuilim buidheach de gach duine aca i dtaobh grádh do thabhairt dam, ní dhéanfadh togha ar éinne ar eagla go ndéanfainn an caradas atá eatortha do bhriseadh. Níor mhaith liom é sin a dhéanamh agus iad féin chomh huasal soin, acht ní leogfadh as mo chuimhne go deo iad.” Agus bhí áthas ar an mnaoi bhoicht caithte tnáithte 'n-a seomra uaigneach; agus bhí triúir fear ag súil le freagra ar a “milis-súirighe” go raibh gach duine aca searbh de féin agus b' shin a raibh dá bharr aca. Máire Nic Shíthigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services