Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra an Bhosga

Title
Eachtra an Bhosga
Author(s)
Máire Nic Shíthigh,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Eachtra an Bhosga.



(Ó'n nGearmainis)



Bhí an Barún Hardí i ngrádh le fada
leis an mnaoi uasail Eleanór
Brandenfels. Bhí Eleanór óg áluinn
uaibhreach; bhíodh a toil féin aici i
ngach nídh, agus cé go mbíodh an
Barún go minic ag a tigh ní leigfeadh
an t-eagla dhó innsint di go raibh sé i
ngrádh léi, cé go mbíodh sé ar bharr a
theangan aige i gcomhnaidhe.



Acht anois ní fhéadfadh sé feitheamh
níos fuide. Lá comh-ainm beirthe
Eleanór do b'eadh an lá indiu, agus bhí a
cáirde go léir ag cur bronntanaisí
chúicí. Cheannuigh an Barún bosga
misleán — bosga an-órnáideach do
b'eadh é — sgríobh sé rud éigin ar a
chárta cuairde, chuir an chárta isteach
sa bhosga, chuir blúire páipéir 'n-a
thimcheall, agus amach leis go mear fé
dhéin tighe Eleanór i Sráid an Ríogh.
Thug sé an bosga do'n ghiolla le
hórdughadh é thabhairt gan mhoill dá
mháighistreás agus d'imthigh leis féin
go deithneasach.



“Tuilleadh misleán,” arsa Eleanór,
nuair chonnaic sí an bosga. “Cuir
annsoin i dteannta na mbosgaí eile
é,” ar sise nuair a thug sí súil-
fhéachaint air. Do b'é an seachtmhadh
bosga ar fhichead é a fuair sí indiu agus
ba chuma léi cad a bhí ann nó cia chuir
chúici é, bhí an oiread soin díobh aici
cheana.



Bhí a dhearbhráthair Roibeárd sa
tseomra agus nuair a thug sé fé
ndeara an neamh-shuim a chuir sí sa
bhosga, do labhair sé.



“A Eleanór, a chuid,” ar seisean,
“do chuirfeá comaoin mhór orm dá
dtabharfá cuid de na bosgaíbh sin
dam-sa, cé go bhfuil ceist orm iad
d'iarraidh ort.”



“Mhaise, mhaise,” ar sise go maga-
mhail, “an amhlaidh atá dúil agat i
misleánaibh? Tusa go bhfuil súil agat
bheith id' gheneral lá éigin!” Oifigeach
san arm do b'eadh é.



“Á! Bíodh ciall agat, a Eleanór.
Is maith a thuigeann tú an sgéal.
Bíonn orm bronntanas do thabhairt
anois agus arís. Má chuireann daoine
comaoin ort, caithfear é chúiteamh uair
éigin, agus tá a fhios agat ná fághaim
aon fhlúirse airgid ó n-ár n-athair.
Caithim bheith ag spáráil i gcomhnaidhe,
agus anois, ní bheidh aon chostas ort-sa
mar gheall ar chuid aca so do thabhairt
dam.”



“O, bíodh cuid aca agat agus fáilte,
má theastuigheann siad uait,” arsa
Eleanór. “Tóg an méid a thaitneann
leat. Níl aon ghnó agam-sa díobh go
léir. Chaithfinn iad do thabhairt do
dhuine éigin.”



Chuaidh Roibeárd go dtí an bórd
agus dhein sé togha ar chuid aca gan
mhoill, agus suas leis go dtí a sheomra
féin leo. D'fhéach sé ortha go léir,
thóg sé an ceann ba dheise — an ceann
a chuir Barún Hardí chun Eleanór —
agus le méid an deithnis a bhí air,
níor fhéach sé cad a bhí istigh ann acht
chuir sé a chárta féin isteach ann agus
na focla seo sgríobhtha aige air: —
“A Bheatrice, a' chroidhe 'stigh, is
gairid é saoghal an duine, agus dá
bhrígh sin ní fiú suim do chuir i n-aon
nídh eile acht amháin sa ghrádh.”



Thug Roibeárd an bosga do ghiolla
le n-a bhreith ag triall ar Bheatrice
Schrott. Bean uasal óg nua-phósta
do b'eadh í. Bhí an-mheas aici féin
agus a fhear ar Roibeárd agus
bhíodh sé ar cuaird 'n-a dteannta go
minic.



Nuair tháinic an giolla leis an
mbosga, bhí Beatrice agus a fear ag
féachaint air. “Ná bac le é osgailt.”
arsa an fear. “Bosga ana-dheas ar
fad is eadh é, agus is féidir linn
maitheas do dhéanamh leis; cad
déarfá dá gcuirfinn ag triall ar
mhnaoi mo mháighistir é mar ‘breágh-
breágh.’ — cá bhfios ná go ndéanfadh sé
maitheas dam san oifig?”



“An 'mdhó bliadhain d'aois bean do
mháighistir?” arsa Beatrice, ag leig-
int uirthi go raibh amhras aici ar a
fear.



“Is dóigh liom go bhfuil sí suas le
trí fichid, pé sgéal é,” arsa a fear.



“Cuir an bosga chúicí, má's maith
leat é,” arsa a bhean.



Sgríobh sé rud éigin ar a chárta,
chuir an cárta isteach sa bhosga agus
chuir an bosga ag triall ar Laura
Guthéil, bean uasal gur fada an lá
go mbeadh trí fichid bliadhain slán
aici. Bean mhaith do b'eadh í, ámhthach,
a bhíodh ag cuimhneamh i gcomhnaidhe
cionnus a dhéanfadh sí maitheas do
dhaoinibh eile. Nuair fuair sí an
bosga bhí cárta 'n-a lámh aici, cárta
Anna Muller, agus bhí sí ag cuimh-
neamh ar Anna féin. B'í Anna an
múinteoir a bhí aici féin sa bhaile.
Bean bhocht do b'eadh í, acht bhí sí ana-
léigheannta agus ana-cheanamhail ar
Laura. Chuireadh Laura bronntanas
éigin chúicí gach bliadhain, féirín éigin
a thugadh sí léi nuair bhíodh sí ar a
laetheanntaibh saoire, acht níor
chuimhnigh sí uirthi i n-aon-chor i
mbliadhna, agus bhí áithmhéal uirthi
anois. Nuair fhéach sí ar an mbosga
níor fhan sí le hé osgailt, acht ghlaodh-
uigh sí ar sheirbhíseach go mear agus
dubhairt leis an bosga do bhreith gan
mhoill ag triall ar Anna Muller, i
Sráid an tSléibhe, Uimhir 240.



Bhí Anna Muller 'n-a comhnaidhe léi
féin i seomra ar an gcúigeadh urlár
de thigh lóistín. Thuig sí mórán rudaí,
acht ní ró-mhaith a thuig sí cionnus dul
chun cinn sa tsaoghal. Múinteoir do
b'eadh í. Nuair a tháinig sí isteach an
tráthnóna so agus í tuirseach tnáithte
tar éis an lae, thug bainisteoir an
tighe an bosga di, an bosga a chuir
Laura Guthéil chúicí. Bhí áthas an
domhain uirthi é fhágháil, mar ní raibh
aon tsúil aici le bronntanas. Rug
sí suas go dtí a seomra féin é, las
an solus, agus d'osgail an bosga —
ba mhithid do dhuine éigin é osgailt,
bhí sé fad a dhóthain ag gabháil tim-
cheall. Thuit na cártaí ar an urlár.
Phioc sí suas ceann aca, agus do léigh
é. Tháinig iongnadh a chroidhe uirthi
nuair thuig sí cad a bhí air:—



“A Eleanór a chara, tá grádh agam
ort le fada. Cahuin a gheobhadh cead
cainnte uait chun é innsint duit?
Mise do chara go deo, Fachtna.”



D'fhéach Anna ar an dtaobh eile de'n
chárta agus do léigh sí: “An Barún
Fachtna Hardí, Sráid 40.”



A leithéid d'aiteas is bhí ar Anna ní
fhaca éinne riamh. Ní raibh éinne i
ngrádh léi go dtí seo. Bhí sí dachad
bliadhain anois agus seo duine éigin
ag cur i n-iúil di go raibh grádh aige
uirthi le fada. “Go gcuiridh Dia an
rath ort, a rúin mo chroidhe,” ar sise go
ciúin réidh, agus do leig sí a ceann a
bhí ag éirghe liath 'n-a láimh tanaidhe.
Thug sí fé ndeara an dá chárta eile
ar an urlár, phioc sí suas iad, d'fhéach
ar ceann aca, agus do léigh:—



“Graf Roibeárd Brandenfels,
Oifigeach. A Bheatrice, a chroidhe
istigh, is gairid é saoghal an duine,
agus dá bhrígh sin, ní fiú suim do chur
i n-aon nídh eile acht amháin sa ghrádh.”



Do phreab an sean-mhúinteoir suas.
“Seo fear eile i ngrádh liom,“ ar
sise, “agus cuireann siad an dá
chárta i n-aoinfheacht chugham mar
dhéanfadh daoine uaisle. Cuireann
duine aca i gcomórtas le Hélen mé,
Hélen ban-prionnsa an Trae; agus
cuireann an duine eile i gcomórtas
le Beatrice mé, Beatrice gur chum
an file Dante an dán binn uirthi i
n-ar thug sí ‘Bláth na bhFlaitheas’
uirthi. Ó, féach air sin!”



Annsoin thóg sí an tríomhadh
cárta.



“Ní fheadar cé hé seo?” ar sise.
“Tá beirt uasal 'n-a choinnibh pé
sgéal é.”



Do léigh sí:—



“A Laura, ná bí ró-chruaidh orm i
dtaobh mo dhánaidheachta agus féachaint
i n-aon chor ort agus grádh agus meas
do bheith agam ort. Mise, Fachtna
Schrott, Sráid Linden, Uimhir 175.”



Leig Anna osna aisti: “Glaodhann
sé Laura orm,” ar sise, “ag cuimh-
neamh ar Petrarch a bhí sé, is dócha.
Nach uasal-aigeantach an duine é!”



Dhein sí machtnamh ar feadh tamaill.



“Tuigim an sgéal anois,” ar sise,
“cáirde is eadh an triúr so, agus tá
grádh ag gach duine aca orm, acht ní
maith le héinne aca aon bhuntáiste do
bheith aige ar éinne eile aca, agus dá
bhrígh sin is amhlaidh a cheapadar an
sgéal do chur i n-iúil dam ar an
gcuma so agus an togha d'fhágaint
fúm féin. Tá a fhios agam-sa cad is
ceart dam a dhéanamh, ámhthach. Cé
go bhfuilim buidheach de gach duine aca
i dtaobh grádh do thabhairt dam,
ní dhéanfadh togha ar éinne ar eagla
go ndéanfainn an caradas atá
eatortha do bhriseadh. Níor mhaith liom
é sin a dhéanamh agus iad féin chomh
huasal soin, acht ní leogfadh as mo
chuimhne go deo iad.”



Agus bhí áthas ar an mnaoi bhoicht
caithte tnáithte 'n-a seomra uaigneach;
agus bhí triúir fear ag súil le freagra
ar a “milis-súirighe” go raibh gach
duine aca searbh de féin agus b' shin
a raibh dá bharr aca.



Máire Nic Shíthigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services