Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bheidhlíní
Title
Bheidhlíní
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Bheidhlíní Ag trácht ar bheidhlíníbh agus ar lucht a ndéanta chím sa pháipéar go raibh fuireann i mBaile Átha Cliath a bhíodh á ndéanamh fad ó. Ní fheadar an bhféadfaidhe tosnughadh ar an ghnó soin arís. Is eol damh-sa leath-dhosaon daoine a cheannóchadh bheidhlíní nua dá mbeadh a leithéidí ar fágháil de'n déantús dúthchais. Ní bheidhleadóir mé féin acht 'n-a dhiaidh soin ní hannamh mé 'om' chiapadh ag an dtreibh. Ní haon chúrsaí grinn d'fhile “bheag bhuidhe“ triúr nó ceathrar aca súd a bhualadh isteach chuige tráthnóna Domhnaigh; bosca fé'n ascail ag gach preabaire aca; bheidhlín i ngach bosca aca súd, agus faobhar ar na preabairíbh chun seanma. Seo mar a dheintear an seódh. Oscailtear na boscaí. Árduighthear na bheidhlíní as an boscaibh. Beirtear ar na boghannaibh. Annsoin deir Raidhrí “haon, dó, trí!” agus tairng- thear bogha thar sreing agus is gnáthach do gach ball troscáin fé iadh an tseomra boc-léim a thabhairt tré mhéid na tóirnighe sin. “Tá th'inneal-sa a ghléas, a Phár- thóláin,” adeir Raidhrí. “Tabhair dúinn A air siúd,” adeir Párthólán. “Taoi-se ró-árd, a Raidhrí.” “É siúd atá ró-íseal; árduigh é. Seo dhuit arís.” Cromaid siad ar na nótaibh fada fíochmhara mar bheadh cráidhteacháin leanbhaí ag comh-bhéicidh, go mbíd ar éan-nóta. Annsoin beireann gach duine aca greidhm ar a bheidhlín féin is cuireann i ngléas é. Chuige seo ní fuláir an bogha a tharraint thar dhá shreing i n-éinfheacht. An fhaid a bhíonn so ar siubhal airighim-se im' chluais fiche céad Dréimire Cromadach agus fiche céad dréimire eile ná fuil cromadach. Le linn na haimsire seo go léir do tógadh anuas de'n bhalla dhá bheidhlín an tighe. Is annamh riamh a bhíd i ngléas ionnta féin gan trácht ar éan-chór ar chomh-ghléas eatortha. Ní fuláir iad- san a chur ar freagairt do'n dá bheidhlín tosaigh. Mara mbíonn againn tóirneach is béicidh, búirthigh is méilidh, amhastraigh is liúirigh is péinn- screadaigh! A Thiarcais, do bhodhr- faidís aonach! D'éis a lán dá dhuadh, agus díreach nuair a bhíonn deireadh na foidhne caithte agam-sa, tagaid na maisíní le chéile, agus le corp haon-dó-trí ó Raidhrí scaoiltear i n-éinfheacht iad chun “An Drúcht Geal-Cheoidh.” Is gearr a théidhtear nuair a bhriseann sreang de phreib. A bhuidhe le Dia go bhfaghaim greas éigin de'n tsuaim- neas. Ní baoghal go dtabharfad-sa choidhche fé'n bheidhlín d'fhoghluim. Is ró- dheacair é chongbháil i ngléas. Má bhítear á ndéanamh i mBaile Átha Cliath arís b'fhéidir go gceannóchainn ceann chun é chur im' sheód-bholg. Acht d'éis a bhfaghain de chrádh is de bhriseadh chroidhe ó bheidhlíníbh, níor bheag liom dom' dhearg-námhaid oidche de sna hoidhcheantaibh úd, daréag bheidh- leadóirí i n-a thimcheall, agus a nglór 'n-a chluais ag luascadh i n-éinfheacht. Tórna.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services