Bheidhlíní
Ag trácht ar bheidhlíníbh agus ar lucht
a ndéanta chím sa pháipéar go raibh
fuireann i mBaile Átha Cliath a bhíodh
á ndéanamh fad ó. Ní fheadar an
bhféadfaidhe tosnughadh ar an ghnó soin
arís. Is eol damh-sa leath-dhosaon
daoine a cheannóchadh bheidhlíní nua dá
mbeadh a leithéidí ar fágháil de'n
déantús dúthchais.
Ní bheidhleadóir mé féin acht 'n-a
dhiaidh soin ní hannamh mé 'om' chiapadh
ag an dtreibh. Ní haon chúrsaí grinn
d'fhile “bheag bhuidhe“ triúr nó
ceathrar aca súd a bhualadh isteach
chuige tráthnóna Domhnaigh; bosca fé'n
ascail ag gach preabaire aca; bheidhlín
i ngach bosca aca súd, agus faobhar
ar na preabairíbh chun seanma.
Seo mar a dheintear an seódh.
Oscailtear na boscaí. Árduighthear
na bheidhlíní as an boscaibh. Beirtear
ar na boghannaibh. Annsoin deir
Raidhrí “haon, dó, trí!” agus tairng-
thear bogha thar sreing agus is gnáthach
do gach ball troscáin fé iadh an
tseomra boc-léim a thabhairt tré
mhéid na tóirnighe sin.
“Tá th'inneal-sa a ghléas, a Phár-
thóláin,” adeir Raidhrí.
“Tabhair dúinn A air siúd,” adeir
Párthólán.
“Taoi-se ró-árd, a Raidhrí.”
“É siúd atá ró-íseal; árduigh é.
Seo dhuit arís.”
Cromaid siad ar na nótaibh fada
fíochmhara mar bheadh cráidhteacháin
leanbhaí ag comh-bhéicidh, go mbíd ar
éan-nóta. Annsoin beireann gach
duine aca greidhm ar a bheidhlín féin
is cuireann i ngléas é. Chuige seo ní
fuláir an bogha a tharraint thar dhá
shreing i n-éinfheacht. An fhaid a bhíonn
so ar siubhal airighim-se im' chluais
fiche céad Dréimire Cromadach agus
fiche céad dréimire eile ná fuil
cromadach.
Le linn na haimsire seo go léir do
tógadh anuas de'n bhalla dhá bheidhlín an
tighe. Is annamh riamh a bhíd i ngléas
ionnta féin gan trácht ar éan-chór ar
chomh-ghléas eatortha. Ní fuláir iad-
san a chur ar freagairt do'n dá
bheidhlín tosaigh. Mara mbíonn
againn tóirneach is béicidh, búirthigh is
méilidh, amhastraigh is liúirigh is péinn-
screadaigh! A Thiarcais, do bhodhr-
faidís aonach!
D'éis a lán dá dhuadh, agus díreach
nuair a bhíonn deireadh na foidhne
caithte agam-sa, tagaid na maisíní le
chéile, agus le corp haon-dó-trí ó
Raidhrí scaoiltear i n-éinfheacht iad
chun “An Drúcht Geal-Cheoidh.” Is gearr
a théidhtear nuair a bhriseann sreang
de phreib. A bhuidhe le Dia go
bhfaghaim greas éigin de'n tsuaim-
neas.
Ní baoghal go dtabharfad-sa choidhche
fé'n bheidhlín d'fhoghluim. Is ró-
dheacair é chongbháil i ngléas. Má
bhítear á ndéanamh i mBaile Átha
Cliath arís b'fhéidir go gceannóchainn
ceann chun é chur im' sheód-bholg. Acht
d'éis a bhfaghain de chrádh is de bhriseadh
chroidhe ó bheidhlíníbh, níor bheag liom
dom' dhearg-námhaid oidche de sna
hoidhcheantaibh úd, daréag bheidh-
leadóirí i n-a thimcheall, agus a nglór
'n-a chluais ag luascadh i n-éinfheacht.
Tórna.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11