Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eagla Roimhe Chogadh
Title
Eagla Roimhe Chogadh
Author(s)
Ceann Fhaolaigh,
Pen Name
Ceann Fhaolaigh
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eagla Roimhe Chogadh Ba mhór an eagla bhíodh ar dhaoinibh tá leith-chéad bliadhain ó shoin roimhe an chogadh i dTír Chonaill. Castar ort go dtí an lá tá indiu ann sean- duine agus bíonn eagla a bháis air go dtiocfaidh an cogadh sul a bhfuighidh sé bás. Mura bhfeicfidhe acht long ag tarraingt ar phort le cóir ghaoithe tá trí fichid bliadhain ó shoin ann ní fhan- fadh duine ná páiste cois chladaigh nach dteichfeadh ag deánamh go rabh an tóir 'n-a ndiaidh. Ar na cnocaibh bhéarfaidhe aghaidh i gcomhnaidhe. Bhí sé sa tarngaireacht go rabh a leithéid seo d'áit i measg na sléibhte agus go rabh an oiread seo daoine sa sábháil ann nuair thiocfadh an cogadh. Is mór an tsuim a chuirtear indiu fhéin sa rud a dtugtar “Tarngair- eacht Chuilm Chille” air. Má tá áit a mbíonn sean-fhear a bhfuil beagán léighinn aige 'tchífidh tú é oidhche gheimhridh agus a leabhar aige 'n-a láimh agus é ag léigheamh do sgaifte sean-fhear eile agus iad 'n-a suidhe thart fá theinidh mhóir mhónadh. Rud ar bith nach mbíonn so-thuigthe bhéarfaidh sé fá n-a mhíniughadh daobhtha. Agus creid mise gur beag a chaillfear ar a lucht éisteachta. Bíonn gach a'n dhuine aca ag teacht a bhaile dó ábalta an rud a bhí sa “Tarngair- eacht” a innse chomh maith is dá mbadh as an leabhar a bhéadh sé 'ghá léigheamh. Agus is minic a bhíonn sgéal le cuid aca nár baineadh as an leabhar ar chor ar bith. Is annamh chluintear trácht ar rud ar bith go dtuitfidh a leithéid siúd nó a leithéid seo amach i n-áit éighineacht. Tháinig sith-mhaoir a chomhnaidhe tráth go dtí áit iargcúlach nach bhfacthas a leithéidí ariamh aroimhe ann. Chomh luath agus bhí curtha fútha aca ann bhí sé sa “Tarngaireacht” nach dtiocfadh an cogadh choidhche go mbéadh péas ag fanacht annso. “D'imthigh sin agus tháinig seo,” mar deireadh an seanchaidhe. D'imthigh na sith-mhaoir agus tháinig bean bhán- ruadh 'n-a n-áit. Chuir sí suas siopa ann. Bhí sé sa “Tarngaireacht” annsin go mbéadh siopa ag bean bhan- ruadh annso, sul a dtiocfadh an cogadh. Tá an bhean bhán-ruadh ann go fóill, agus má thig an cogadh, cinnte tioc- faidh sé le n-a linn. I ndiaidh sin is uilig ní thiocfadh an cogadh go riothfadh “An Mhuc Dhubh” thríd Ghleann na Muice Duibhe. Deir cuid de na sean-daoinibh gurab í an traen “An Mhuc Dhubh” agus go dtáinig an méad sin de'n “Tarn- gaireacht” isteach fíor. Bhí sgaifte fear ag obair fá bhun chnuic uair. Níl a fhios agam anois caidé seo bhí siad a dhéanamh. Is cosamhail go dtáinig tuile anuas ó thaoibh an chnuic ortha agus gur bh'éigean daobhtha teicheadh agus a gcuid uirnis a fhágáil 'n-a ndiaidh. Thóg an tuile na huirnis leis amach 'un na fairrge. Bhí sé sa “tarngaireacht” annsin go rabh a leithéid sin le theacht. Bhí cuid de an sean-daoinibh iad fhéin a ghníodh tarngaireacht. Bhí sean- bhean amháin ann agus is iomdha rud a dtearn sí tarngaireacht air. Dubhairt sí uair nach dtiocfadh an cogadh choidhche go racadh an maide mullaigh ar Éirinn. Agus is é an maide mull- aigh na maidí seo a bhfuil na sreangáin ar a mbarraibh. Ba i bhfilidheacht a ghnítí tarngair- eacht beag nach i gcomhnaidhe. An bhean seo ar labhras uirthi thuas, dubhairt sí am eile: — “Ros-Sgaithte, Ros-Sgaithte tioc- faidh an bhias do bheith caithte, Le linn na bhfear bhfionn go dtioc- faidh an tonn thar Ros-Sgaithte.” Agus b'fhíor di. Tháinig an méad sin fíor ar sgor ar bith. Tá deich mbliadhna fhichead ó shoin ní raibh na tonna ag glanadh thaire Ros-Sgaithte. Acht, anois, briseann an tonn i n-a cubhar gheal bhán air agus cuireann i gcuimhne do'n té a chualaidh an tarngaireacht, go rabh am ann agus nach é uisge na mara bhí ag déanamh cubhair ar Ros-Sgaithte. Tá an cogadh ann anois. Ná bíodh eagla orainn roimhe, acht téidheadh gach duine amach gléasta i n-a chulaith chatha gan an bheag ná an mhór de bheag- uchtach air. Ná imthigheadh duine ar bith i bhfolach i measg na sléibhte. Má théidhtear trid na sléibhte, téidhtear ann a chuartughadh lóin cogaidh. Nuair gheibhthear é tugtar linn é agus coinn- igheadh sinn go cúramach é. Má ghníthear sin, níl baoghal nach ruaig- fear ár náimhde agus go dtiocfadh solus gléigeal Neimhe anuas ar Insula Scotorum. Ceann Fhaolaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services