Eagla Roimhe Chogadh
Ba mhór an eagla bhíodh ar dhaoinibh
tá leith-chéad bliadhain ó shoin roimhe
an chogadh i dTír Chonaill. Castar
ort go dtí an lá tá indiu ann sean-
duine agus bíonn eagla a bháis air go
dtiocfaidh an cogadh sul a bhfuighidh sé
bás.
Mura bhfeicfidhe acht long ag
tarraingt ar phort le cóir ghaoithe tá
trí fichid bliadhain ó shoin ann ní fhan-
fadh duine ná páiste cois chladaigh
nach dteichfeadh ag deánamh go rabh an
tóir 'n-a ndiaidh. Ar na cnocaibh
bhéarfaidhe aghaidh i gcomhnaidhe. Bhí sé
sa tarngaireacht go rabh a leithéid
seo d'áit i measg na sléibhte agus go
rabh an oiread seo daoine sa sábháil
ann nuair thiocfadh an cogadh.
Is mór an tsuim a chuirtear indiu
fhéin sa rud a dtugtar “Tarngair-
eacht Chuilm Chille” air. Má tá áit a
mbíonn sean-fhear a bhfuil beagán
léighinn aige 'tchífidh tú é oidhche
gheimhridh agus a leabhar aige 'n-a
láimh agus é ag léigheamh do sgaifte
sean-fhear eile agus iad 'n-a suidhe
thart fá theinidh mhóir mhónadh. Rud ar
bith nach mbíonn so-thuigthe bhéarfaidh
sé fá n-a mhíniughadh daobhtha. Agus
creid mise gur beag a chaillfear ar
a lucht éisteachta. Bíonn gach a'n
dhuine aca ag teacht a bhaile dó
ábalta an rud a bhí sa “Tarngair-
eacht” a innse chomh maith is dá mbadh
as an leabhar a bhéadh sé 'ghá léigheamh.
Agus is minic a bhíonn sgéal le cuid
aca nár baineadh as an leabhar ar chor
ar bith.
Is annamh chluintear trácht ar rud
ar bith go dtuitfidh a leithéid siúd nó
a leithéid seo amach i n-áit éighineacht.
Tháinig sith-mhaoir a chomhnaidhe tráth
go dtí áit iargcúlach nach bhfacthas a
leithéidí ariamh aroimhe ann. Chomh luath
agus bhí curtha fútha aca ann bhí sé sa
“Tarngaireacht” nach dtiocfadh an
cogadh choidhche go mbéadh péas ag
fanacht annso.
“D'imthigh sin agus tháinig seo,”
mar deireadh an seanchaidhe. D'imthigh
na sith-mhaoir agus tháinig bean bhán-
ruadh 'n-a n-áit. Chuir sí suas siopa
ann. Bhí sé sa “Tarngaireacht”
annsin go mbéadh siopa ag bean bhan-
ruadh annso, sul a dtiocfadh an cogadh.
Tá an bhean bhán-ruadh ann go fóill,
agus má thig an cogadh, cinnte tioc-
faidh sé le n-a linn.
I ndiaidh sin is uilig ní thiocfadh an
cogadh go riothfadh “An Mhuc Dhubh”
thríd Ghleann na Muice Duibhe. Deir
cuid de na sean-daoinibh gurab í an
traen “An Mhuc Dhubh” agus go
dtáinig an méad sin de'n “Tarn-
gaireacht” isteach fíor.
Bhí sgaifte fear ag obair fá bhun
chnuic uair. Níl a fhios agam anois
caidé seo bhí siad a dhéanamh. Is
cosamhail go dtáinig tuile anuas ó
thaoibh an chnuic ortha agus gur bh'éigean
daobhtha teicheadh agus a gcuid uirnis
a fhágáil 'n-a ndiaidh. Thóg an tuile
na huirnis leis amach 'un na fairrge.
Bhí sé sa “tarngaireacht” annsin go
rabh a leithéid sin le theacht.
Bhí cuid de an sean-daoinibh iad
fhéin a ghníodh tarngaireacht. Bhí sean-
bhean amháin ann agus is iomdha rud a
dtearn sí tarngaireacht air. Dubhairt
sí uair nach dtiocfadh an cogadh
choidhche go racadh an maide mullaigh
ar Éirinn. Agus is é an maide mull-
aigh na maidí seo a bhfuil na sreangáin
ar a mbarraibh.
Ba i bhfilidheacht a ghnítí tarngair-
eacht beag nach i gcomhnaidhe. An bhean
seo ar labhras uirthi thuas, dubhairt sí
am eile: —
“Ros-Sgaithte, Ros-Sgaithte tioc-
faidh an bhias do bheith caithte,
Le linn na bhfear bhfionn go dtioc-
faidh an tonn thar Ros-Sgaithte.”
Agus b'fhíor di. Tháinig an méad sin
fíor ar sgor ar bith. Tá deich
mbliadhna fhichead ó shoin ní raibh na
tonna ag glanadh thaire Ros-Sgaithte.
Acht, anois, briseann an tonn i n-a
cubhar gheal bhán air agus cuireann
i gcuimhne do'n té a chualaidh an
tarngaireacht, go rabh am ann agus
nach é uisge na mara bhí ag déanamh
cubhair ar Ros-Sgaithte.
Tá an cogadh ann anois. Ná bíodh
eagla orainn roimhe, acht téidheadh gach
duine amach gléasta i n-a chulaith chatha
gan an bheag ná an mhór de bheag-
uchtach air. Ná imthigheadh duine ar
bith i bhfolach i measg na sléibhte. Má
théidhtear trid na sléibhte, téidhtear
ann a chuartughadh lóin cogaidh. Nuair
gheibhthear é tugtar linn é agus coinn-
igheadh sinn go cúramach é. Má
ghníthear sin, níl baoghal nach ruaig-
fear ár náimhde agus go dtiocfadh
solus gléigeal Neimhe anuas ar Insula
Scotorum.
Ceann Fhaolaigh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11