Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ag Smaoitiughadh ar Árdán os cionn na Mara
Title
Ag Smaoitiughadh ar Árdán os cionn na Mara
Author(s)
Ceann Fhaolaigh,
Pen Name
Ceann Fhaolaigh
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ag Smaoitiughadh ar Árdán os cionn na Mara. Maidin chiúin nach raibh an oiread gaoithe ann is bhogfadh gruag do chinn a bhí ann. Amach liom fhéin síos os cionn na fairrge. Bhí driúchta trom ar an fhéar i ndiaidh na hoidhche. Comhgarach dam bhí páirc fhéarmhar a rabh uain ag léimnigh agus caoirigh ag meidhealaigh innti. Casadh neoinín orm. Badh é an chéad neoinín a chonnaic mé i mbliadhna é. Tógadh mo chroidhe. Bhí a fhios agam go rabh aimsear fhuar dhoineannta an Gheimhridh thart, agus go rabh laethe breaghtha an Earraigh ag teacht, nuair a bhí na neoiníní ag tóg- áil a gcinn os cionn talaimh. Tá tráigh dheas ghainimh ar mo chúl. Tig tonn isteach i ndiaidh tuinne agus briseann i n-a gcubhar gheal bhán uirthi. Nach ceolmhar an tuaim atá leo! Acht ní ceolmhaire é 'na tuaim na dtonn ag briseadh ar thráigh nó i n-éadan binne ar oileán mara agus mé 'mo ghasúr. Tá an geamhar ag nochtughadh cheana féin os cionn talaimh. Éirigheann fuiseog as an fhéar agus siúd suas san aer í agus í ag gabháil cheoil go binn. Cluinfear an teanga Ghaedhilge dá léigheadh go fóill go blasta binn mar cheol na fuiseoige seo. Tá eallach ag ingheilt ar gach a'n taoibh díom. Is craosach atá siad ag slugadh an fhéir óig. Acht fásfaidh sé ar ais aríst agus slugfar é lán chomh craosach. Siubhailim liom go dtigim fhad le cnocán cruinn féarmhar. Árduighim an cnocán. Tigim i gcionn tamaill go fíor-mhullach an árdáin agus seas- aim ag amharc na gceithre n-áird 'mo thimcheall. Soir romham tá an fhairrge mhór dá dtugadh ár sinnsear “An Mhuir nIocht” uirthi. Níl sí gan báid a bheith uirthi ar maidin indiu. Tá suas le céad aca faoi sheol ann. Cuid aca atá ag tarraingt go mall ar phort: cuid eile aca atá ag fágáil puirt agus atá ag gabháil amach go domhan san fhairrge dh'iasgaireacht. B'fhearr liom go mbeinn i gcionn aca an mhaidin bhreagh seo agus í ag imtheacht go deas éadtrom ar bharr na fairrge. Acht ar m'fhocal dhuit go mb'fhearr liom a bheith san áit a bhfuil mé lá fuar doineannta 'ná bheith 'mo shuidhe i gcionn aca. Is iongantach a bhfuil d'éanachaibh fá'n fhairrge. Tá cuid aca dá ngrian- adh fhéin ar charraigeachaibh loma dubha agus cuid eile ag snámh ar bhrághaid na mara. Anois agus aríst téid éan mór dubh síos san uisge agus tig sé aníos aríst agus iasg i n-a bhéal. Acht caidé bheir orm bheith ag cainnt? Níl críoch ar dhóigheannaibh an Dúilimh. Suas ó dheas uaim tá Binn Éadair. Níl ann acht gur léar damh é. Ba mhór an cion a bhí ag ár sinnsear ar Bhinn Éadair. Ní thig liom gan smaoitiughadh ar Art Mac Cubhthaigh nuair a tháinig “an aisling bhéil-bhinn” dá fhéachaint. Chonnaic sé “an Ghaedhilg uilig dá tréigbheál agus caismirt Bhéarla i mbeol gach aoin.” Dá mbéadh sé ann anois fhéin chluin- feadh sé “caismirt Bhéarla i mbeol gach aoin,” acht ní shaoilim go n-abhradh sé go rabh “an Ghaedhilg uilig dá tréigbheál.” Thart siar leis an ghréin liom go dtigidh sléibhte Chuailnge faoi mo shúlaibh. Siúd Sliabh gCuilinn ag árdughadh a chinn os a gcinn uilig. Ó, nach breagh árd an sliabh é! Ba ar a fhíor-mhullach a rugthas ar an Liath Macha i ndiaidh a theacht amach as an loch atá ann. Dar liom go bhfeicim an Tarbh Donn ag siubhal na sléibhte céadna údaidh indiu. Is beag a shaoileann sé go dtiocfaidh sgrios ar Chúige Chonchubhair dá bharr. Trasna na Bóinne agus anuas Mágh Mhuir- theimhne tig Meadhbh le n-a harm mór agus cuirfidh sí Cúige Uladh faoi n-a cois mura gcuirfear cosg léithi. Tig Cúchulainn agus Laochraidhe na Craoibhe Ruaidhe aníos i n-a haircis. Ní fada thig sí nuair a léimeann an gaisgidheach chródha agus an laoch míleanta i measg a cuid fear agus toisigheann dá dtreasgairt go bhfágtar ar lár a lán aca. Agus sa deireadh thiar thall tuiteann a fhear muinnteardha fhéin le Cúchulainn. Is í Meadhbh is ceann- tsiocair le n-a thuitim. Preabaim agus tugaim súil thart go tapaidh. Tá dhá bhuin ag troid fá shlait díom. Cailltear an aisling. Sin má's rud gurbh' aisling í. I n-áit a bheith ag amharc ar Chúchulainn ag gabháil thríd a námhad mar bhéadh péist mhór ag ghabháil thríd chnap sgadán, nó seabhac ag gabháil thair sgaifte de mhion-éanachaibh gheibhim mé fhéin i measg na námhad is salaighe agus is tréine dá dtáinig go hÉirinn ariamh. An Ghalldacht a thugadh ar sinnsear uasal air. Acht ní cóir dhúinn ár misneach a chailleadh. Táthar ag glanadh na námhad amach as ár measg. Is iomdha laoch míleanta agus gaisgidheach cródha indiu atá ag cartadh an ghalair agus ag fágáil an bhealaigh glan romhainn. Agus ní móide gur lughaidhe an ball i n-ar chaith Chúchulainn a óige i ngaisgidheach- aibh tréana 'ná aon bhall eile i nInis Banba. Nuair a chastar Cúchulainn eile i n-ár measg bíodh sé ar n-a fhaithchéill nach i n-aghaidh a mhuinntir fhéin a thóg- fas sé a lámh, acht i n-aghaidh a námhad. Má ghníthear sin ní bhéidh cúis bróin ann nuair bhéas an cogadh thart. Ceann Fhaolaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services