Ag Smaoitiughadh ar Árdán
os cionn na Mara.
Maidin chiúin nach raibh an oiread
gaoithe ann is bhogfadh gruag do chinn
a bhí ann. Amach liom fhéin síos os
cionn na fairrge. Bhí driúchta trom
ar an fhéar i ndiaidh na hoidhche.
Comhgarach dam bhí páirc fhéarmhar a
rabh uain ag léimnigh agus caoirigh ag
meidhealaigh innti. Casadh neoinín orm.
Badh é an chéad neoinín a chonnaic mé
i mbliadhna é. Tógadh mo chroidhe. Bhí
a fhios agam go rabh aimsear fhuar
dhoineannta an Gheimhridh thart, agus go
rabh laethe breaghtha an Earraigh ag
teacht, nuair a bhí na neoiníní ag tóg-
áil a gcinn os cionn talaimh. Tá
tráigh dheas ghainimh ar mo chúl. Tig
tonn isteach i ndiaidh tuinne agus
briseann i n-a gcubhar gheal bhán uirthi.
Nach ceolmhar an tuaim atá leo! Acht
ní ceolmhaire é 'na tuaim na dtonn ag
briseadh ar thráigh nó i n-éadan binne
ar oileán mara agus mé 'mo ghasúr.
Tá an geamhar ag nochtughadh cheana
féin os cionn talaimh. Éirigheann
fuiseog as an fhéar agus siúd suas san
aer í agus í ag gabháil cheoil go binn.
Cluinfear an teanga Ghaedhilge dá
léigheadh go fóill go blasta binn mar
cheol na fuiseoige seo. Tá eallach ag
ingheilt ar gach a'n taoibh díom. Is
craosach atá siad ag slugadh an fhéir
óig. Acht fásfaidh sé ar ais aríst
agus slugfar é lán chomh craosach.
Siubhailim liom go dtigim fhad le
cnocán cruinn féarmhar. Árduighim
an cnocán. Tigim i gcionn tamaill
go fíor-mhullach an árdáin agus seas-
aim ag amharc na gceithre n-áird 'mo
thimcheall. Soir romham tá an fhairrge
mhór dá dtugadh ár sinnsear “An
Mhuir nIocht” uirthi. Níl sí gan báid a
bheith uirthi ar maidin indiu. Tá suas
le céad aca faoi sheol ann. Cuid aca
atá ag tarraingt go mall ar phort:
cuid eile aca atá ag fágáil puirt
agus atá ag gabháil amach go domhan
san fhairrge dh'iasgaireacht. B'fhearr
liom go mbeinn i gcionn aca an
mhaidin bhreagh seo agus í ag imtheacht
go deas éadtrom ar bharr na fairrge.
Acht ar m'fhocal dhuit go mb'fhearr
liom a bheith san áit a bhfuil mé lá
fuar doineannta 'ná bheith 'mo shuidhe i
gcionn aca.
Is iongantach a bhfuil d'éanachaibh
fá'n fhairrge. Tá cuid aca dá ngrian-
adh fhéin ar charraigeachaibh loma dubha
agus cuid eile ag snámh ar bhrághaid
na mara. Anois agus aríst téid éan
mór dubh síos san uisge agus tig sé
aníos aríst agus iasg i n-a bhéal. Acht
caidé bheir orm bheith ag cainnt? Níl
críoch ar dhóigheannaibh an Dúilimh.
Suas ó dheas uaim tá Binn Éadair.
Níl ann acht gur léar damh é. Ba
mhór an cion a bhí ag ár sinnsear ar
Bhinn Éadair. Ní thig liom gan
smaoitiughadh ar Art Mac Cubhthaigh
nuair a tháinig “an aisling bhéil-bhinn”
dá fhéachaint. Chonnaic sé “an
Ghaedhilg uilig dá tréigbheál agus
caismirt Bhéarla i mbeol gach aoin.”
Dá mbéadh sé ann anois fhéin chluin-
feadh sé “caismirt Bhéarla i mbeol
gach aoin,” acht ní shaoilim go n-abhradh
sé go rabh “an Ghaedhilg uilig dá
tréigbheál.”
Thart siar leis an ghréin liom go
dtigidh sléibhte Chuailnge faoi mo
shúlaibh. Siúd Sliabh gCuilinn ag
árdughadh a chinn os a gcinn uilig. Ó,
nach breagh árd an sliabh é! Ba ar a
fhíor-mhullach a rugthas ar an Liath
Macha i ndiaidh a theacht amach as an
loch atá ann. Dar liom go bhfeicim
an Tarbh Donn ag siubhal na sléibhte
céadna údaidh indiu. Is beag a
shaoileann sé go dtiocfaidh sgrios ar
Chúige Chonchubhair dá bharr. Trasna
na Bóinne agus anuas Mágh Mhuir-
theimhne tig Meadhbh le n-a harm mór
agus cuirfidh sí Cúige Uladh faoi n-a
cois mura gcuirfear cosg léithi. Tig
Cúchulainn agus Laochraidhe na Craoibhe
Ruaidhe aníos i n-a haircis. Ní fada
thig sí nuair a léimeann an gaisgidheach
chródha agus an laoch míleanta i measg
a cuid fear agus toisigheann dá
dtreasgairt go bhfágtar ar lár a lán
aca. Agus sa deireadh thiar thall
tuiteann a fhear muinnteardha fhéin le
Cúchulainn. Is í Meadhbh is ceann-
tsiocair le n-a thuitim.
Preabaim agus tugaim súil thart
go tapaidh. Tá dhá bhuin ag troid fá
shlait díom. Cailltear an aisling.
Sin má's rud gurbh' aisling í. I n-áit
a bheith ag amharc ar Chúchulainn ag
gabháil thríd a námhad mar bhéadh péist
mhór ag ghabháil thríd chnap sgadán, nó
seabhac ag gabháil thair sgaifte de
mhion-éanachaibh gheibhim mé fhéin i
measg na námhad is salaighe agus is
tréine dá dtáinig go hÉirinn ariamh.
An Ghalldacht a thugadh ar sinnsear
uasal air. Acht ní cóir dhúinn ár
misneach a chailleadh. Táthar ag
glanadh na námhad amach as ár measg.
Is iomdha laoch míleanta agus
gaisgidheach cródha indiu atá ag
cartadh an ghalair agus ag fágáil an
bhealaigh glan romhainn. Agus ní
móide gur lughaidhe an ball i n-ar
chaith Chúchulainn a óige i ngaisgidheach-
aibh tréana 'ná aon bhall eile i nInis
Banba.
Nuair a chastar Cúchulainn eile i
n-ár measg bíodh sé ar n-a fhaithchéill
nach i n-aghaidh a mhuinntir fhéin a thóg-
fas sé a lámh, acht i n-aghaidh a námhad.
Má ghníthear sin ní bhéidh cúis bróin
ann nuair bhéas an cogadh thart.
Ceann Fhaolaigh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11