Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Téarmaí
Title
Téarmaí
Author(s)
Beirt Fhear,
Pen Name
Beirt Fhear
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Téarmaí Seachtmhain ó shin agus mé ag teacht a bhaile ó Bh'l' Áth' Cliath, thuit míog codlata orm, nídh nárbh' iongnadh, ó bhíos ag áirneán an oidhche roimis sin nuair do bhí cruinniughadh de'n Choiste Gnótha againn. Bhí breis cainnte againn i dtosach na hoidhche — níor mheasa cách 'ná mé fhéin — agus bhí a rian san orainn ar ball, nuair do sgaipeadair tamall tar éis am' mhairbh na hoidhche agus iachall ar gach duine againn bailiughadh leis a bhaile ar siubhal a chos. Bhí sé ag bualadh an dó is mise ag dul a chodladh i dtigh duine mhuinnteardha dhom ar imeall na cath- rach, agus, mar adubhart cheana, níorbh' aon iongnadh codladh a bheith orm lá 'r n-a bháireach. Idir codladh agus dúiseacht dham do chuala an bheirt ag cainnt i n-aice liom. Níor chuireas puinn suime 'n-a gcomhrádh ar dtúis, acht i gcionn tam- aill bhig go chuireas cluas le héist- eacht orm féin. Beirt fhear a bhí ann. Fear sráide a b'eadh duine aca agus fear isteach ó'n dtuaith an duine eile. FEAR NA SRÁIDE. — Is dócha go bhfeacaidhis páipéar an lae 'ndiu? FEAR TUATHA. — Ní fheaca fós. Raibh aon scéal ann — cad tá ar siubhal aca thall i Lonndain? F. S. — Tá mórán ar siubhal ann — mórán cainnte ar bheagán oibre — acht féach air seo. Do cuireadh dlighe ann ar fhear a bhí á leogaint air go raibh éadach olna aige le díol ar réal go leith an tslat. Chuir sé amach fógradh go raibh margaidhe saora le fágháil uaidh — agus go mór-mhór go raibh aige éadach áluinn de dhéantús Dhún na nGall — éadach a bhí chomh buan chomh righin is nárbh' fhéidir é a chaitheamh, agus gan ar an éadach so acht dhá theistiún. F. T. — Agus dá mbadh mhaith leis margaidhe saora a thabhairt uaidh cad chuige an dlighe a chur air? F. S. — Mar ná raibh ann acht éadach lobhtha. F. T. — Ag magadh 'taoi, a dhuine? An amhlaidh a mheasann tú go ndéan- fadh duine creideamhnach a leitheid? F. S. — Féach féin an cunntas annso, agus féach gur cuireadh fiche púnt fíonáile air agus an oiread eile de chostas cúirte; anois cad deireann tú? “Deirim-se,” arsa mise “go raibh fios a ghnotha ag an mbuachaill úd.” “As do chodladh dhuit,” ars' an bheirt d'aon ghuth, acht níor leigeas orm gur chuala iad. “Ní raibh san obair úd acht Business Instincts agus Commercial Enterprise. Níl aon rud dá shórt againn i nÉirinn. Níl fiú na dtéarmaí féin againn i nGaedhilg agus ní bheidh go deo.” “Mara mbeadh gur duin' uasal tú,” ars' an fear ó'n dtuaith, “'sé déar- fainn ‘thugais t'éiteach.’ Ná fuil ‘Claidhreacht’ agus ‘Lúbaireacht’ oireamh- nach do dhóthain d'obair 'n tsaghas soin?” “Agus,” ars' Fear na Sráide, ag briseadh isteach ar an gcomhrádh, “seo dhuit ‘Rógaireacht.’ B'fhéidir go bhfuil baint aige leis an mBéarla, acht ó is rud é gur ó sna Béarlóiríbh a thagann an nós, ní haon díoghbháil iasacht an fhocail d'fhágháil uatha, le heagla ná beadh focal oireamhnach do'n deagh-nós úd sa bhaile againn. Is éachtach na daoine iad thall: ragh- aidís fé shúilibh an diabhail féin chun airgid a dhéanamh. Sin a bhfuil uatha. Airgead! Airgead! Siúd é a bport agus a bpaidir de ló is d'oidhche. Do bhuaidh an fear siopa úd ar ‘Bhreagóir Éireann’ acht cuirfead-sa geall leat gurab é 'bheidh — ‘Go ceannasach teann Ag tarrach chun teampuill am an pharade.’” “Nár chóir go mbeadh náire air?” ars' an fear ó'n dtuaith. “Do dhuine gan náire is usa a ghnó a dhéanamh,” ars' an fear eile. Beirt Fhear
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services