Téarmaí
Seachtmhain ó shin agus mé ag teacht
a bhaile ó Bh'l' Áth' Cliath, thuit míog
codlata orm, nídh nárbh' iongnadh, ó
bhíos ag áirneán an oidhche roimis sin
nuair do bhí cruinniughadh de'n Choiste
Gnótha againn. Bhí breis cainnte
againn i dtosach na hoidhche — níor
mheasa cách 'ná mé fhéin — agus bhí a
rian san orainn ar ball, nuair do
sgaipeadair tamall tar éis am'
mhairbh na hoidhche agus iachall ar gach
duine againn bailiughadh leis a bhaile ar
siubhal a chos. Bhí sé ag bualadh an dó
is mise ag dul a chodladh i dtigh duine
mhuinnteardha dhom ar imeall na cath-
rach, agus, mar adubhart cheana, níorbh'
aon iongnadh codladh a bheith orm lá 'r
n-a bháireach.
Idir codladh agus dúiseacht dham do
chuala an bheirt ag cainnt i n-aice
liom. Níor chuireas puinn suime 'n-a
gcomhrádh ar dtúis, acht i gcionn tam-
aill bhig go chuireas cluas le héist-
eacht orm féin. Beirt fhear a bhí ann.
Fear sráide a b'eadh duine aca agus fear
isteach ó'n dtuaith an duine eile.
FEAR NA SRÁIDE. — Is dócha go
bhfeacaidhis páipéar an lae 'ndiu?
FEAR TUATHA. — Ní fheaca fós.
Raibh aon scéal ann — cad tá ar
siubhal aca thall i Lonndain?
F. S. — Tá mórán ar siubhal ann —
mórán cainnte ar bheagán oibre — acht
féach air seo. Do cuireadh dlighe
ann ar fhear a bhí á leogaint air go
raibh éadach olna aige le díol ar réal
go leith an tslat. Chuir sé amach
fógradh go raibh margaidhe saora le
fágháil uaidh — agus go mór-mhór go
raibh aige éadach áluinn de dhéantús
Dhún na nGall — éadach a bhí chomh buan
chomh righin is nárbh' fhéidir é a chaitheamh,
agus gan ar an éadach so acht dhá theistiún.
F. T. — Agus dá mbadh mhaith leis
margaidhe saora a thabhairt uaidh cad
chuige an dlighe a chur air?
F. S. — Mar ná raibh ann acht éadach
lobhtha.
F. T. — Ag magadh 'taoi, a dhuine?
An amhlaidh a mheasann tú go ndéan-
fadh duine creideamhnach a leitheid?
F. S. — Féach féin an cunntas annso,
agus féach gur cuireadh fiche púnt
fíonáile air agus an oiread eile de
chostas cúirte; anois cad deireann
tú?
“Deirim-se,” arsa mise “go raibh
fios a ghnotha ag an mbuachaill úd.”
“As do chodladh dhuit,” ars' an bheirt
d'aon ghuth, acht níor leigeas orm gur
chuala iad.
“Ní raibh san obair úd acht Business
Instincts agus Commercial Enterprise.
Níl aon rud dá shórt againn i nÉirinn.
Níl fiú na dtéarmaí féin againn i
nGaedhilg agus ní bheidh go deo.”
“Mara mbeadh gur duin' uasal tú,”
ars' an fear ó'n dtuaith, “'sé déar-
fainn ‘thugais t'éiteach.’ Ná fuil
‘Claidhreacht’ agus ‘Lúbaireacht’ oireamh-
nach do dhóthain d'obair 'n tsaghas
soin?”
“Agus,” ars' Fear na Sráide, ag
briseadh isteach ar an gcomhrádh, “seo
dhuit ‘Rógaireacht.’ B'fhéidir go
bhfuil baint aige leis an mBéarla,
acht ó is rud é gur ó sna Béarlóiríbh
a thagann an nós, ní haon díoghbháil
iasacht an fhocail d'fhágháil uatha, le
heagla ná beadh focal oireamhnach
do'n deagh-nós úd sa bhaile againn.
Is éachtach na daoine iad thall: ragh-
aidís fé shúilibh an diabhail féin chun
airgid a dhéanamh. Sin a bhfuil uatha.
Airgead! Airgead! Siúd é a bport
agus a bpaidir de ló is d'oidhche. Do
bhuaidh an fear siopa úd ar ‘Bhreagóir
Éireann’ acht cuirfead-sa geall leat
gurab é 'bheidh —
‘Go ceannasach teann
Ag tarrach chun teampuill am an
pharade.’”
“Nár chóir go mbeadh náire air?”
ars' an fear ó'n dtuaith.
“Do dhuine gan náire is usa a ghnó
a dhéanamh,” ars' an fear eile.
Beirt Fhear