Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duilleachán - Guth na nGaedheal
Title
Duilleachán - Guth na nGaedheal
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Duilleachán Guth na nGaedheal. Éistidh liom, a chlann mo chléibh; Do chuala scéal ó bhéal gan chealg Gur bh'fhonn liom sibh 'ghá chur do mheabhair; Níl treabh ar domhan nár bh'fhonn leo a shamhail. Oidhche dá raibh Pádraig naomh I measc a ghaolta i bhféar-ghort Bhreatan, Sul a bhfuair an cuireadh ó Dhia Chun dul ag fiadhach i n-iathaibh eachtrann. Do chonnaic pearsa, i bhfuirm ghlé, Mar bheadh ag teacht ó Éirinn mhaisigh, Bhictoraigh, is a chruth mar ghrein, Fé n-a dhéin 's i séimh dó a bheannuigh. Bhí ag an aingeal beart gan cháim De leitreachaibh do b'áille aitheasc, Rug ar cheann, is shín 'n-a láimh Go measach páirteach do mhac Chalpruin. D'oscail Pádraig í gan moill — A ceangal scaoil go bhfaghadh ar aithris; Do bhraith ar dtúis a teideal tréan, 'S gur Guth na nGaedheal bhí uirthi mar ainm. Do chrom annsoin ar í do léigheamh — Gur airigh glaodhach is aon-ghol leanbh! Liugha ó scataíbh fear is bé, Gur chrith an spéir le déine a screadach! “Tair chughainn, tair chughainn,” adeiridís “A ógáin naoimh ná diúlt dár n-athghoirt; Is fada linn go dtighir ár dtreo, 'S go siubhlair fó gan ghó 'n-ár measc-na.” D'aithin Pádraig fuaim a nglóir — Is dó do b'eol a nGaedhilg ghreanta; B'in Guth na nGaedheal dá ghlaodhach air tigheacht Is briathra Chríost do'n bhuidhin do theagasc. Do gheit do mhuscail as a shuan, Do phreab sé suas: cá raibh an t-aingeal? Annsoin 'seadh thuig an cuireadh fuair, Is fuaim a nglóir 'n-a chluais bhí ag damhas. Aitcheam ort, a Phádraig Naéimh, Ar Ghuth na nGaedheal tré rún do fhreagair, Bheith fós do shleachtaibh Bhanba it' stiúir 'S it' eadarghuidheach i gcúirt na bhFlaitheas. Tórna.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services