Duilleachán
Guth na nGaedheal.
Éistidh liom, a chlann mo chléibh;
Do chuala scéal ó bhéal gan chealg
Gur bh'fhonn liom sibh 'ghá chur do mheabhair;
Níl treabh ar domhan nár bh'fhonn leo a shamhail.
Oidhche dá raibh Pádraig naomh
I measc a ghaolta i bhféar-ghort Bhreatan,
Sul a bhfuair an cuireadh ó Dhia
Chun dul ag fiadhach i n-iathaibh eachtrann.
Do chonnaic pearsa, i bhfuirm ghlé,
Mar bheadh ag teacht ó Éirinn mhaisigh,
Bhictoraigh, is a chruth mar ghrein,
Fé n-a dhéin 's i séimh dó a bheannuigh.
Bhí ag an aingeal beart gan cháim
De leitreachaibh do b'áille aitheasc,
Rug ar cheann, is shín 'n-a láimh
Go measach páirteach do mhac Chalpruin.
D'oscail Pádraig í gan moill —
A ceangal scaoil go bhfaghadh ar aithris;
Do bhraith ar dtúis a teideal tréan,
'S gur Guth na nGaedheal bhí uirthi mar ainm.
Do chrom annsoin ar í do léigheamh —
Gur airigh glaodhach is aon-ghol leanbh!
Liugha ó scataíbh fear is bé,
Gur chrith an spéir le déine a screadach!
“Tair chughainn, tair chughainn,” adeiridís
“A ógáin naoimh ná diúlt dár n-athghoirt;
Is fada linn go dtighir ár dtreo,
'S go siubhlair fó gan ghó 'n-ár measc-na.”
D'aithin Pádraig fuaim a nglóir —
Is dó do b'eol a nGaedhilg ghreanta;
B'in Guth na nGaedheal dá ghlaodhach air tigheacht
Is briathra Chríost do'n bhuidhin do theagasc.
Do gheit do mhuscail as a shuan,
Do phreab sé suas: cá raibh an t-aingeal?
Annsoin 'seadh thuig an cuireadh fuair,
Is fuaim a nglóir 'n-a chluais bhí ag damhas.
Aitcheam ort, a Phádraig Naéimh,
Ar Ghuth na nGaedheal tré rún do fhreagair,
Bheith fós do shleachtaibh Bhanba it' stiúir
'S it' eadarghuidheach i gcúirt na bhFlaitheas.
Tórna.