Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tSeamróg agus an Nóinín
Title
An tSeamróg agus an Nóinín
Author(s)
Ó Beirn, Séamus,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An tSeamróg agus an Nóinín. Fabhal D'fhásadar taobh le taobh, i gcúinnín fhíor-ghlas dóibh féin, an tSeamróg agus an Nóinín. D'óladar an bháisteach bhog le chéile san earrach is bhlasadar an drúcht milis ar éirghe an lae. I n-éinfheacht d'osgladar a mbilleoga roimh éirghe na gréine ar maidin, agus dhúnadar arís iad tráthnóna. Triomacht nó fliuchán, teas nó fuacht, níor fhéad iad a sgaramhaint ó chéile. Comhursana dílse seasmhacha do b'eadh iad, an Nóinín agus an tSeamróg. An oidhche roimh Lá Fhéile Pádraic bhíodar ag dul a chodladh nuair labhair an Nóinín. “Ara! mo chuimhne is mo dhearmad, a chara, nach é an lá i mbarach do lá-sa? Tusa féin is féidir leat a bheith teann agus lá agat dhuit féin, seachas mise nó mo leithéide gan cainnt gan trácht orainn.” “Dhá mbeadh 'fhios agat, dhá mbeadh 'fhios agat,” ars' an tSeamróg go brónach. “Tuige sin?” ars' an Nóinín. “Dhá mbeinn-se in t'áit is orm beadh an lúthgháir anocht. Ar fud an domhain i mbárach cé bí áit a bhfuil Éireannach béidh tú faoi onóir agus faoi mheas aige. Tiocfaidh na mílte le chéile ar do shon. Béidh bratacha i n-áirde i n-onóir dhuit. Béidh na cainnteoirí is fearr le fagháil ag déanamh seanmóirí is óráidí do do mholadh is dod' árdughadh.” “Sin é a bhfuil 'fhios agat. Sin é a bhfuil 'fhios agat,” adubhairt an tSeamróg. “Béidh ceol ceapuighthe go speis- ialta dhuit féin. Béidh an t-arm gléasta is ar siubhal thart i n-onóir dhuit, béidh —” “Éist, Éist! a Nóinín. Shíleas go raibh níos mó céille 'ná sin agat, shíl sin,” ars' an tSeamróg. “Bhí am ann agus tidheacht Lá 'l Pádraic dom bhí glionndarach go leor, acht anois tá athrughadh sgéil ann, fairíor! Beag bídeach mar tá tú gan meas ná urraim ort — mar cheapas tú féin — b'fhearr liom-sa bheith mar thú anocht.” “Mar mise! Go dtugaidh Dia ciall duit agus leig do do chuid mhagaidh feasta,” ars' an Nóinín. “Níl pioc suime ionnam ag duine ar bith. Tá mé chómh fairsing sin, creidim nach raibh ceann de mo shloinneadh dhá chaitheamh i gcóta ná i gcaipín duine ar bith ariamh mara raibh sé ag páiste nó ag amadán nár thuig a mhalairt. Na ba sin níl faic na fríghde de meas aca orm, mar níl 'fhios cé'n móiméad a mubuailfidís cos orm, nó b'fhéidir an cloigeann a sgiobadh dhíom; acht tusa na plannda is uaisle sa domhan, tusa féin a bheith ag casaoid!” “Á! a Nóinín, dhá mbeadh fios mo sgéil agat ní bheadh iongantas ort go bhfuilim doilghíosach. Nó go dtáinig Naomh Pádraic bhí mé mar cheann ar bith eile dhíbh féin gan cliú gan cáil. Thóg seisean mé le bheith arís go bráth mar shompla de na hÉireannaighibh ar an Tríonóid Naomhtha — triúr i n-aon- ar. Ó'n lá sin bhí an phríomh-áit agam i nÉirinn. “Na laetheannta úd na céadta bliadhan ó shoin bhí suaimhneas agus síothcháin againn ariamh i nÉirinn, is ar gach uile Lá 'l Pádraic bhí mé faoi árd-mholadh ag daoinibh beannuighthe foghlumtha tréanmhara. Ó! ba mhór é m'aoibhneas an t-am úd. Annsin tháinig na Lochlannacha garbha láidre ag marbhughadh is ag sgriosadh na nÉireannach. Acht bhí na hÉireannaigh fíor agus dílis is níor leigeadar dóibh mé a chur faoi chois. B'iomdha cath mór a thugadar agus b'iomdha fear maith a chuaidh síos ar mo shon. Bhí na lae- theannta sin dainséarach acht bhíodar ghlórmhar, mar bhí mé i gcomhluadar na bhfear dtréan. “Annsin arís tháinig náimhde eile — daoine fealltacha éagcóracha, agus, mo bhrón! tá siad sa tír fós agus an lámh i n-uachtar aca ar chlannibh Gaedheal. Arís is arís eile shíl ár ndaoine iad a ruagadh amach, agus, fairíor! níor éirigh leo. Is iomdha lá trom atá caithte againn leis an obair agus is iomdha dórtadh fola a bhí ann. Bhí an t-am úd garbh anróiteach dhom freisin. Ba mhinic ar Lá 'l Pádraic a bhinn do mo chaitheamh is mé líonta le fuil mo dhaoine. Acht bhí na laetheannta úd glórmhar dhom. “Indiu atá sgéal eile againn. Atá — mo chreach! — na hÉireannaigh faoi throm-chodladh nó draoidheacht eicínt; atá spiorad gallda 'ghá gcur i n-aghaidh a chéile is 'ghá mealladh. Níl misneach ná fearamhlacht sa tír. Dá mbeadh, ní bheadh mo dhaoine féin ag cur síos orm agus ag trácht orm i dteangaidh nár thuig mé riamh — i dteangaidh na sgriosadóirí. Tá náire ortha labhairt sa teangaidh bhríoghmhair Gaedhilge a labhair Pádraic liom-sa an lá úd fad ó. Cuireann sé brón agus briseadh croidhe orm iad a chloisteál ag cainnt. Tá spiorad na nGall sa tír. Meireach go bhfuil, ní bheadh siad chomh dall is go gceapfadh siad go bhfuil siad ag tasbaint onóra dhom, nuair a theidh- eann siad ar meisge Lá L' Pádraic. Ó! dhá mbeadh 'fhios aca an droch- mheas atá siad a chaitheamh orm nuair a dhéanann siad é sin; dhá mbeadh 'fhios
aca an chaoi a chromann mo cheann le náire, nuair a chím mé féin i gcóta Éireannaigh agus é caoch ar meisge, is an domhan ag breathnughadh air is ag magadh fúinn — ní fhéadaim labhairt níos fuide.” “Ná bí chomh dubhrónach sin,” ars' an Nóinín, “b'fhéidir go dtiocfadh sé sa saoghal fós go mbeadh athrughadh sgéil againn. Chuala mé féin dhá éinín a bhí ag dul thart ag trácht ar Chonnradh na Gaedhilge.” — “Is as Connradh na Gaedhilge atá mo mhuinighin is mo dhóchas,” ars' an tSeamróg. Bhí sé ag tuitim na hoidhche an tráth sin, is bhí 'ch uile phlannda eile 'n-a chodladh acht iad féin. Dhúnadar suas a mbilleoga agus níor chorruigheadar arís gur éirigh an ghrian. An Dochtúir Séamus Ó Beirn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services