Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tSeamróg agus an Nóinín

Title
An tSeamróg agus an Nóinín
Author(s)
Ó Beirn, Séamus,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An tSeamróg agus an Nóinín.



Fabhal



D'fhásadar taobh le taobh, i gcúinnín
fhíor-ghlas dóibh féin, an tSeamróg agus
an Nóinín. D'óladar an bháisteach
bhog le chéile san earrach is bhlasadar
an drúcht milis ar éirghe an lae. I
n-éinfheacht d'osgladar a mbilleoga
roimh éirghe na gréine ar maidin, agus
dhúnadar arís iad tráthnóna.



Triomacht nó fliuchán, teas nó
fuacht, níor fhéad iad a sgaramhaint ó
chéile.



Comhursana dílse seasmhacha do
b'eadh iad, an Nóinín agus an tSeamróg.



An oidhche roimh Lá Fhéile Pádraic
bhíodar ag dul a chodladh nuair labhair
an Nóinín.



“Ara! mo chuimhne is mo dhearmad,
a chara, nach é an lá i mbarach do
lá-sa? Tusa féin is féidir leat a
bheith teann agus lá agat dhuit féin,
seachas mise nó mo leithéide gan
cainnt gan trácht orainn.”



“Dhá mbeadh 'fhios agat, dhá mbeadh
'fhios agat,” ars' an tSeamróg go
brónach.



“Tuige sin?” ars' an Nóinín.
“Dhá mbeinn-se in t'áit is orm beadh
an lúthgháir anocht. Ar fud an domhain
i mbárach cé bí áit a bhfuil Éireannach
béidh tú faoi onóir agus faoi mheas aige.
Tiocfaidh na mílte le chéile ar do
shon. Béidh bratacha i n-áirde i
n-onóir dhuit. Béidh na cainnteoirí is
fearr le fagháil ag déanamh seanmóirí
is óráidí do do mholadh is dod'
árdughadh.”



“Sin é a bhfuil 'fhios agat. Sin é
a bhfuil 'fhios agat,” adubhairt an
tSeamróg.



“Béidh ceol ceapuighthe go speis-
ialta dhuit féin. Béidh an t-arm
gléasta is ar siubhal thart i n-onóir
dhuit, béidh —”



“Éist, Éist! a Nóinín. Shíleas
go raibh níos mó céille 'ná sin agat,
shíl sin,” ars' an tSeamróg. “Bhí am
ann agus tidheacht Lá 'l Pádraic dom
bhí glionndarach go leor, acht anois
tá athrughadh sgéil ann, fairíor! Beag
bídeach mar tá tú gan meas ná
urraim ort — mar cheapas tú féin —
b'fhearr liom-sa bheith mar thú anocht.”



“Mar mise! Go dtugaidh Dia
ciall duit agus leig do do chuid mhagaidh
feasta,” ars' an Nóinín. “Níl pioc
suime ionnam ag duine ar bith. Tá
mé chómh fairsing sin, creidim nach
raibh ceann de mo shloinneadh dhá
chaitheamh i gcóta ná i gcaipín duine
ar bith ariamh mara raibh sé ag páiste
nó ag amadán nár thuig a mhalairt.
Na ba sin níl faic na fríghde de
meas aca orm, mar níl 'fhios cé'n
móiméad a mubuailfidís cos orm, nó
b'fhéidir an cloigeann a sgiobadh
dhíom; acht tusa na plannda is uaisle
sa domhan, tusa féin a bheith ag
casaoid!”



“Á! a Nóinín, dhá mbeadh fios mo
sgéil agat ní bheadh iongantas ort go
bhfuilim doilghíosach. Nó go dtáinig
Naomh Pádraic bhí mé mar cheann ar
bith eile dhíbh féin gan cliú gan cáil.
Thóg seisean mé le bheith arís go bráth
mar shompla de na hÉireannaighibh ar
an Tríonóid Naomhtha — triúr i n-aon-
ar. Ó'n lá sin bhí an phríomh-áit agam
i nÉirinn.



“Na laetheannta úd na céadta
bliadhan ó shoin bhí suaimhneas agus
síothcháin againn ariamh i nÉirinn, is
ar gach uile Lá 'l Pádraic bhí mé faoi
árd-mholadh ag daoinibh beannuighthe
foghlumtha tréanmhara. Ó! ba mhór é
m'aoibhneas an t-am úd. Annsin
tháinig na Lochlannacha garbha láidre
ag marbhughadh is ag sgriosadh na
nÉireannach. Acht bhí na hÉireannaigh
fíor agus dílis is níor leigeadar dóibh
mé a chur faoi chois. B'iomdha cath
mór a thugadar agus b'iomdha fear maith
a chuaidh síos ar mo shon. Bhí na lae-
theannta sin dainséarach acht bhíodar
ghlórmhar, mar bhí mé i gcomhluadar
na bhfear dtréan.



“Annsin arís tháinig náimhde eile —
daoine fealltacha éagcóracha, agus, mo
bhrón! tá siad sa tír fós agus an lámh i
n-uachtar aca ar chlannibh Gaedheal.
Arís is arís eile shíl ár ndaoine iad a
ruagadh amach, agus, fairíor! níor éirigh
leo. Is iomdha lá trom atá caithte
againn leis an obair agus is iomdha
dórtadh fola a bhí ann. Bhí an t-am
úd garbh anróiteach dhom freisin. Ba
mhinic ar Lá 'l Pádraic a bhinn do mo
chaitheamh is mé líonta le fuil mo
dhaoine. Acht bhí na laetheannta úd
glórmhar dhom.



“Indiu atá sgéal eile againn.
Atá — mo chreach! — na hÉireannaigh
faoi throm-chodladh nó draoidheacht
eicínt; atá spiorad gallda 'ghá gcur
i n-aghaidh a chéile is 'ghá mealladh. Níl
misneach ná fearamhlacht sa tír. Dá
mbeadh, ní bheadh mo dhaoine féin ag
cur síos orm agus ag trácht orm i
dteangaidh nár thuig mé riamh — i
dteangaidh na sgriosadóirí. Tá
náire ortha labhairt sa teangaidh
bhríoghmhair Gaedhilge a labhair
Pádraic liom-sa an lá úd fad ó.
Cuireann sé brón agus briseadh croidhe
orm iad a chloisteál ag cainnt. Tá
spiorad na nGall sa tír. Meireach
go bhfuil, ní bheadh siad chomh dall is
go gceapfadh siad go bhfuil siad ag
tasbaint onóra dhom, nuair a theidh-
eann siad ar meisge Lá L' Pádraic.
Ó! dhá mbeadh 'fhios aca an droch-
mheas atá siad a chaitheamh orm nuair a
dhéanann siad é sin; dhá mbeadh 'fhios


L. 04


aca an chaoi a chromann mo cheann le
náire, nuair a chím mé féin i gcóta
Éireannaigh agus é caoch ar meisge, is an
domhan ag breathnughadh air is ag
magadh fúinn — ní fhéadaim labhairt
níos fuide.”



“Ná bí chomh dubhrónach sin,” ars' an
Nóinín, “b'fhéidir go dtiocfadh sé sa
saoghal fós go mbeadh athrughadh sgéil
againn. Chuala mé féin dhá éinín a
bhí ag dul thart ag trácht ar Chonnradh
na Gaedhilge.” —



“Is as Connradh na Gaedhilge atá
mo mhuinighin is mo dhóchas,” ars' an
tSeamróg.



Bhí sé ag tuitim na hoidhche an tráth
sin, is bhí 'ch uile phlannda eile 'n-a
chodladh acht iad féin. Dhúnadar suas
a mbilleoga agus níor chorruigheadar
arís gur éirigh an ghrian.



An Dochtúir Séamus Ó Beirn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services