Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Uí Dhúbhda Thíre Fhiachrach
Title
Uí Dhúbhda Thíre Fhiachrach
Author(s)
An Craoibhín,
Pen Name
An Craoibhín
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Uí Dhúbhda Thíre Fhiachrach. Ag so sean-amhrán maith ar Mhuinntir Dhúbhda Thíre Fiachrach. Is é atá i dTír Fhiachrach, cuid de Chonndae Mhuigheo agus de Chonndae Shligigh. Daoine móra do bhí ins na Dúbhdaigh. Bhí cheithre caisleáin fichead aca, tráth. Ar feadh trí nó ceithre céad do bhliadhantaibh ní raibh aon tsíothcháin i gConndae Mhuigheo, acht síor-throid idir mhuinntir Dhúbhda agus na Siurdánaigh nó Jordans. Tá an dá thréibh sin (do roinn, tráth, an taobh sin de'n tír eatortha, agus do bhí 'n-a bhfíor-námhdibh dá chéile), sgriosta ar fad anois, agus ní chreidim go bhfuil dhá chéad acra talmhana ag ceachtar aca indiu. Daoine an-toirteamhail do bhí do ghnáth ins an Dúbhdaigh. Bhí m'athair carthannach le Dúbhdaigh a chomh- aimsire féin, níos mó 'ná deich mbliadhna is trí fichid ó shoin. Ní raibh ins an gcloinn mhac aon fhear, an uair sin, níos lugha 'ná sé troigh agus trí ordlaighe, agus bhí fear aca sé troigh agus seacht n-órdlaighe. Labhradar uile Gaedhilg go líomhtha, acht is Béarla do labhradaois eatortha féin. Tá 'fhios ag gach aon duine i dTír Fhiachrach i dtaobh an sgéil ar an Dúbhdach do phós an Mhaighdean Mhara. Badh é sin tús a mhí-ádh, adeir siad! Acht ag so an t-amhrán. Is dóigh nach mbéidh aithne ag do lucht- léighte air. Is fiú a chur síos mar chuimhne ar an mbunadh fíor-uasal so. I. Cúmhdach Mhic Dé ar an gcliar-chloinn deagh-mhúinte Cuideachta na féile nár bh'fhéidir a ndiúltadh. Níor bh'uaisle an chéad-mhac gan bhreig ag Cine Iúdaigh 'Ná, thuas, os cionn Gaedheala, clann tréitheach Uí Dhúbhda! II. Ní deise an Bealtaine fá n-a bhláthaibh breágh úra 'S ní soillsighe maidin shamhraidh ná deallradh a ngnúise Fir chródha chalma tá ceann-sach cliútach, Mo shearc-rún is m'annsacht an chlann sin Uí Dhúbhda! III. Tráth théid an chlann sin ar maidin chum an fhiadhaigh Go cródha mear calma, go ceannasach ciallmhar. Dá dtigeadh fiadh an ghleanna go talamh Thír Fhiachrach Níor bhadh leis féin a bheanna ó mharcach an eich riabhaigh. IV. Tráth ghluaiseas sí chum siubhail de choiscéim ghlain eadtruim, Caitlín Ní Dhúbhda lámh cluithche (?) na féile. Ainnir na mín-rosg, na curcan (?) breágh péarlach Béidh fiadh leis an úr-fhlaith, nó cúpla má's féidir! An Craoibhín.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services