Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uí Dhúbhda Thíre Fhiachrach

Title
Uí Dhúbhda Thíre Fhiachrach
Author(s)
An Craoibhín,
Pen Name
An Craoibhín
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Uí Dhúbhda Thíre Fhiachrach.



Ag so sean-amhrán maith ar Mhuinntir Dhúbhda Thíre Fiachrach. Is
é atá i dTír Fhiachrach, cuid de Chonndae Mhuigheo agus de Chonndae
Shligigh. Daoine móra do bhí ins na Dúbhdaigh. Bhí cheithre caisleáin
fichead aca, tráth. Ar feadh trí nó ceithre céad do bhliadhantaibh ní
raibh aon tsíothcháin i gConndae Mhuigheo, acht síor-throid idir mhuinntir
Dhúbhda agus na Siurdánaigh nó Jordans. Tá an dá thréibh sin (do
roinn, tráth, an taobh sin de'n tír eatortha, agus do bhí 'n-a bhfíor-námhdibh
dá chéile), sgriosta ar fad anois, agus ní chreidim go bhfuil dhá chéad
acra talmhana ag ceachtar aca indiu. Daoine an-toirteamhail do bhí
do ghnáth ins an Dúbhdaigh. Bhí m'athair carthannach le Dúbhdaigh a chomh-
aimsire féin, níos mó 'ná deich mbliadhna is trí fichid ó shoin. Ní raibh
ins an gcloinn mhac aon fhear, an uair sin, níos lugha 'ná sé troigh agus
trí ordlaighe, agus bhí fear aca sé troigh agus seacht n-órdlaighe. Labhradar
uile Gaedhilg go líomhtha, acht is Béarla do labhradaois eatortha féin.
Tá 'fhios ag gach aon duine i dTír Fhiachrach i dtaobh an sgéil ar an
Dúbhdach do phós an Mhaighdean Mhara. Badh é sin tús a mhí-ádh, adeir
siad! Acht ag so an t-amhrán. Is dóigh nach mbéidh aithne ag do lucht-
léighte air. Is fiú a chur síos mar chuimhne ar an mbunadh fíor-uasal
so.



I.
Cúmhdach Mhic Dé ar an gcliar-chloinn deagh-mhúinte
Cuideachta na féile nár bh'fhéidir a ndiúltadh.
Níor bh'uaisle an chéad-mhac gan bhreig ag Cine Iúdaigh
'Ná, thuas, os cionn Gaedheala, clann tréitheach Uí Dhúbhda!



II.
Ní deise an Bealtaine fá n-a bhláthaibh breágh úra
'S ní soillsighe maidin shamhraidh ná deallradh a ngnúise
Fir chródha chalma tá ceann-sach cliútach,
Mo shearc-rún is m'annsacht an chlann sin Uí Dhúbhda!



III.
Tráth théid an chlann sin ar maidin chum an fhiadhaigh
Go cródha mear calma, go ceannasach ciallmhar.
Dá dtigeadh fiadh an ghleanna go talamh Thír Fhiachrach
Níor bhadh leis féin a bheanna ó mharcach an eich riabhaigh.



IV.
Tráth ghluaiseas sí chum siubhail de choiscéim ghlain eadtruim,
Caitlín Ní Dhúbhda lámh cluithche (?) na féile.
Ainnir na mín-rosg, na curcan (?) breágh péarlach
Béidh fiadh leis an úr-fhlaith, nó cúpla má's féidir!



An Craoibhín.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services