Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Faoi Sheol go hÁrainn I
Title
Faoi Sheol go hÁrainn I
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Faoi Sheol go hÁrainn I. Thárla go rabhas i nGarmna sa bhfoghmhar so thorainn. Bhí diombáidh mo chroidhe orm nuair a tharraingeas ar an oileán úd. Do chaitheas seacht- mhain i nGaillimh ag feitheamh le car- aid liom, agus níor tháinig sé, agus ní raibh baoghal ar a theacht, dar liom. D'fhéach- as ar mo stóras airgid, agus dubhart liom féin gur mhithid dam bailiughadh liom as an áit. D'imthigheas orm agus gan duine ar bith im' chuideachtain agus mé go trom tuirseach, óir níor mhaith liom bheith im' aonar nó im' aonraic ag dul ar cuairt go dtí an tír chóimh- thigheach nó ar a laighead an tír nach rabhas riamh roimhe sin innti. Chuadhas go dtí stad na traenach i nGaillimh, agus ní túisge bhíos suidhte sa gcaráiste 'ná fuaras Tomás Ó Máille romham ann. Na daoine eile bhí i n-éinfheacht linn bhí neart Gaedhilge aca uile go léir agus ní raibh dá labhairt acht Gaedhilg. Bhí sin maith go leor gur stad an traen ag an Tigh Dhóighte nó ag Crosbhóthar Mháma Aoidh, óir tá dhá ainm ar an áit. Is brónach do bhíos ag sgaramhaint leis an Máilleach agus mé go han-uaigneach ó bheith im' aonar arís. Fuarthas carr seolta ag an stad romham agus do chuadhas suas air. Bhí orm fanamhaint i n-áirde air go sroichfinn Cuigéal, áit atá cheithre mhíle fichead ó'n Tighe Dhóighte. D'imthigheamar linn, mé féin agus an tiománaidhe, agus gan acht Gaedhilg againn dá spreagadh eadrainn féin, acht, nuair do labhradh sé leis an gcapall bhocht, ní abradh sé acht “Go on,” “Go on ou' o' that,” agus rl. “Cad chuige”, arsa mise, “go dtig leat Gaedhilg a labhairt liom-sa, acht, nuair a thosuigheas tú ar an gcapall, a labhrann tú Béarla leis i gcomh- naidhe? Nach bhféadfá ‘Go on ou' o' that’ a rádh i nGaedhilg?” “D'fhéadfainn go deimhin,” ars' eisean. “'Sé an chaoi a ndéarfainn é ‘Gabh 'mach as sin.’” “Agus cad chuige mar sin, a labh- rann tú Béarla leis an gcapall?” “Níor chuala mé riamh,” ar seisean, “acht Béarla, nuair a labhramair leis an gcapall, agus leis an asal, agus leis an madadh, acht labhramuid Gaedhilg leis an mbó.” Ba bheag an sásamh dom féin an méid sin, acht chuir sé ag machtnamh mé, agus ní raibh an cheist fuasgailte agam sul ar shroicheamar Cuigeál. Is cuimhin liom gur sgaicheamar thar Doire Né, thar Eanach Mheadhoin, thar Leitir Mór, agus thar Tighearnaí (?) ar an mbealach dúinn. Thugas beagán de laetheantaibh i gCuigéal agus mé ag siubhal na tíre ag labhairt leis na daoinibh agus ag bail- iughadh amhrán nuair a bheadh an deis agam air. Lá de na laetheantaibh bhíos ag filleadh ar an tigh ósta i gCuigéal nuair cé chífinn 'n-a shuidhe os mo chomhair ar aghaidh an tighe acht an fear cheana céadna do bhí le bheith i gGaill- imh i n-éinfheacht liom. Is beag nach
ró-dhéidheanach a tháinig sé agus mé ag éirghe lán-tsásta leis an uaigneas. 'N-a theannta soin, fuaras litir go raibh duine uasal eile ag teacht ar cuairt go Cuigéal. Ní raibh aithne agam air roimh ré, acht an té sgríobh an litir dubhairt sé nár mhisde leis an bhfear a bhí ag teacht aithne chur orm. Tháinig sé an lá 'n-a dhiaidh nó fá'n tuairim sin, agus bhí triúr againn annsin i gCuigéal. Lá de na laetheantaibh do labhair duine aca liom, an té do rinne coinne liom faoi bheith i nGaillimh im' chuideachtain, agus dubhairt sé: “Créad déarfá le bád seoil go hÁrainn?” “Deirim leat nár mhisde liom é,” arsa mise. Is gearr go raibh sé socruighthe againn ár dtriúr. Chuamar sa mbád is beirt bhádóirí i n-éinfheacht linn. Is iomdha carraig i gcuan Chuigéil agus is iomdha cor beal- aigh agus casadh slighe agus toirneáil bheag a chuireamar dínn sul a rabhamar réidh leis an gcuan achrannach aimhréidh sin, acht faoi dheireadh bhíomar ar ghuailnibh na bóchna nó ar dhruim na fairrge agus Árainn 'os ár gcomhair amach. “Cá fhaide go mbéimíd i nÁrainn?” arsa mise le duine de na bádóiríbh. “Béimíd ann i gceann dhá uair a' chluig,” ar seisean. Níor bh'fhada an mhoill é sin, agus bhíos sásta. Do dhearcas uaim amach ar an bhfairrge agus níor bh'fhada go dtáinig iongnadh orm. Is iomdha rud a bhí ann le hiongnadh chur orm. Bhí báid bheaga agus báid mhóra faoi sheol, mórán mór aca, cuid aca ag dul go hÁrainn agus go háiteannaibh eile, agus cuid eile aca ag teacht ar ais. Níor thuigeas créad é an fáth a raibh an oiread sin aca ann go dtí gur dhruideamar le ceann aca sa tseoladh dhúinn agus thuigeas ann- sin gur móin is mó bhíos ar iomchar aca, do bhrígh nach bhfuil oiread is fód amháin móna aca i nÁrainn. Bhí na céadta, agus dá n-abrainn, na mílte, éan ar an bhfairrge. Bhí an uile shórt faoilneán ann, an faoil- neán bán, an faoilneán druimeannach, an faoilneán sgiathána dubha, agus an gheamhróg. Bhí an dubhéan nó an chaill- each dhubh agus an fhaocha mhór ann ag iasgach go gnáthach. Agus bhí éan eile ar an bhfairrge an lá úd — b'é an t-éan is lia bhí ann, .i. an t-éan aille. Chonn- camar na mílte aca sin idir Garmna agus Árainn, agus ní raibh sgáth ná eagla ar bith aca roimh na bádaibh. Cuir i gcás go mbeadh ár mbád-ne sa tseoladh dhúinn ar tí iad do bhualadh, ní dhéan- aidís acht cúpla buille snámha thabh- airt nó iad féin a thumadh agus teacht aníos arís chum snámha i bhfíor-aice linn. Is cosmhail nach mbíonn tóir ag na bádóiribh ortha agus nach marbhuightear iad ar chor ar bith. Bhí éan aca chomh fogus sin do'n bhád gur thóg duine de na bádóiríbh caorthán móna agus chaith sé leis é. Ar righin ar éigin a chuir an t-éan suim ins an urchar. Thum sé é féin agus tháinig sé aníos arís chomh fogus do'n bhád agus bhí sé riamh roimhe sin. Is deas deagh-chumtha an t-éan é an t-éan aille. Measaim féin gur déanamh lachan atá air, acht amháin an clúimh. Cloisim gur i nÁrainn a ghníd siad a neadracha. (Tuilleadh). Seosamh Laoide.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services