Faoi Sheol go hÁrainn
I.
Thárla go rabhas i nGarmna sa
bhfoghmhar so thorainn. Bhí diombáidh
mo chroidhe orm nuair a tharraingeas
ar an oileán úd. Do chaitheas seacht-
mhain i nGaillimh ag feitheamh le car-
aid liom, agus níor tháinig sé, agus ní raibh
baoghal ar a theacht, dar liom. D'fhéach-
as ar mo stóras airgid, agus dubhart
liom féin gur mhithid dam bailiughadh
liom as an áit. D'imthigheas orm agus
gan duine ar bith im' chuideachtain agus
mé go trom tuirseach, óir níor mhaith
liom bheith im' aonar nó im' aonraic
ag dul ar cuairt go dtí an tír chóimh-
thigheach nó ar a laighead an tír nach
rabhas riamh roimhe sin innti.
Chuadhas go dtí stad na traenach i
nGaillimh, agus ní túisge bhíos suidhte sa
gcaráiste 'ná fuaras Tomás Ó Máille
romham ann. Na daoine eile bhí i
n-éinfheacht linn bhí neart Gaedhilge
aca uile go léir agus ní raibh dá labhairt
acht Gaedhilg. Bhí sin maith go leor gur
stad an traen ag an Tigh Dhóighte nó
ag Crosbhóthar Mháma Aoidh, óir tá dhá
ainm ar an áit. Is brónach do bhíos
ag sgaramhaint leis an Máilleach agus
mé go han-uaigneach ó bheith im' aonar
arís. Fuarthas carr seolta ag an stad
romham agus do chuadhas suas air. Bhí
orm fanamhaint i n-áirde air go
sroichfinn Cuigéal, áit atá cheithre
mhíle fichead ó'n Tighe Dhóighte.
D'imthigheamar linn, mé féin agus an
tiománaidhe, agus gan acht Gaedhilg
againn dá spreagadh eadrainn féin,
acht, nuair do labhradh sé leis an
gcapall bhocht, ní abradh sé acht “Go
on,” “Go on ou' o' that,” agus rl.
“Cad chuige”, arsa mise, “go dtig
leat Gaedhilg a labhairt liom-sa, acht,
nuair a thosuigheas tú ar an gcapall,
a labhrann tú Béarla leis i gcomh-
naidhe? Nach bhféadfá ‘Go on ou' o'
that’ a rádh i nGaedhilg?”
“D'fhéadfainn go deimhin,” ars'
eisean. “'Sé an chaoi a ndéarfainn
é ‘Gabh 'mach as sin.’”
“Agus cad chuige mar sin, a labh-
rann tú Béarla leis an gcapall?”
“Níor chuala mé riamh,” ar seisean,
“acht Béarla, nuair a labhramair leis
an gcapall, agus leis an asal, agus leis an
madadh, acht labhramuid Gaedhilg leis
an mbó.”
Ba bheag an sásamh dom féin an
méid sin, acht chuir sé ag machtnamh
mé, agus ní raibh an cheist fuasgailte
agam sul ar shroicheamar Cuigeál. Is
cuimhin liom gur sgaicheamar thar
Doire Né, thar Eanach Mheadhoin, thar
Leitir Mór, agus thar Tighearnaí (?) ar
an mbealach dúinn.
Thugas beagán de laetheantaibh i
gCuigéal agus mé ag siubhal na tíre ag
labhairt leis na daoinibh agus ag bail-
iughadh amhrán nuair a bheadh an deis
agam air. Lá de na laetheantaibh bhíos
ag filleadh ar an tigh ósta i gCuigéal
nuair cé chífinn 'n-a shuidhe os mo
chomhair ar aghaidh an tighe acht an fear
cheana céadna do bhí le bheith i gGaill-
imh i n-éinfheacht liom. Is beag nach
ró-dhéidheanach a tháinig sé agus mé ag
éirghe lán-tsásta leis an uaigneas.
'N-a theannta soin, fuaras litir go
raibh duine uasal eile ag teacht ar
cuairt go Cuigéal. Ní raibh aithne
agam air roimh ré, acht an té sgríobh
an litir dubhairt sé nár mhisde leis
an bhfear a bhí ag teacht aithne chur
orm. Tháinig sé an lá 'n-a dhiaidh nó
fá'n tuairim sin, agus bhí triúr againn
annsin i gCuigéal.
Lá de na laetheantaibh do labhair
duine aca liom, an té do rinne
coinne liom faoi bheith i nGaillimh im'
chuideachtain, agus dubhairt sé:
“Créad déarfá le bád seoil go
hÁrainn?”
“Deirim leat nár mhisde liom é,”
arsa mise.
Is gearr go raibh sé socruighthe
againn ár dtriúr.
Chuamar sa mbád is beirt bhádóirí i
n-éinfheacht linn. Is iomdha carraig
i gcuan Chuigéil agus is iomdha cor beal-
aigh agus casadh slighe agus toirneáil bheag a
chuireamar dínn sul a rabhamar réidh
leis an gcuan achrannach aimhréidh sin,
acht faoi dheireadh bhíomar ar ghuailnibh
na bóchna nó ar dhruim na fairrge agus
Árainn 'os ár gcomhair amach.
“Cá fhaide go mbéimíd i nÁrainn?”
arsa mise le duine de na bádóiríbh.
“Béimíd ann i gceann dhá uair a'
chluig,” ar seisean.
Níor bh'fhada an mhoill é sin, agus bhíos
sásta. Do dhearcas uaim amach ar an
bhfairrge agus níor bh'fhada go dtáinig
iongnadh orm. Is iomdha rud a bhí ann
le hiongnadh chur orm. Bhí báid bheaga
agus báid mhóra faoi sheol, mórán mór
aca, cuid aca ag dul go hÁrainn agus
go háiteannaibh eile, agus cuid eile aca
ag teacht ar ais. Níor thuigeas créad
é an fáth a raibh an oiread sin aca
ann go dtí gur dhruideamar le ceann
aca sa tseoladh dhúinn agus thuigeas ann-
sin gur móin is mó bhíos ar iomchar
aca, do bhrígh nach bhfuil oiread is fód
amháin móna aca i nÁrainn.
Bhí na céadta, agus dá n-abrainn, na
mílte, éan ar an bhfairrge. Bhí an
uile shórt faoilneán ann, an faoil-
neán bán, an faoilneán druimeannach,
an faoilneán sgiathána dubha, agus an
gheamhróg. Bhí an dubhéan nó an chaill-
each dhubh agus an fhaocha mhór ann ag iasgach
go gnáthach. Agus bhí éan eile ar an
bhfairrge an lá úd — b'é an t-éan is
lia bhí ann, .i. an t-éan aille. Chonn-
camar na mílte aca sin idir Garmna
agus Árainn, agus ní raibh sgáth ná eagla ar
bith aca roimh na bádaibh. Cuir i gcás
go mbeadh ár mbád-ne sa tseoladh
dhúinn ar tí iad do bhualadh, ní dhéan-
aidís acht cúpla buille snámha thabh-
airt nó iad féin a thumadh agus teacht
aníos arís chum snámha i bhfíor-aice
linn. Is cosmhail nach mbíonn tóir ag
na bádóiribh ortha agus nach marbhuightear
iad ar chor ar bith. Bhí éan aca chomh
fogus sin do'n bhád gur thóg duine
de na bádóiríbh caorthán móna agus chaith
sé leis é. Ar righin ar éigin a chuir
an t-éan suim ins an urchar. Thum sé
é féin agus tháinig sé aníos arís chomh
fogus do'n bhád agus bhí sé riamh roimhe
sin. Is deas deagh-chumtha an t-éan
é an t-éan aille. Measaim féin gur
déanamh lachan atá air, acht amháin an
clúimh. Cloisim gur i nÁrainn a ghníd
siad a neadracha.
(Tuilleadh).
Seosamh Laoide.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11