Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Tobac II
Title
An Tobac II
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Tobac II. Nuair bhíonn na duilleaoga fásta i gceart agus sul a seirgeann siad, bain- tear na gasa le seort corráin, agus seoltar isteach i dtigh tirmighthe iad. Níl an saothar acht ag tosnughadh anois mar adéarfá. Tá an teach so gléasta fá choinne na hoibre. Tá sé roinnte i seomraíbh árda agus bácha agus cleithe sínte tríotha. Crochtar na gasa glasa i n-áirde ar na cleithibh agus ar sreangaibh iarainn nó ar théadaibh. Tá píobaí sínte ar lár i n-a mbíonn gal the ó choire mór atá ar theinidh taobh amuigh de'n tigh. Is le teas do chongbháil leis an tobac atá na píobaí úd, agus teas tais mar adéarfá i modh nach rachaidh an tobac i gcríonacht go ró-ghasta acht go mbruithfear beagán é, agus bíonn sé ins na seomraíbh sin dhá bhruth agus dhá shuaitheadh ar feadh cúpla mí. Tá an gnó so an-chostasach agus mur' féidir an chostas do laghadughadh is baoghlach nár bh'fhéidir choidhche tobac do thógáil chomh saor i nÉirinn is is féidir i dtíorthaibh 'n-a bhfuil teas gréine níos mó 'ná tá againne leis an tobac do thirmiughadh agus d'ullmhughadh. I n-áit amháin i nÉirinn i mbliadhna, tugadh iarraidh ar dhóigh níos saoire d'fhágháil leis an tobac do thirmiughadh. Cuir- eadh isteach i sgioból é agus lasadh teinte móna faoi agus d'aibigheadh an tobac acht gur chríonuigh sé go ró-thapaidh sa deireadh. Saoilim gur bh'fhéidir léigheas d'fhágháil air seo agus gur bh'fhéidir an tobac do shábháil go breagh le teinidh mhóna. Nuair bhíos an tobac sábháilte tirm baintear na duilleoga de na gasaibh agus ceangaltar i mbeirtínibh beaga nó i bplaiceannaibh iad, agus cuirtear isteach i mbairillíbh móra iad agus déan- tar iad do dhingeadh isteach go dlúth agus go daingean. Bíonn muinntir na cána ag faire ar an tobac agus 'ghá choimhéad ó'n uair athchuirtear na planndaí, mar teastuigheann an cháin uatha. Meadhuigheann siad na bairillí follamhna agus déanann siad an méid céadna leis na bairillíbh lána agus gheibh siad meadhachan an tobac ar an dóigh seo. Caithfear trí sgilling cána d'íoc ar ghach púnt tobac, acht má's mian le fear an tobac cáirde d'fhágháil tá cead aige an tobac do chur i dtaisge i stór agus urrudhas ar méid na cána do thabhairt uaidh go dtí go dteastuigheann an tobac uaidh. Mar dubhras cheana gheibheann sé lasgaine nó aisioc sgillinge sa phúnta (tobac) o'n Riaghaltas. Siúd is go bhfuil an tobac tirm sabháilte anois níl sé “déanta” fós nó ullamh roimhe lucht a gcaithte. Tá daoine ann gurab é a gceárd an tobac d'ullmhughadh le haghaidh lucht a gcaithte; mar shompla an Gallchobh- arach i mBéal Feirste agus muinntir Ghoodbodí i mBaile Átha Cliath, agus rl., agus ceannuigheann siad so na duilleoga tirme. Is ó Ameriocá gheibhid an chuid is mó agus an chuid is fearr de'n tobac. Díolann siad an cháin agus gheibh siad cead ó mhuinntir na cána an tobac a thabhairt amach as na stóraibh agus a bhreith go dtí a dtighthe déantúsa. 'Sé an chéad rud ghníthear leis ins na tighthibh sin 'na é do chaitheadh amach as na bairillíbh, na duilleoga do sgaradh ó n-a chéile, do leathadh ar an urlár, agus d'fhliuchadh le huisge. Badh cheart damh a rádh go mbíonn an tobac ró-thirm. Caithfear é thirmiughadh go mór, ní hé amháin le n-a chonneáilt folláin acht leis an cháin do laghad- ughadh, mar tá an oiread cána ar thobac fliuch is bheadh ar thobac thirm. Anois níorbh' fhéidir tobac ró-thirm do shaothrughadh mar bheadh sé ró-bhriosg agus bhrisfidhe agus truailleochaidhe na duille- oga. 'Sé an t-uisge cuirtear ar an tobac san chéim seo i n-a bhfuil an tairbhe do'n tobacadóir. Íoctar 3/- sa phúnta mar cháin ar an tobac tirim agus luach an tobac cuir i gcás 6d. nó 1/- an púnta, sin fá thuairim 4/- an púnta atá ar ádhbhar an tobac, gan trácht ar an saothar atá leis 'n-a dhiaidh sin, agus is minic díoltar an tobac le lucht réice tobac ar 3/- nó 3/3 an púnta. 'Sé an t-uisge ghníos an deithbhir, acht ní dlistineach níos mó 'ná 32% sa chéad d'uisge bheith ann. Tá dlighe i n-a aghaidh. Tráth fliuchtar an tobac fágtar 'n-a luighe ar an urlár ar feadh cúpla lá agus téidheann agus corruigheann an sugh ann agus tigeann blas agus boladh an tobac amach air. Tá an tobac ullamh sa deireadh, agus má's tobac gearrtha éad- trom, nó tobac fá choinne sigairíní theastuigheas ó'n déantóir níl aige acht na duilleoga do ghearradh. Gearrtar iad le hinneall gearrtha mar bhíos ag daoinibh ag gearradh turnapa nó cocháin. Measgtar, de ghnáth, tobac iol-chineálach tré n-a chéile de réir datha agus cumhartha. Déantar na sigairíní i n-inneall eile agus is féidir na milliúin aca do dhéanamh i n-inneall amháin i lá amháin. Dalta na sigeár, ní gearrtar an tobac acht cuirtear isteach duilleoga beaga nó bluiríní duilleog i n-a lár agus castar leath-dhuilleog thart timcheall gach ceann aca. (Badh cheart damh a rádh go mbaintear an fhéith nó an asna atá i gceart-lár gach duilleoga amach as ar dtús agus go ndéantar dhá leith de'n duilleoig. Déantar seo leis an tobac go léir, agus is le lámhaibh daoine déantar é. Is minic meiltear na féitheanna so leo féin, agus déantar snaoisín asta). Déantar an chuid is mó de na sigeáraibh le láimh, go háithrid an chuid is fearr aca. 'Sé an tobac casta is mó déantar i nÉirinn, mar bíonn éileamh mór ar an gcineál so tobac i nÉirinn. Cha ngearrtar na duilleoga ar chor ar bith ag déanamh an tobac so, acht castar iad i rópa ar an gcuma i n-a ndéantar súgán. Bíonn gléas casta aca anois 'ghá dhéanamh, agus déanann an gléas seo ceirtlín nó cliú de'n rópa chomh luath 'is castar í. Cuirtear beagán ola ar na rópaibh i modh nach ngreamóchaidh siad dá chéile. Cuir- tear na ceirtlíní isteach i bhfásgán mac-samhail is ghníd úcairí le héadach, acht go leigtear gal the isteach sa bhfásgán. Leis an bhfásgadh agus an teas tarraingtear cuid de'n tsúgh as an tobac. Tigeann dath dubh air agus cuma líomhtha agus boladh láidir an tobac. Nuair tigeann sé amach as an bhfásgán tá sé ullamh le cur ins an phíopa. Gheallas beagán a rádh ar goidé mar tá ag éirghe le lucht saothruighthe tobac i nÉirinn. Bhí barr maith aca i mbliadhna. Dubhairt an taoiseach airm Colonel Eráird, i gCo. na Midhe, go raibh sé ag súil le biseach £120 an acra d'fhágháil as a chuid tobac tar éis a chostas d'íoc. Is mór an méid é seo, acht dá bhfuigheadh sé a leath nach mór an buntáiste é? Bhí barr as cuimse ag Caiptín Cuffe i gCill Chainnigh, an barr is fearr i nÉirinn, atá sé ráidhte. Cúig nó sé acra bhí curtha aige. Bhí fá thuairim 15 acra curtha ag muinntir Ghoodbodí i gCo. an Ríogh agus bhí barr breagh aca. Is dóighthe go mbeidh suas le 1,000 lb. san aca aca, agus ó shin siar. Agus tá an tobac go maith. Is iomdha cinéal tobac ann, agus bíonn úsáid ar leith ag gach cinéal. Tobac “láidir” tugtar ar tobac a bhfuil mór-chuid nícoitín ann — sin an rud atá sa tobac gur fiú é chaitheadh, acht chan de réir an méid níciotín atá sa tobac tugtar luach air, mar is maith le lucht caithte tobac go minic tobac macánta. An tobac fhásas i nÉirinn tá sé láidir go maith, acht níl sé chomh cumhartha, b'fhéidir, le tobac fhásas i dtíorthaibh brothalacha. Acht is minice díoltar tobac ar an chuma 'ná ar a chumharthacht féin, agus bíonn cuma breagh slachtmhar ar tobac na hÉireann. Mar sin de, tá tuairim agam gur b'fhéidir é do thógáil i nÉirinn chomh maith le i dtír ar bith eile. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services