Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Tobac II

Title
An Tobac II
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1907
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Tobac



II.



Nuair bhíonn na duilleaoga fásta i
gceart agus sul a seirgeann siad, bain-
tear na gasa le seort corráin, agus
seoltar isteach i dtigh tirmighthe iad.
Níl an saothar acht ag tosnughadh anois
mar adéarfá. Tá an teach so gléasta
fá choinne na hoibre. Tá sé
roinnte i seomraíbh árda agus bácha agus
cleithe sínte tríotha. Crochtar na
gasa glasa i n-áirde ar na cleithibh
agus ar sreangaibh iarainn nó ar
théadaibh. Tá píobaí sínte ar lár i
n-a mbíonn gal the ó choire mór atá
ar theinidh taobh amuigh de'n tigh. Is
le teas do chongbháil leis an tobac
atá na píobaí úd, agus teas tais mar
adéarfá i modh nach rachaidh an tobac
i gcríonacht go ró-ghasta acht go
mbruithfear beagán é, agus bíonn sé ins
na seomraíbh sin dhá bhruth agus dhá
shuaitheadh ar feadh cúpla mí. Tá an
gnó so an-chostasach agus mur' féidir an
chostas do laghadughadh is baoghlach
nár bh'fhéidir choidhche tobac do thógáil
chomh saor i nÉirinn is is féidir i
dtíorthaibh 'n-a bhfuil teas gréine níos
mó 'ná tá againne leis an tobac do
thirmiughadh agus d'ullmhughadh. I n-áit
amháin i nÉirinn i mbliadhna, tugadh
iarraidh ar dhóigh níos saoire d'fhágháil
leis an tobac do thirmiughadh. Cuir-
eadh isteach i sgioból é agus lasadh
teinte móna faoi agus d'aibigheadh an
tobac acht gur chríonuigh sé go
ró-thapaidh sa deireadh. Saoilim
gur bh'fhéidir léigheas d'fhágháil air seo
agus gur bh'fhéidir an tobac do shábháil
go breagh le teinidh mhóna.



Nuair bhíos an tobac sábháilte tirm
baintear na duilleoga de na gasaibh
agus ceangaltar i mbeirtínibh beaga
nó i bplaiceannaibh iad, agus cuirtear
isteach i mbairillíbh móra iad agus déan-
tar iad do dhingeadh isteach go dlúth
agus go daingean. Bíonn muinntir na
cána ag faire ar an tobac agus 'ghá
choimhéad ó'n uair athchuirtear na
planndaí, mar teastuigheann an cháin
uatha. Meadhuigheann siad na bairillí
follamhna agus déanann siad an méid
céadna leis na bairillíbh lána agus gheibh
siad meadhachan an tobac ar an dóigh
seo. Caithfear trí sgilling cána
d'íoc ar ghach púnt tobac, acht má's
mian le fear an tobac cáirde d'fhágháil
tá cead aige an tobac do chur i
dtaisge i stór agus urrudhas ar méid
na cána do thabhairt uaidh go dtí go
dteastuigheann an tobac uaidh. Mar
dubhras cheana gheibheann sé lasgaine
nó aisioc sgillinge sa phúnta (tobac)
o'n Riaghaltas.



Siúd is go bhfuil an tobac tirm
sabháilte anois níl sé “déanta” fós
nó ullamh roimhe lucht a gcaithte. Tá
daoine ann gurab é a gceárd an
tobac d'ullmhughadh le haghaidh lucht a
gcaithte; mar shompla an Gallchobh-
arach i mBéal Feirste agus muinntir
Ghoodbodí i mBaile Átha Cliath, agus rl.,
agus ceannuigheann siad so na
duilleoga tirme. Is ó Ameriocá
gheibhid an chuid is mó agus an chuid is
fearr de'n tobac. Díolann siad an
cháin agus gheibh siad cead ó mhuinntir na
cána an tobac a thabhairt amach as na
stóraibh agus a bhreith go dtí a dtighthe
déantúsa. 'Sé an chéad rud ghníthear
leis ins na tighthibh sin 'na é do chaitheadh
amach as na bairillíbh, na duilleoga
do sgaradh ó n-a chéile, do leathadh ar
an urlár, agus d'fhliuchadh le huisge. Badh
cheart damh a rádh go mbíonn an tobac
ró-thirm. Caithfear é thirmiughadh go
mór, ní hé amháin le n-a chonneáilt
folláin acht leis an cháin do laghad-
ughadh, mar tá an oiread cána ar
thobac fliuch is bheadh ar thobac thirm.
Anois níorbh' fhéidir tobac ró-thirm do
shaothrughadh mar bheadh sé ró-bhriosg agus
bhrisfidhe agus truailleochaidhe na duille-
oga. 'Sé an t-uisge cuirtear ar an
tobac san chéim seo i n-a bhfuil an
tairbhe do'n tobacadóir. Íoctar 3/-
sa phúnta mar cháin ar an tobac
tirim agus luach an tobac cuir i
gcás 6d. nó 1/- an púnta, sin fá
thuairim 4/- an púnta atá ar ádhbhar
an tobac, gan trácht ar an saothar
atá leis 'n-a dhiaidh sin, agus is minic
díoltar an tobac le lucht réice tobac
ar 3/- nó 3/3 an púnta. 'Sé an t-uisge
ghníos an deithbhir, acht ní dlistineach
níos mó 'ná 32% sa chéad d'uisge bheith
ann. Tá dlighe i n-a aghaidh.



Tráth fliuchtar an tobac fágtar 'n-a
luighe ar an urlár ar feadh cúpla lá agus
téidheann agus corruigheann an sugh ann
agus tigeann blas agus boladh an tobac
amach air. Tá an tobac ullamh sa
deireadh, agus má's tobac gearrtha éad-
trom, nó tobac fá choinne sigairíní
theastuigheas ó'n déantóir níl aige
acht na duilleoga do ghearradh.
Gearrtar iad le hinneall gearrtha
mar bhíos ag daoinibh ag gearradh
turnapa nó cocháin. Measgtar, de
ghnáth, tobac iol-chineálach tré n-a
chéile de réir datha agus cumhartha.
Déantar na sigairíní i n-inneall eile agus
is féidir na milliúin aca do dhéanamh
i n-inneall amháin i lá amháin. Dalta
na sigeár, ní gearrtar an tobac acht
cuirtear isteach duilleoga beaga nó
bluiríní duilleog i n-a lár agus castar
leath-dhuilleog thart timcheall gach
ceann aca. (Badh cheart damh a rádh
go mbaintear an fhéith nó an asna
atá i gceart-lár gach duilleoga amach
as ar dtús agus go ndéantar dhá leith
de'n duilleoig. Déantar seo leis
an tobac go léir, agus is le lámhaibh
daoine déantar é. Is minic meiltear
na féitheanna so leo féin, agus déantar
snaoisín asta). Déantar an chuid is
mó de na sigeáraibh le láimh, go
háithrid an chuid is fearr aca.



'Sé an tobac casta is mó déantar
i nÉirinn, mar bíonn éileamh mór ar
an gcineál so tobac i nÉirinn. Cha
ngearrtar na duilleoga ar chor ar
bith ag déanamh an tobac so, acht
castar iad i rópa ar an gcuma i n-a
ndéantar súgán. Bíonn gléas casta
aca anois 'ghá dhéanamh, agus déanann an
gléas seo ceirtlín nó cliú de'n rópa
chomh luath 'is castar í. Cuirtear
beagán ola ar na rópaibh i modh nach
ngreamóchaidh siad dá chéile. Cuir-
tear na ceirtlíní isteach i bhfásgán
mac-samhail is ghníd úcairí le héadach,
acht go leigtear gal the isteach sa
bhfásgán. Leis an bhfásgadh agus an
teas tarraingtear cuid de'n tsúgh
as an tobac. Tigeann dath dubh air
agus cuma líomhtha agus boladh láidir an
tobac. Nuair tigeann sé amach
as an bhfásgán tá sé ullamh le cur
ins an phíopa.



Gheallas beagán a rádh ar goidé
mar tá ag éirghe le lucht saothruighthe
tobac i nÉirinn. Bhí barr maith aca i
mbliadhna. Dubhairt an taoiseach
airm Colonel Eráird, i gCo. na Midhe,
go raibh sé ag súil le biseach £120 an
acra d'fhágháil as a chuid tobac tar
éis a chostas d'íoc. Is mór an méid
é seo, acht dá bhfuigheadh sé a leath
nach mór an buntáiste é? Bhí barr
as cuimse ag Caiptín Cuffe i gCill
Chainnigh, an barr is fearr i nÉirinn,
atá sé ráidhte. Cúig nó sé acra bhí
curtha aige. Bhí fá thuairim 15 acra
curtha ag muinntir Ghoodbodí i gCo.
an Ríogh agus bhí barr breagh aca. Is
dóighthe go mbeidh suas le 1,000 lb. san
aca aca, agus ó shin siar.



Agus tá an tobac go maith. Is
iomdha cinéal tobac ann, agus bíonn
úsáid ar leith ag gach cinéal. Tobac
“láidir” tugtar ar tobac a bhfuil
mór-chuid nícoitín ann — sin an rud
atá sa tobac gur fiú é chaitheadh, acht
chan de réir an méid níciotín atá sa
tobac tugtar luach air, mar is maith
le lucht caithte tobac go minic tobac
macánta. An tobac fhásas i nÉirinn
tá sé láidir go maith, acht níl sé
chomh cumhartha, b'fhéidir, le tobac
fhásas i dtíorthaibh brothalacha. Acht is
minice díoltar tobac ar an chuma 'ná
ar a chumharthacht féin, agus bíonn cuma
breagh slachtmhar ar tobac na
hÉireann. Mar sin de, tá tuairim
agam gur b'fhéidir é do thógáil i
nÉirinn chomh maith le i dtír ar bith
eile.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services