Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aided Chonchobuir
Title
Aided Chonchobuir
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Aided Chonchobuir. Tá súil agam go bhfuighidh gach léigh- theoir de'n CHLAIDHEAMH SOLUIS a chuireann suim sa tSean-Ghaedhilg an leabhar nua so a thug Cúnó Meyer amach, .i. Oidheadha Laochradh Uladh nó “The Death-tales of the Ulster Heroes.” Is féidir é fhágháil tré reiceadóir leabhar ar scilling is réal. Muinntir an Agadaimh Ríoghdha atá 'gá chur amach. Seo sliocht a scéal ann ar bhás Chonchubair Mhic Neasa. Táim á chur i nGaedhilg nua ar shon nach gábhadh puinn atharrughadh a dhéanamh air. “Bhí dáil mhór ag Ultaibh ar Mháigh Muirtheimhne. Do ghluais san dáil sin Bochrach, file agus draoi de Laighnibh, ar a theacht a Laighnibh d'éis filidheachta d'fhoghluim. “‘Tá sceála móra agam,’ ar seisean, ‘i dtaobh éachta a thuit amach sa Domhan Toir, .i. Rí neimhe agus talmhan do chrochadh le hIúdaidhibh; agus is dó do thairngir fáidhe agus draoithe. Ar son slánuighthe agus fuascalta daoine an domhain ó pheacadh Ádhaimh do tháinig ó Naemh-neimh; agus do ghaibh colann ó Mhuire óigh-inghin; agus do chuaidh ar chrann na croiche chun an chinidh dhaondha a shlánughadh.’ “Um an Cháisc d'imthigh uainn agus d'ais- éirigh an trímhadh lá ar n-a chéasadh. Is amhlaidh d'innis Altus an nídh sin; is é thigeadh go n-aitheascaibh is go séadaibh is go maoinibh ó Thibhir Shéasair Aughuist, rígh Rómhán, is ó rígh an domhain go dtí Conchubar Mac Neasa go hEamhain Macha. Óir ba mhar a chéile a bhídís reachtairí ríoigh an domhain an uair úd ar chríochaibh meadháin an domhain is i n-insíbh fuine is éirghe gréine, is do b'eol dóibh ar gach taobh gach uile scéal oirdhearc dá dtuiteadh amach. “Ba dhearbh le Conchubhar uaidh-sin cionnus a thárlaidh crochadh Chríost. D'innis Altus dó gur bh'é Críost de sin neamh agus talamh. Agus is amhlaidh a ghaibh Colann ó Mhuire óigh ionnus go bhfuascló'dh an cineadh daonda. Ba chreidmheach Altus féin, ámh. D'innis sé úir-scéala Chríost go maith, dá dheascaibh sin, is do chreid Conchubar i gCríost.” Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services