Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aided Chonchobuir

Title
Aided Chonchobuir
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Aided Chonchobuir.



Tá súil agam go bhfuighidh gach léigh-
theoir de'n CHLAIDHEAMH SOLUIS a
chuireann suim sa tSean-Ghaedhilg an
leabhar nua so a thug Cúnó Meyer
amach, .i. Oidheadha Laochradh Uladh nó
“The Death-tales of the Ulster
Heroes.” Is féidir é fhágháil tré
reiceadóir leabhar ar scilling is
réal. Muinntir an Agadaimh Ríoghdha
atá 'gá chur amach. Seo sliocht a
scéal ann ar bhás Chonchubair Mhic
Neasa. Táim á chur i nGaedhilg nua
ar shon nach gábhadh puinn atharrughadh
a dhéanamh air.



“Bhí dáil mhór ag Ultaibh ar Mháigh
Muirtheimhne. Do ghluais san dáil
sin Bochrach, file agus draoi de Laighnibh,
ar a theacht a Laighnibh d'éis filidheachta
d'fhoghluim.



“‘Tá sceála móra agam,’ ar seisean,
‘i dtaobh éachta a thuit amach sa
Domhan Toir, .i. Rí neimhe agus talmhan
do chrochadh le hIúdaidhibh; agus is dó do
thairngir fáidhe agus draoithe. Ar son
slánuighthe agus fuascalta daoine an
domhain ó pheacadh Ádhaimh do tháinig
ó Naemh-neimh; agus do ghaibh colann ó
Mhuire óigh-inghin; agus do chuaidh ar chrann
na croiche chun an chinidh dhaondha a
shlánughadh.’



“Um an Cháisc d'imthigh uainn agus d'ais-
éirigh an trímhadh lá ar n-a chéasadh. Is
amhlaidh d'innis Altus an nídh sin; is é
thigeadh go n-aitheascaibh is go séadaibh
is go maoinibh ó Thibhir Shéasair Aughuist,
rígh Rómhán, is ó rígh an domhain go dtí
Conchubar Mac Neasa go hEamhain
Macha. Óir ba mhar a chéile a bhídís
reachtairí ríoigh an domhain an uair úd
ar chríochaibh meadháin an domhain is
i n-insíbh fuine is éirghe gréine, is do
b'eol dóibh ar gach taobh gach uile
scéal oirdhearc dá dtuiteadh amach.



“Ba dhearbh le Conchubhar uaidh-sin
cionnus a thárlaidh crochadh Chríost.
D'innis Altus dó gur bh'é Críost de
sin neamh agus talamh. Agus is amhlaidh a
ghaibh Colann ó Mhuire óigh ionnus go
bhfuascló'dh an cineadh daonda. Ba
chreidmheach Altus féin, ámh. D'innis
sé úir-scéala Chríost go maith, dá
dheascaibh sin, is do chreid Conchubar
i gCríost.”



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services