Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Brígh na bPréataí
Title
Brígh na bPréataí
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Brígh na bPréataí. 'Sé an bhrígh is mó baintear as préataibh i nÉirinn iad d'ithe. Agus ní deirim gur olc an tairbhe iad ar an gcuma sin. Acht tá teora leis an méid is féidir d'ithe, agus i dtíorthaibh tar lear is iomdha uair óltar iad agus is iomdha feidhm déantar asta tar a n-ithe ná a n-ól. I nGearmáin déantar biotáille dá lán aca. San bhliadhain 1904-5 meileadh 30,000,000 tonna aca le haghaidh déanta biotáille. Tá pobal mór i nGearmáin, acht is dóigh liom nár bh'fhéidir leo an oiread sin préataí d'ithe. Is maith le Riaghaltas Gearmáine na préataí do thógáil, mar tugann sé gnó dá lán daoine, agus congbhuigheann sé talamh faoi shaothar nach fuil ró-mhaith, agus beathuigheann an gnó seo daoine ar an talamh. Is maith le Riaghaltas Gearmáine daoine d'fhanamhaint sa tír, cha'n dalta an Riaghaltais sagainne gur cuma leobhtha na daoine ann nó as. Mar sin tugann an Riaghaltas úd, .i. Riaghaltas na Gearmáine, locáiste éigin san cháin atá ar bhiotáille do bhiotáille atá déanta as préataibh. Caithfear an teach stilleadh bheith ar an bhfeirm ar ar fhás na préataí, nó i n-aice léithi, i ndóigh go mbéidh an triosg ag na heallaighibh agus go mbéidh leasughadh fá choinne na talmhan arís. Foill- sigheann an méid seo an cúram atá ag Riaghaltas Gearmáine ar leas na tíre agus ar leas na ndaoine. 'Sé an módh i n-a ndéantar biotáille as na préataibh: Bruithtear iad ar dtús. Stailc an rud is mó atá i bpréata, diombainte de'n uisge atá ann, agus teastuigheann an stailc seo ó fhear déanta na biotáille. Rud eile, tá air an stailc d'athrughadh go siúcra sul a b'fhéidir an bhiotáille do dhéanamh aisti agus is amhlaidh is fusa an t-athrughadh sin do dhéanamh nuair atá an stailc bruithte go dtí go bpléasgann na bolgáin bheaga ina bhfuil sí le fágháil. Nuair bhíos na préataí bruithte maith go leor cuirtear isteach i ndabh- aigh mhóir iad agus cuirtear isteach beagán braiche i n-aoinfheacht leo. Cuirtear isteach bog-uisge nó uisge leith-the ('sé sin le rádh fá thuairim 140° F. nó mar sin) agus measgthar an t-iomlán tré n-a chéile le rácaíbh móra iarainn atá suidhte san dabhaigh agus a cuirtear thart le teann gaile go mbíonn gach uile rud atá sa dabhaigh briste brúighte chomh mín le brocháin mine choirce. Anois bíonn rud éigin ins an mbraich .i. cineál gabhála, ar a dtugtar díastas i mBéarla, agus i dteangthachaibh eile is dóigh liom, agus tá sé de bhrígh san rud so go n-athruigheann sé cruth, cuma agus cáilidh- eacht na stailce go ndéantar siúcra di go léir. Ní siúcra de'n chineál atá ar díol ins na siopaíbh, geal, criostaluighthe, acht siúcra fíona atá chomh milis le siúcra ar bith. Nuair bhíos an stailc go léir athruighthe go siúcra cuirtear stad leis na rácaíbh agus fágtar an brochán 'n-a chomhnaidhe uair nó dó go socruigheann sé síos agus ann- sin tarraingtear an spiogód as an dabhaigh agus leigtear do'n súgh imtheacht go dtí soitheach eile. Fágtar an triosg ins an chéad dabhaigh agus díoltar é fá choinne beathaidhigh do chothughadh. Tug- tar braichlis ar an tsúghlach atá fágtha anois agus is silteach soiléir milis atá ann amhail is da leaghfá siúcra i mbog-uisge. Tá ar an bhfear stilleadh an bhriachlis seo d'iompughadh isteach i n-a biotáille agus is maith atá 'fhios aige an dóigh leis sin do dhéanamh. Tógann se í le caidéala thríd phíobaíbh cumhan- ga go dtí soitheacha móra atá réidh fá n-a coinne agus cuireann sé beagán gabhála isteach i ngach soitheach. Is éigin dó bheith cúramach fá'n teas, mar ní oibrigheann an gabháil acht faoi theas áirthidh, .i. ó 60° go 90° F. Tá de chumhacht ag an ngabháil greim sgórnaigh do bhreith ar an siúcra atá sa bhraichlis agus a chruth, a chuma agus a cháilidheacht d'athrughadh i modh nach n-aithneochadh a máthair féin é. Go dearbhtha, im- thigheann an siúcra as ar fad mar bheadh leanbh do bhéarfadh an sluagh sighe leo, agus d'fhágann sé i n-a áit biotáille agus seort gaile a dtugtar gal carbónach uirthi, agus mar tá an ghal seo chomh éadtrom chomhair a bheith, le gaoith, sgiobann sí léithi fosta agus fágann sí an bhiotáille, nó an t-alcothol mar tugtar go minic ar bhrígh na biotáille, measgtha le cuid mhaith uisge ins na soitheachaibh. Tá saothar úr-nua ar mo dhuine bhocht atá i gcionn na hoibre anois agus an t-alcothol do tharraingt as an uisge agus an dríodar agus an salachar atá fágtha i n-a shoitheachaibh, agus 'sé an pota dubh, nó an still, a dtaobhuigheann sé leis leis an méid seo do dhéanamh dó. Ní pota é go dearbhtha, acht inneall diamhaireach atá curtha i n-ionad an phota ar na haimsearaibh seo. Is colamhan mór árd é, nó dias colamhan is minice, agus tá piobaí casta thríd na colamhain seo, b'fhéidir leith- mhíle i bhfad aca. Níor bh'fhéidir liom cur síos ar dhéanamh nó ar mhódh oibre an inill úd gan leabhrán do sgríobhadh, acht féadaim a rádh gurab é an nídh déantar leis an bhraichlis, nó an méid atá fágtha di, go mbirbhighthear í ins na píobaíbh le teas gaile, go gcruinnigh- tear gail na biotáille agus go bhfuaruigh- thear í arís i n-a silteach agus go mbíonn sí annsin 'n-a alcothol, gan dadaidh measgtha leis acht braoinín beag uisge. Seo chugaibh anois ó bhéal na stilleadh bhur bpréataí — préataí lobh- tha b'fhéidir, cuid, aca, agus póiríní beaga suaracha nár bh'fhiú dhuit iad do chur faoi d'fhiacail — i bhfoirm ghalánta ghlan shoiléir bhiotáille nó alcothol. Ní uisge beatha é go dearbhtha, mar nach bhfuil blas uisge beatha air ar chor ar bith, acht tá sé láidir go leor le do cheann go sgoilteadh, agus dá mbeadh sé eidir lámhaibh ag daoinibh éigin i mBaile Átha Cliath nó i mBéal Feirste chuiridís bairrile uisge beatha déanta i nAlbain le céad bairille de agus bheadh an t-uisge beatha is breagh- achta dá bhfaca tú riamh agat, no go háithrid uisge beatha chomh maith is gheobhthá de ghnáthach ins na tighthibh ósta sa tír seo. Is beag an méid de óltar i nGearmáin, ámh, mar tá úsáid níos fearr aca dó. Is iomdha úsáid gnítear de bhiotáille san tír sin i ndéantúsaibh agus i n-eal- adhnaibh na tíre. Ag seo cuid de na gnothannaibh déantar léithi. Déantar púdar agus pléasgacha aisti. 'Sé sin is ádhbhar é de na hádhbharaibh as a ndéantar na neithe seo. Déantar fíon-ghéar léithi. Is ádhbhar í ag déan- amh síoda ealadhanta; déanta dath- anna léithi agus dathanna deallracha nó líomhthacha. Déantar iomhóg láimh- déanta, agus tá an iomhóg so 'n-a ádhbhar ag déanamh mórán rud eile. Dóigh- tear cuid mhór de'n bhiotáille i lochrannaibh agus i dteinnteánnaibh, agus cuir- tear carranna gluaiste agus innealla gluaiste ar siubhal léithi. 'Sí an bhiotáille nó an t-alcothol an rud is fearr le fagháil le bhrígh a bhaint as luibheannaibh, caora, grán agus gach uile sheórt fáis le haghaidh leighis do dhaoinibh agus d'ainmhintibh. Acht níl gar damh leanmhaint do'n sgéal níos fuide, mar is iontuigthe daoibh as an méid seo an bhrígh atá i sugh na bpréataí acht go mbaintear asta i
gceart í. Tá 'fhios ag na Gearmáin- eachaibh an bhrígh atá ins na préataibh agus na módhanna is fearr le n-a baint asta. Os cionn 30,000,000 galún sa bhliadhain de'n alcothol ghnídh úsáid de i n-a gceárdaibh agus i n-a dtightibh déantúis agus i ngach uile chaoi diom- bainte d'ólachán. Ní amháin i bhfoirm alcothoil déan- tar feidhm de na préataíbh. Dubhras gurab í an stailc an coimh-dhéantasach is mó atá i bpréataíbh agus baintear an stailc asta fá choinne gach uile sheórt neithe 'n-a bhfuil sí feidheamhail. Dubhras fosta gur féidir an stailc d'athrughadh go cineál siúcra agus féadaim a rádh go bhfuil bealach níos giorra le n-a dhéanamh, 'ná le gabháil braiche, .i. le súgh géara do chur air. Déantar a lán de'n siúcra so as préataíbh agus is beag an méid milséan atá ar díol i nÉirinn nach ndéantear as siúcra fíona é, agus déantar an siúcra so ar fad as préataíbh nó as min bhuidhe. Is beag a sílid na páistí nuair bhíonn siad ag súghadh milséan gur ag ithe préataí bhíonn siad. Ní bhíonn an siúcra so ró-fholláin go minic, nó is deacair fuighleach na bpréataí agus gach uile dríodar salach do ghlanadh as. Is dóigh liom gur bh'fhéidir a deich n-oiread préataí do thógáil sa tír seo 'ná mar ghnímíd anois, agus dá mbeadh eolas ceart againn ar an bhrígh agus an tairbhe atá ionnta, níl amhras orm 'ná go ndéanamaois é. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services