Brígh na bPréataí.
'Sé an bhrígh is mó baintear as
préataibh i nÉirinn iad d'ithe. Agus
ní deirim gur olc an tairbhe iad ar
an gcuma sin. Acht tá teora leis an
méid is féidir d'ithe, agus i dtíorthaibh tar
lear is iomdha uair óltar iad agus is
iomdha feidhm déantar asta tar a
n-ithe ná a n-ól. I nGearmáin déantar
biotáille dá lán aca. San bhliadhain
1904-5 meileadh 30,000,000 tonna
aca le haghaidh déanta biotáille. Tá
pobal mór i nGearmáin, acht is dóigh
liom nár bh'fhéidir leo an oiread sin
préataí d'ithe. Is maith le Riaghaltas
Gearmáine na préataí do thógáil, mar
tugann sé gnó dá lán daoine, agus
congbhuigheann sé talamh faoi shaothar
nach fuil ró-mhaith, agus beathuigheann an
gnó seo daoine ar an talamh. Is
maith le Riaghaltas Gearmáine daoine
d'fhanamhaint sa tír, cha'n dalta an
Riaghaltais sagainne gur cuma
leobhtha na daoine ann nó as. Mar
sin tugann an Riaghaltas úd, .i.
Riaghaltas na Gearmáine, locáiste éigin
san cháin atá ar bhiotáille do bhiotáille
atá déanta as préataibh. Caithfear
an teach stilleadh bheith ar an bhfeirm
ar ar fhás na préataí, nó i n-aice
léithi, i ndóigh go mbéidh an triosg ag
na heallaighibh agus go mbéidh leasughadh
fá choinne na talmhan arís. Foill-
sigheann an méid seo an cúram atá
ag Riaghaltas Gearmáine ar leas na
tíre agus ar leas na ndaoine.
'Sé an módh i n-a ndéantar
biotáille as na préataibh: Bruithtear
iad ar dtús. Stailc an rud is mó
atá i bpréata, diombainte de'n
uisge atá ann, agus teastuigheann an
stailc seo ó fhear déanta na
biotáille. Rud eile, tá air an
stailc d'athrughadh go siúcra sul
a b'fhéidir an bhiotáille do dhéanamh
aisti agus is amhlaidh is fusa an t-athrughadh
sin do dhéanamh nuair atá an stailc
bruithte go dtí go bpléasgann na
bolgáin bheaga ina bhfuil sí le
fágháil. Nuair bhíos na préataí bruithte
maith go leor cuirtear isteach i ndabh-
aigh mhóir iad agus cuirtear isteach beagán
braiche i n-aoinfheacht leo. Cuirtear
isteach bog-uisge nó uisge leith-the ('sé
sin le rádh fá thuairim 140° F. nó mar
sin) agus measgthar an t-iomlán tré n-a
chéile le rácaíbh móra iarainn atá
suidhte san dabhaigh agus a cuirtear thart
le teann gaile go mbíonn gach uile
rud atá sa dabhaigh briste brúighte
chomh mín le brocháin mine choirce.
Anois bíonn rud éigin ins an mbraich .i.
cineál gabhála, ar a dtugtar díastas
i mBéarla, agus i dteangthachaibh eile is
dóigh liom, agus tá sé de bhrígh san rud so go
n-athruigheann sé cruth, cuma agus cáilidh-
eacht na stailce go ndéantar siúcra
di go léir. Ní siúcra de'n chineál
atá ar díol ins na siopaíbh, geal,
criostaluighthe, acht siúcra fíona atá
chomh milis le siúcra ar bith. Nuair
bhíos an stailc go léir athruighthe go
siúcra cuirtear stad leis na rácaíbh agus
fágtar an brochán 'n-a chomhnaidhe uair
nó dó go socruigheann sé síos agus ann-
sin tarraingtear an spiogód as an
dabhaigh agus leigtear do'n súgh imtheacht
go dtí soitheach eile. Fágtar an triosg
ins an chéad dabhaigh agus díoltar é fá
choinne beathaidhigh do chothughadh. Tug-
tar braichlis ar an tsúghlach atá
fágtha anois agus is silteach soiléir milis
atá ann amhail is da leaghfá siúcra
i mbog-uisge. Tá ar an bhfear stilleadh
an bhriachlis seo d'iompughadh isteach
i n-a biotáille agus is maith atá 'fhios aige
an dóigh leis sin do dhéanamh. Tógann
se í le caidéala thríd phíobaíbh cumhan-
ga go dtí soitheacha móra atá réidh
fá n-a coinne agus cuireann sé beagán
gabhála isteach i ngach soitheach. Is
éigin dó bheith cúramach fá'n teas,
mar ní oibrigheann an gabháil acht faoi
theas áirthidh, .i. ó 60° go 90° F. Tá de
chumhacht ag an ngabháil greim sgórnaigh
do bhreith ar an siúcra atá sa bhraichlis
agus a chruth, a chuma agus a cháilidheacht
d'athrughadh i modh nach n-aithneochadh
a máthair féin é. Go dearbhtha, im-
thigheann an siúcra as ar fad mar
bheadh leanbh do bhéarfadh an sluagh
sighe leo, agus d'fhágann sé i n-a áit
biotáille agus seort gaile a dtugtar
gal carbónach uirthi, agus mar tá an ghal
seo chomh éadtrom chomhair a bheith, le
gaoith, sgiobann sí léithi fosta agus
fágann sí an bhiotáille, nó an
t-alcothol mar tugtar go minic ar
bhrígh na biotáille, measgtha le cuid
mhaith uisge ins na soitheachaibh.
Tá saothar úr-nua ar mo dhuine
bhocht atá i gcionn na hoibre anois agus
an t-alcothol do tharraingt as an
uisge agus an dríodar agus an salachar atá
fágtha i n-a shoitheachaibh, agus 'sé an pota
dubh, nó an still, a dtaobhuigheann sé
leis leis an méid seo do dhéanamh
dó. Ní pota é go dearbhtha, acht
inneall diamhaireach atá curtha i
n-ionad an phota ar na haimsearaibh
seo. Is colamhan mór árd é, nó dias
colamhan is minice, agus tá piobaí casta
thríd na colamhain seo, b'fhéidir leith-
mhíle i bhfad aca. Níor bh'fhéidir liom cur
síos ar dhéanamh nó ar mhódh oibre an
inill úd gan leabhrán do sgríobhadh,
acht féadaim a rádh gurab é an nídh
déantar leis an bhraichlis, nó an méid
atá fágtha di, go mbirbhighthear í ins na
píobaíbh le teas gaile, go gcruinnigh-
tear gail na biotáille agus go bhfuaruigh-
thear í arís i n-a silteach agus go mbíonn
sí annsin 'n-a alcothol, gan dadaidh
measgtha leis acht braoinín beag
uisge. Seo chugaibh anois ó bhéal na
stilleadh bhur bpréataí — préataí lobh-
tha b'fhéidir, cuid, aca, agus póiríní beaga
suaracha nár bh'fhiú dhuit iad do chur
faoi d'fhiacail — i bhfoirm ghalánta
ghlan shoiléir bhiotáille nó alcothol. Ní
uisge beatha é go dearbhtha, mar nach
bhfuil blas uisge beatha air ar chor ar
bith, acht tá sé láidir go leor le do
cheann go sgoilteadh, agus dá mbeadh sé
eidir lámhaibh ag daoinibh éigin i
mBaile Átha Cliath nó i mBéal
Feirste chuiridís bairrile uisge beatha
déanta i nAlbain le céad bairille
de agus bheadh an t-uisge beatha is breagh-
achta dá bhfaca tú riamh agat, no go
háithrid uisge beatha chomh maith is
gheobhthá de ghnáthach ins na tighthibh ósta
sa tír seo. Is beag an méid de
óltar i nGearmáin, ámh, mar tá
úsáid níos fearr aca dó. Is
iomdha úsáid gnítear de bhiotáille
san tír sin i ndéantúsaibh agus i n-eal-
adhnaibh na tíre. Ag seo cuid de na
gnothannaibh déantar léithi. Déantar
púdar agus pléasgacha aisti. 'Sé sin
is ádhbhar é de na hádhbharaibh as a
ndéantar na neithe seo. Déantar
fíon-ghéar léithi. Is ádhbhar í ag déan-
amh síoda ealadhanta; déanta dath-
anna léithi agus dathanna deallracha nó
líomhthacha. Déantar iomhóg láimh-
déanta, agus tá an iomhóg so 'n-a ádhbhar
ag déanamh mórán rud eile. Dóigh-
tear cuid mhór de'n bhiotáille i
lochrannaibh agus i dteinnteánnaibh, agus cuir-
tear carranna gluaiste agus innealla
gluaiste ar siubhal léithi. 'Sí an
bhiotáille nó an t-alcothol an rud is
fearr le fagháil le bhrígh a bhaint as
luibheannaibh, caora, grán agus gach uile
sheórt fáis le haghaidh leighis do
dhaoinibh agus d'ainmhintibh. Acht níl gar
damh leanmhaint do'n sgéal níos
fuide, mar is iontuigthe daoibh as an
méid seo an bhrígh atá i sugh na
bpréataí acht go mbaintear asta i
gceart í. Tá 'fhios ag na Gearmáin-
eachaibh an bhrígh atá ins na préataibh agus
na módhanna is fearr le n-a baint
asta. Os cionn 30,000,000 galún
sa bhliadhain de'n alcothol ghnídh úsáid
de i n-a gceárdaibh agus i n-a dtightibh
déantúis agus i ngach uile chaoi diom-
bainte d'ólachán.
Ní amháin i bhfoirm alcothoil déan-
tar feidhm de na préataíbh. Dubhras
gurab í an stailc an coimh-dhéantasach
is mó atá i bpréataíbh agus baintear an
stailc asta fá choinne gach uile sheórt
neithe 'n-a bhfuil sí feidheamhail.
Dubhras fosta gur féidir an
stailc d'athrughadh go cineál siúcra agus
féadaim a rádh go bhfuil bealach níos
giorra le n-a dhéanamh, 'ná le gabháil
braiche, .i. le súgh géara do chur air.
Déantar a lán de'n siúcra so as
préataíbh agus is beag an méid milséan
atá ar díol i nÉirinn nach ndéantear
as siúcra fíona é, agus déantar an
siúcra so ar fad as préataíbh nó as
min bhuidhe. Is beag a sílid na páistí
nuair bhíonn siad ag súghadh milséan
gur ag ithe préataí bhíonn siad. Ní
bhíonn an siúcra so ró-fholláin go
minic, nó is deacair fuighleach na
bpréataí agus gach uile dríodar salach
do ghlanadh as.
Is dóigh liom gur bh'fhéidir a deich
n-oiread préataí do thógáil sa tír
seo 'ná mar ghnímíd anois, agus dá
mbeadh eolas ceart againn ar an
bhrígh agus an tairbhe atá ionnta, níl
amhras orm 'ná go ndéanamaois é.
Cú Uladh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11