Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mícheál Cíosóg
Title
Mícheál Cíosóg
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Mícheál Cíosóg. Beannacht Dé let' anam, a Mhíchil Cíosóig! Is 'mdhó croidhe fé chumhaidh agus is 'mdhó súil ag sileadh deor it' dhiaidh ar fuaid Gaedhealtacht na hÉir- eann indiu. Táid tréin-fhir na nGaedh- eal go deacrach, gan luadháil 'n-a ngéagaibh, gan tapa, gan acmhuinn, gan bhrígh. Táid bantracht dílis na hÉireann 'ot' chaoineadh go dearg- ruisc, is ag státhadh a gcod' gruaige le corp anfaithe is uaignis det' bhárr. Agus ní hiongnadh liom go bhfuilid ar an gcuma soin, mar Ghaedheal a Ghaedlaibh a b'eadh thusa. Do scagadh thu a caise d'fhuil Gaedheal is Gall; caise go raibh a fhuinse agus a thúis ar chliathánaibh bán-chnoc Boirne Bhriain; caise do bhrúcht it' chuislinn-se thar gleanntaibh is tar maoilinnibh go dtí go ndeaghaidh 'n-a rabharta tar Éirinn go léir á ghlanadh; agus caise do scuab- faidh a fearannaibh Bhriain an t-iasacht is an Ghalldacht, agus d'athnódhfaidh scéimh scoth-áluinn ár dtailimh bhig dhúthchais. Gaedheal na nGaedheal a b'eadh thu. Ba thu a gceann comhairle is a bhfál i n-aghaidh lucht an fheallsaimh bhréige. Ba thu a dtaca chun seasaimh lá an ghleoidh. Ba thu a bpeann is a lann. Ba thu a ngleann 's a raibh ann. Ba thu a gcleite ómrach is a n-adharc comhlainn. Ba thu a ngadhar luirg is a ngroid-each cogaidh, a dtarbh tána is a seabhac chun sáithte, a gCúchulainn 's a gConall, a nGoll 's a hOsgar, a Manannán mac Lír is a Lugha Lámh- fhada. Togha agus rogha na nGaedheal do b'eadh thu. Badh thu ba Ghaedhealaighe is ba shéimhidhe is ba thréithighe ar Ghaedhealaibh. Ba thu ba cheann-Ghaedh- eal is ba cheann-mhaor ar Ghaedhealaibh. Ba Ghaedhealaighde na Gaedhil thu bheith ortha, agus is céim síos ar an séimh-bhuidhin gur cailleadh thu. Ba bhreagh leat na Gaedhil. Ba breagh leat an Ghaedhilg. Níor chaillis riamh ar Ghaedheal. Níor fheallais riamh ar Ghaedheal. Níor chuiris claon ar Ghaedheal, ná níor chuiris bréag ar Ghaedheal. Beannacht Dé leat go Flaithis an Éin-Mhic! Dia let' anam, a mharcaigh na mbán- ghlac; Dia let' anam is go nglacaidh thu in' Árus; Dia let' anam is Peadair is Paulus, Colm na Cille agus Beinin is Pádraig. Bíodh ar mh'fhalluinn gur neach thu ná stánfadh Roimh shluaighte danar, á dtreascairt i mbeárnain; Ba bheag ort a mbladar, a gcleasa, 's a ngáitse, 'S a bpriocaireacht gliogair cois bhuicit na hádhbhachta. Tháinig chun baile dhuit acmhuinn is árd-neart, Tréineacht cuisleann, is fuinneamh nár bh'fháltha, Scóp is soineantacht, siosma le fáidhibh, Is fuath is mioscais do'n bhfuirinn tar sáile. Is minic do chonnac amuigh ar an bpáirc tu, Is greim maith agat ar bharra chamáin ghil, Ag brostughadh foirne i n-imirt iom- ána, 'S ag traochadh scata fear greanta sa mbáire. 'S ó chuadhais i dtaisteal ar Chathair an Árd-Mhic, 'S gur fhágais scaithte fir Bhanba it' dheáidh-se, Dia na n-aingeal dot' ghairm go bráth leis Ó bhuaidheartha an tailimh go Parrathas. Ámen! Tórna.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services