Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mícheál Cíosóg

Title
Mícheál Cíosóg
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Mícheál Cíosóg.



Beannacht Dé let' anam, a Mhíchil
Cíosóig! Is 'mdhó croidhe fé chumhaidh
agus is 'mdhó súil ag sileadh deor it'
dhiaidh ar fuaid Gaedhealtacht na hÉir-
eann indiu. Táid tréin-fhir na nGaedh-
eal go deacrach, gan luadháil 'n-a
ngéagaibh, gan tapa, gan acmhuinn,
gan bhrígh. Táid bantracht dílis na
hÉireann 'ot' chaoineadh go dearg-
ruisc, is ag státhadh a gcod' gruaige
le corp anfaithe is uaignis det' bhárr.



Agus ní hiongnadh liom go bhfuilid
ar an gcuma soin, mar Ghaedheal a
Ghaedlaibh a b'eadh thusa. Do scagadh
thu a caise d'fhuil Gaedheal is Gall;
caise go raibh a fhuinse agus a thúis ar
chliathánaibh bán-chnoc Boirne Bhriain;
caise do bhrúcht it' chuislinn-se thar
gleanntaibh is tar maoilinnibh go dtí
go ndeaghaidh 'n-a rabharta tar Éirinn
go léir á ghlanadh; agus caise do scuab-
faidh a fearannaibh Bhriain an t-iasacht
is an Ghalldacht, agus d'athnódhfaidh scéimh
scoth-áluinn ár dtailimh bhig dhúthchais.



Gaedheal na nGaedheal a b'eadh thu.
Ba thu a gceann comhairle is a bhfál i
n-aghaidh lucht an fheallsaimh bhréige.
Ba thu a dtaca chun seasaimh lá an
ghleoidh. Ba thu a bpeann is a lann.
Ba thu a ngleann 's a raibh ann. Ba
thu a gcleite ómrach is a n-adharc
comhlainn. Ba thu a ngadhar luirg is
a ngroid-each cogaidh, a dtarbh tána
is a seabhac chun sáithte, a gCúchulainn
's a gConall, a nGoll 's a hOsgar, a
Manannán mac Lír is a Lugha Lámh-
fhada.



Togha agus rogha na nGaedheal do
b'eadh thu. Badh thu ba Ghaedhealaighe
is ba shéimhidhe is ba thréithighe ar
Ghaedhealaibh. Ba thu ba cheann-Ghaedh-
eal is ba cheann-mhaor ar Ghaedhealaibh.
Ba Ghaedhealaighde na Gaedhil thu bheith
ortha, agus is céim síos ar an séimh-bhuidhin
gur cailleadh thu. Ba bhreagh leat na
Gaedhil. Ba breagh leat an Ghaedhilg.
Níor chaillis riamh ar Ghaedheal. Níor
fheallais riamh ar Ghaedheal. Níor
chuiris claon ar Ghaedheal, ná níor
chuiris bréag ar Ghaedheal. Beannacht
Dé leat go Flaithis an Éin-Mhic!



Dia let' anam, a mharcaigh na mbán-
ghlac;
Dia let' anam is go nglacaidh thu in'
Árus;
Dia let' anam is Peadair is Paulus,
Colm na Cille agus Beinin is
Pádraig.



Bíodh ar mh'fhalluinn gur neach thu ná
stánfadh
Roimh shluaighte danar, á dtreascairt
i mbeárnain;
Ba bheag ort a mbladar, a gcleasa,
's a ngáitse,
'S a bpriocaireacht gliogair cois
bhuicit na hádhbhachta.



Tháinig chun baile dhuit acmhuinn is
árd-neart,
Tréineacht cuisleann, is fuinneamh
nár bh'fháltha,
Scóp is soineantacht, siosma le fáidhibh,
Is fuath is mioscais do'n bhfuirinn tar
sáile.



Is minic do chonnac amuigh ar an
bpáirc tu,
Is greim maith agat ar bharra chamáin
ghil,
Ag brostughadh foirne i n-imirt iom-
ána,
'S ag traochadh scata fear greanta
sa mbáire.



'S ó chuadhais i dtaisteal ar Chathair
an Árd-Mhic,
'S gur fhágais scaithte fir Bhanba it'
dheáidh-se,
Dia na n-aingeal dot' ghairm go bráth
leis
Ó bhuaidheartha an tailimh go Parrathas.
Ámen!



Tórna.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services