Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bairbre I
Title
Bairbre I
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Pen Name
Colm Ó Conaire
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Bairbre I. Ní raibh Bairbre ró-shlachtmhar an lá a b'fhearr a bhí sí. D'admhóchadh éinne an méid sin. An chéad chás de, bhí sí geam-chaoch. Dubhairt daoine go raibh sí ar leath-shúil. Ní ghéillfeadh Bríghidín go raibh, acht gurab amhlaidh bhíodh a leath-shúil dúnta aici, mar gur cheap sí gur leor leath-shúil amháin (bíodh is gur leath-shúil chaoch í) chum a cuid gnótha a dhéanamh. Bíodh sin mar atá, ní féidir a chontráileadh go raibh plaitín maol uirthi; agus fágaim le hudhacht nach deas an rud plaitín maol ar óg-mhnaoi. Rud eile, bhí sí i n-a balbhán; nó badh chirte dhom a rádh nár labhair sí riamh le héinne acht le Bríghidín, bhí teanga bhlasta Ghaedhilge aici agus bhí a cuid smaointe ar áilneacht an domhain. Ní go maith bhí sí i n-ann siubhal, ar an ádhbhar go raibh sí ar leath-chois agus go raibh an leath-chos sin féin briste. Bhí dhá chois aici tráth, acht d'ith an madadh ceann aca, agus briseadh an ceann eile an uair thuit sí ó bhárr an drisiúir. Acht cia hí Bairbre, arsa tusa, nó cia hí Bríghidín? 'Sí Bríghidín an ghirrseach bheag fhionn-bhán chomhnuigheas sa teach is goire do theach an mhaighis- tir. Is cosamhail go n-aithnígheann tú anois í? Muna n-aithnigheann, níl neart agam air. Ní chualas riamh cia dhar dhíobh í, agus dubhairt sí féin liom nach bhfuil d'ainm ar a hathair acht “Daide.” Maidir le Bairbre, tá sé chomh maith agam a heachtrá agus a himtheachta innseacht duit tríd síos. Maidin áirithe ghléas máthair Bhrígh- ídín í féin chum bóthair. Bhí Bríghidín i n-a suidhe ar a stóilín féin gan smid aisti, acht í ag cur na súl trí n-a máthair. Sa deireadh thiar thall labhair sí: “Bhfuil Maime ag imtheacht ó Bhrígh- idín?” “Níl, a stórach. Tiocfaidh Maime arís tráthnóna. Tá sí ag dul go Gaillimh.” “Bhfuil Bríghidín ag dul freisin?”
“Níl, a chuid. Tá an bealach ró- fhada agus bheadh mo chailín beag tuirseach. Fanfaidh sí sa mbaile ag súgradh di féin, mar dhéanfadh cailín maith. Nach bhfanfaidh?” “Fanfaidh.” “Ní rachaidh sí amach ar an tsráid?” “Ní rachaidh.” “Tiocfaidh Daide isteach am dinnéir agus beidh béile agaibh le chéile. Tabhair póg do Mhaime anois.” Tugadh an phóg agus bhí an máthair ag imtheacht. Phreab Bríghidín i n-a seasamh. “A Mhaime!” “Céard é fhéin, a ghrádh ghil?” “Nach dtiubhraidh tú féirín a bhaile do Bhríghidín?” “Tiubraidh, a chuid. Féirín deas.” D'imthigh an mháthair agus d'fhan Bríghidín go sásta sa mbaile. Shuidh sí fúithi ar a stóilín. Bhí an madadh i n-a lúib os comhair na teineadh agus é ag sranntarnaigh. Dhúisigh Bríghidín é agus chuir cogar i n-a chluais: — “Tiubhraidh Maime féirín a bhaile do Bhríghidín.” “Bhúf!” ars' an madadh agus chuaidh a chodladh dó féin arís. Bhí a fhios ag Bríghidín gurbh' ionann “Bhúf” agus “Maith an sgéal!” Bhí an caitín i n-a shuide ar an teinnteán. Thóg Bríghidín i n-a dhá láimh é, chuimil a chealltar dá leacain, agus chuir cogar i n-a chluais: — “Tiubhraidh Maime féirín a bhaile do Bhríghidín.” “Mí-amh!” ars' an caitín. Bhí a fhios ag Bríghidín gurbh' ionann “Mí- amh!” agus “Maith an sgeál!” Leag sí an caitín uaithi agus d'imthigh ar fud an tighe ag gabháil fhuinn di féin. Rinne sí amhrán beag mar leanas: — “Ta an madadh 'n-a luighe, Tá an caitín 'n-a shuidhe, Tá Maime imthighthe ar an aonach; Acht tiocfaidh gan mhoill, Is tiubhraidh sí féirín do Bhríghidín!” Thug sí iarracht fá'n amhrán so a mhúineadh do'n mhadadh, acht is mó an dúil a bhí ag an madadh i gcodladh 'ná i gceol. Thug sí iarracht fá n-a mhúineadh do'n chaitín, acht ba bhinne leis an gcaitín a chronán féin. Nuair tháinig a hathair isteach sa meadhon lae ní dhéanfadh tada cúis di acht an t-amhrán a rádh dhó agus a chur d'iachall air é fhoghluim de ghlan-mheabhair. D'fhill an mháthair a bhaile roimh fhuinneadh gréine. B'é an chéad fhocal adubhairt Bríghidín — “Ar thug tú an féirín, a Mhaime?” “Thugas, a chuisle.” “Céard a thug tú?” “Tomhais!” Bhí an mháthair i n-a seasamh i lár na cistineach. Bhí a mála leagtha ar an urlár aici agus a lámha taobh thiar di. “Milseáin?” “Ní headh!” “Cáca?” “Ní headh, muis'! Tá cáca i mo mhála agam ach ní hé sin an féirín.” “Péire stocaí!” Níor chaith Bríghidín bróga ná stocaí riamh agus b'fhada dhi ag tnúthán leo. “Ní headh, go deimhin! Tá tú ró- óg le haghaidh stocaí go fóillín.” “Leabhar urnuighthe!” Ní gábhadh dhom a rádh nach raibh Bríghidín i n-ann léigheamh (ar é níor chuir sí lá isteach ar sgoil i n-a saoghal), acht cheap sí go raibh. “Leabhar urnuighthe!” ar sise. “Ní headh, chor ar bith!” “Céard é fhéin, 'd eile?” “Breathnuigh!” Leath an mháthair a dhá lámh, agus nocht — bábóigín. Bábóigín beag ádhmaid a raibh plaitín maol uirthi, agus í geam- chaoch; acht bhí a dhá gruaidh chomh dearg le caor agus bhí smige gáire ar a béal. Éinne a mbeadh cion aige do bhábógaibh, thiubhradh sé gean agus grádh di. Las súile Bhríghidín le háthas. “Óra, nach deas í! Ara, a Mhaime, a chroidhe, cé bhfuair tú í? Óra! Ó! Béidh páiste agam dem' chuid fhéin anois! Béidh páiste ag Bríghidín!” Rug sí ar an mbábóigín agus d'fhaisg le n-a chroidhe í. Phóg sí a plaitín beag maol is a dhá gruaidh dhearga. Phóg sí a béilín is a sróinín geanncach. Ann- sin chuimhnigh sí uirthi féin, chroch* a ceann, agus ar sise le n-a mháthair: — “Póch!” (Mar sin adubhairt Brígh- idín “póg”). D'ísligh an mháthair nó gur phóg an cailín beag í. Annsin b'éigin di an bábóigín a phógadh. Tháinig an t-athair isteach ar an bpuinnte sin agus cuireadh fá ndeara dó-san an cleas céadna a dhéanamh. Ní raibh tada ag déanamh imnidhe do Bhríghidín ar feadh an tráthnóna sin acht cia an t-ainm bhaistfeadh sí ar an mbábóig. Mhol a mháthair “Malaí” di, agus cheap a hathair go mbadh feileamhnach an t-ainm “Peigí”. Acht ní raibh ceachtar aca so sáthach galánta dar le Bríghidín. “Tuige ar tugadh ‘Bríghidín’ orm- sa, a Dhaide?” ar sise tar éis suipéir. “Dubhairt na sean-mhná gur chos- mhail led' Oncail Pádraic thú, agus ó thárla nár bhféidir ‘Pádraic’ a bhaisteadh ort, baisteadh ‘Bríghid’ ort, mar cheapamar gurbh' é an rud ba ghoire dhó é.” “Meas tú an cosmhail í seo (an bhábóg) lem' Oncail Pádraic, a Dhaide?” “Dar fiadh, ní cosmhail! Ó, ní cos- mhail chor ar bith. Tá t'Oncail Pád- raic bán — agus creidim go bhfuil féasóg anois air.” “Cia leis ar cosmhail í, 'd eile?” “Muise, badh dheacair a rádh, a ghirrseacháin — ba dheacair sin.” Rinne Bríghidín machtnamh ar feadh tamaill. Bhí a hathair ag baint a cuid éadaigh dhi os comhair na teineadh ar feadh an ama so, mar bhí sé i n-am codlata. Nuair bhí bainte dhi agus a léine oidhche curtha uirthi, chuaidh sí ar a ghlúnaibh, chuir a dhá láimhín le chéile, agus thosuigh uirthi mar so: — “A Íosa Críosta, go mbeannuighidh tú agus go sábhálaidh tú sinn! A Íosa Críosta, go mbeannuighidh tú Daide agus Maime agus Bríghidín, agus go gcuiridh tú slán sábháilte ó thubaiste agus ó anacain na bliadhna sinn, má's é toil mo Shlánuightheora é. A Dhia, go mbeann- uighidh tú m'Oncail Pádraic, atá anois i 'Meriocá, agus m'Aint Bairbre —” Stad sí go hobann agus chuir gáir áthais aisti. “Tá sé agam! tá sé agam, a Dhaide!” ar sise. “Céard tá agat, a ghrádh? Fán go gcríochnuigidh tú do chuid paidreacha” “M'aint Bairbre! Is cosmhail lem' Aint Bairbre í!” “Cia is cosmhail led' Aint Bairbre?” “An bábóigín! Sin é an t-ainm chuirfeas mé uirthi! Bairbre!” Leig an t-athair a shean-sgairt gáire sul ar chuimhnigh sé go raibh na paid- reacha gan a bheith críochnuighthe. Ní dhearna Bríghidín gáire ar bith, acht lean uirthi mar so: — “Ó! a Dhia! go mbeannuighidh tú m'Oncail Pádraic atá anois i 'Meiriocá, agus m'Aint Bairbre, agus,” (seo aguisín chuir sí féin leis) “agus go mbeannuighidh tú mo Bhairbre bheag fhéin agus go gcoinnighidh tú ó pheacadh marbhtha í! Amén, a Thighearna!” Sgairt an t-athair ag gáiridhe arís. D'fhéach Bríghidín air agus iongantas uirthi. “Sguab leat siar anois agus isteach i do leabaidh leat do deo!” ar seiseam chomh luath is d'fhéad sé labhairt le gáire. “Agus ná déan dearmad ar Bhairbre!” ar seisean. “Níl baoghal go ndéanfainn!” Siar léi sa seomra agus isteach sa leabaidh léi i mullach a cinn. Bi cinnte nár dhearmaid sí Bairbre. Ó'n oidhche sin amach ní rachadh Bríghidín a chodladh ar ór ná ar air- gead gan Bairbre a bheith sa leabaidh aici. Ní shuidhfeadh sí chum biadh a chaitheamh gan Bairbre a bheith i n-a suidhe le n-a hais. Ní ghabhfadh sí amach ag súgradh di féin gan Bairbre a bheith i n-a fochair. Domhnach amháin a thug a mháthair léi chuig an Aifreann í, ní raibh Bríghidín sásta gan Bairbre thabhairt ann freisin. Ní thagadh bean chomhursan isteach ag cuairtéireacht nach gcuirfidhe Bairbre i n-aithne di. Lá dar bhuail an sagart isteach chuca d'iarr Bríghidín air a bheannacht a thabhairt do Bhairbre. Thug sé a bheannacht do Bhríghidín féin. Cheap sise gur do'n bhábóig thug sé í, agus bhí sí lán-tsásta. Shocruigh Bríghidín párlús beag deas do Bhairbre ar bhárr an drisiúir. Chuala sí go raibh párlús ag a hAint Bairbre (a bhí i n-a chomhnaidhe i nUachtar Árd) agus cheap sí nár mhór dá Bairbre-se párlús a bheith aici chomh maith le duine. Thuit mo Bhairbre bhocht ó bhárr an drisiúir lá, mar dubhras cheana, agus briseadh a leath-chos. Is iomdha timpiste thairis sin bhain di. Lá eile rug an madadh uirthi agus bhí 'gá stroiceadh ó chéile go dtáinig máthair Bhríghidín do chabhair uirthi. D'fhan an leath-chos slán ag an madadh. Uair eile thuit sí isteach san abhainn agus hóbair gur báitheadh í. 'Sé athair Bhríghidín tháinig do chongnamh uirthi an turas so. Is beag nár báitheadh Bríghidín féin agus í a d'iarraidh í thárrtháil ó phort na habhann. Má bhí Bairbre gan a bheith ró- dhathamhail an chéad lá a tháinig sí, luigheann sé le nádúr nach fearr an tslacht a bhí uirthi thar éis bliadhain a chur dhi. Acht ba chuma le Bríghidín dathamhail nó mí-dhathamhail í. Thug sí grádh a croidhe di ó'n gcéad mhóiméad leag sí súile uirthi, agus is ag méadughadh a bhí an grádh sin ó lá go lá. Nach ag an mbeirt aca a bhíodh an greann nuair d'fhágadh an máthair an teach fá n-a gcuram tráth bhíodh sí ar chuairt tighe comhursan! Bhíodh an t-urlár glanta agus na plátaí sgólta aca roimpi nuair a d'fhilleadh sí. Agus nach ar an máthair a bhíodh an t-iongan- taibh, mar 'dheadh! “An í Bríghidín ghlan an t-urlár dá Maime?” adeireadh sí. “Bríghidín agus Bairbre,” adeireadh an cailín beag. “Muise, ní mé** céard a dhéan- fainn muna mbeadh an bheirt agaibh!” adeireadh an máthair. Agus nach ar Bhríghidín bhíodh an ríméad agus an bród! Agus na laetheannta fada samhraidh chuiridís díobh ar thaoibh an chnuic, i measg na raithnighe agus na mbláth! — Bríghidín ag bailiughadh nóinín is bainne bó bleachtain is méaracán púca, agus Bairbre 'gá gcomhaireamh di (mar deireadh sí); Bríghidín ag síor- chainnt agus ag innseacht sgéalta nach gcuala duine ná daonnaidhe (ní abraim bábóigín) a leithéid riamh roimhe ná ó shoin, agus Bairbre ag éisteacht léi, — caithfidh sé go mbíodh sí ag éisteacht go haireach, mar ní thagadh focal as a béal. 'Sé mo bharamhail nach raibh gearr- chaile i gConnachtaibh ná, dá ndéar- fainn é, san Roinn Eorpa, ba shásta shonasaighe 'ná Bríghidín na laetheanta úd; agus ní miste dhom a rádh nach raibh bábóigín fá luighe na gréine ba shásta shonasaighe 'ná Bairbre. Sin mar bhí go dtáinig Niamh Chinn Óir. (Tuilleadh) Colm Ó Conaire * Thóg, d'árduigh. ** Ní fheadar, níl a fhios agam.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services