“Níl, a chuid. Tá an bealach ró-
fhada agus bheadh mo chailín beag tuirseach.
Fanfaidh sí sa mbaile ag súgradh di
féin, mar dhéanfadh cailín maith. Nach
bhfanfaidh?”
“Fanfaidh.”
“Ní rachaidh sí amach ar an tsráid?”
“Ní rachaidh.”
“Tiocfaidh Daide isteach am dinnéir
agus beidh béile agaibh le chéile. Tabhair
póg do Mhaime anois.”
Tugadh an phóg agus bhí an máthair ag
imtheacht. Phreab Bríghidín i n-a
seasamh.
“A Mhaime!”
“Céard é fhéin, a ghrádh ghil?”
“Nach dtiubhraidh tú féirín a bhaile
do Bhríghidín?”
“Tiubraidh, a chuid. Féirín deas.”
D'imthigh an mháthair agus d'fhan Bríghidín
go sásta sa mbaile. Shuidh sí fúithi
ar a stóilín. Bhí an madadh i n-a
lúib os comhair na teineadh agus é ag
sranntarnaigh. Dhúisigh Bríghidín é agus
chuir cogar i n-a chluais: —
“Tiubhraidh Maime féirín a bhaile
do Bhríghidín.”
“Bhúf!” ars' an madadh agus chuaidh a
chodladh dó féin arís. Bhí a fhios ag
Bríghidín gurbh' ionann “Bhúf” agus
“Maith an sgéal!”
Bhí an caitín i n-a shuide ar an
teinnteán. Thóg Bríghidín i n-a dhá
láimh é, chuimil a chealltar dá leacain,
agus chuir cogar i n-a chluais: —
“Tiubhraidh Maime féirín a bhaile
do Bhríghidín.”
“Mí-amh!” ars' an caitín. Bhí a
fhios ag Bríghidín gurbh' ionann “Mí-
amh!” agus “Maith an sgeál!”
Leag sí an caitín uaithi agus d'imthigh
ar fud an tighe ag gabháil fhuinn di
féin. Rinne sí amhrán beag mar
leanas: —
“Ta an madadh 'n-a luighe,
Tá an caitín 'n-a shuidhe,
Tá Maime imthighthe ar an aonach;
Acht tiocfaidh gan mhoill,
Is tiubhraidh sí féirín do Bhríghidín!”
Thug sí iarracht fá'n amhrán so
a mhúineadh do'n mhadadh, acht is mó
an dúil a bhí ag an madadh i gcodladh
'ná i gceol. Thug sí iarracht fá n-a
mhúineadh do'n chaitín, acht ba bhinne
leis an gcaitín a chronán féin. Nuair
tháinig a hathair isteach sa meadhon
lae ní dhéanfadh tada cúis di acht an
t-amhrán a rádh dhó agus a chur d'iachall
air é fhoghluim de ghlan-mheabhair.
D'fhill an mháthair a bhaile roimh
fhuinneadh gréine. B'é an chéad fhocal
adubhairt Bríghidín —
“Ar thug tú an féirín, a Mhaime?”
“Thugas, a chuisle.”
“Céard a thug tú?”
“Tomhais!” Bhí an mháthair i n-a
seasamh i lár na cistineach. Bhí a
mála leagtha ar an urlár aici agus a
lámha taobh thiar di.
“Milseáin?”
“Ní headh!”
“Cáca?”
“Ní headh, muis'! Tá cáca i mo
mhála agam ach ní hé sin an féirín.”
“Péire stocaí!” Níor chaith
Bríghidín bróga ná stocaí riamh agus
b'fhada dhi ag tnúthán leo.
“Ní headh, go deimhin! Tá tú ró-
óg le haghaidh stocaí go fóillín.”
“Leabhar urnuighthe!” Ní gábhadh
dhom a rádh nach raibh Bríghidín i n-ann
léigheamh (ar é níor chuir sí lá isteach
ar sgoil i n-a saoghal), acht cheap sí go
raibh. “Leabhar urnuighthe!” ar sise.
“Ní headh, chor ar bith!”
“Céard é fhéin, 'd eile?”
“Breathnuigh!”
Leath an mháthair a dhá lámh, agus nocht —
bábóigín. Bábóigín beag ádhmaid a
raibh plaitín maol uirthi, agus í geam-
chaoch; acht bhí a dhá gruaidh chomh dearg
le caor agus bhí smige gáire ar a béal.
Éinne a mbeadh cion aige do bhábógaibh,
thiubhradh sé gean agus grádh di. Las
súile Bhríghidín le háthas.
“Óra, nach deas í! Ara, a Mhaime,
a chroidhe, cé bhfuair tú í? Óra! Ó!
Béidh páiste agam dem' chuid fhéin
anois! Béidh páiste ag Bríghidín!”
Rug sí ar an mbábóigín agus d'fhaisg
le n-a chroidhe í. Phóg sí a plaitín beag
maol is a dhá gruaidh dhearga. Phóg sí
a béilín is a sróinín geanncach. Ann-
sin chuimhnigh sí uirthi féin, chroch* a
ceann, agus ar sise le n-a mháthair: —
“Póch!” (Mar sin adubhairt Brígh-
idín “póg”).
D'ísligh an mháthair nó gur phóg an
cailín beag í. Annsin b'éigin di an
bábóigín a phógadh. Tháinig an
t-athair isteach ar an bpuinnte sin agus
cuireadh fá ndeara dó-san an cleas
céadna a dhéanamh.
Ní raibh tada ag déanamh imnidhe
do Bhríghidín ar feadh an tráthnóna
sin acht cia an t-ainm bhaistfeadh sí
ar an mbábóig. Mhol a mháthair
“Malaí” di, agus cheap a hathair go
mbadh feileamhnach an t-ainm “Peigí”.
Acht ní raibh ceachtar aca so sáthach
galánta dar le Bríghidín.
“Tuige ar tugadh ‘Bríghidín’ orm-
sa, a Dhaide?” ar sise tar éis
suipéir.
“Dubhairt na sean-mhná gur chos-
mhail led' Oncail Pádraic thú, agus ó
thárla nár bhféidir ‘Pádraic’ a
bhaisteadh ort, baisteadh ‘Bríghid’ ort,
mar cheapamar gurbh' é an rud ba
ghoire dhó é.”
“Meas tú an cosmhail í seo (an
bhábóg) lem' Oncail Pádraic, a
Dhaide?”
“Dar fiadh, ní cosmhail! Ó, ní cos-
mhail chor ar bith. Tá t'Oncail Pád-
raic bán — agus creidim go bhfuil féasóg
anois air.”
“Cia leis ar cosmhail í, 'd eile?”
“Muise, badh dheacair a rádh, a
ghirrseacháin — ba dheacair sin.”
Rinne Bríghidín machtnamh ar feadh
tamaill. Bhí a hathair ag baint a cuid
éadaigh dhi os comhair na teineadh ar
feadh an ama so, mar bhí sé i n-am
codlata. Nuair bhí bainte dhi agus a
léine oidhche curtha uirthi, chuaidh sí ar a
ghlúnaibh, chuir a dhá láimhín le chéile,
agus thosuigh uirthi mar so: —
“A Íosa Críosta, go mbeannuighidh
tú agus go sábhálaidh tú sinn! A Íosa
Críosta, go mbeannuighidh tú Daide agus
Maime agus Bríghidín, agus go gcuiridh tú
slán sábháilte ó thubaiste agus ó anacain
na bliadhna sinn, má's é toil mo
Shlánuightheora é. A Dhia, go mbeann-
uighidh tú m'Oncail Pádraic, atá anois
i 'Meriocá, agus m'Aint Bairbre —”
Stad sí go hobann agus chuir gáir áthais
aisti.
“Tá sé agam! tá sé agam, a
Dhaide!” ar sise.
“Céard tá agat, a ghrádh? Fán go
gcríochnuigidh tú do chuid paidreacha”
“M'aint Bairbre! Is cosmhail
lem' Aint Bairbre í!”
“Cia is cosmhail led' Aint Bairbre?”
“An bábóigín! Sin é an t-ainm
chuirfeas mé uirthi! Bairbre!”
Leig an t-athair a shean-sgairt gáire
sul ar chuimhnigh sé go raibh na paid-
reacha gan a bheith críochnuighthe. Ní
dhearna Bríghidín gáire ar bith, acht
lean uirthi mar so: —
“Ó! a Dhia! go mbeannuighidh tú
m'Oncail Pádraic atá anois i
'Meiriocá, agus m'Aint Bairbre, agus,” (seo
aguisín chuir sí féin leis) “agus go
mbeannuighidh tú mo Bhairbre bheag
fhéin agus go gcoinnighidh tú ó pheacadh
marbhtha í! Amén, a Thighearna!”
Sgairt an t-athair ag gáiridhe arís.
D'fhéach Bríghidín air agus iongantas uirthi.
“Sguab leat siar anois agus isteach i
do leabaidh leat do deo!” ar seiseam
chomh luath is d'fhéad sé labhairt le
gáire. “Agus ná déan dearmad ar
Bhairbre!” ar seisean.
“Níl baoghal go ndéanfainn!”
Siar léi sa seomra agus isteach sa leabaidh
léi i mullach a cinn. Bi cinnte nár
dhearmaid sí Bairbre.
Ó'n oidhche sin amach ní rachadh
Bríghidín a chodladh ar ór ná ar air-
gead gan Bairbre a bheith sa leabaidh
aici. Ní shuidhfeadh sí chum biadh a
chaitheamh gan Bairbre a bheith i n-a
suidhe le n-a hais. Ní ghabhfadh sí
amach ag súgradh di féin gan Bairbre a
bheith i n-a fochair. Domhnach amháin a
thug a mháthair léi chuig an Aifreann í,
ní raibh Bríghidín sásta gan Bairbre
thabhairt ann freisin. Ní thagadh bean
chomhursan isteach ag cuairtéireacht
nach gcuirfidhe Bairbre i n-aithne di.
Lá dar bhuail an sagart isteach chuca
d'iarr Bríghidín air a bheannacht a
thabhairt do Bhairbre. Thug sé a
bheannacht do Bhríghidín féin. Cheap
sise gur do'n bhábóig thug sé í, agus bhí sí
lán-tsásta.
Shocruigh Bríghidín párlús beag
deas do Bhairbre ar bhárr an drisiúir.
Chuala sí go raibh párlús ag a hAint
Bairbre (a bhí i n-a chomhnaidhe i
nUachtar Árd) agus cheap sí nár mhór dá
Bairbre-se párlús a bheith aici chomh
maith le duine. Thuit mo Bhairbre
bhocht ó bhárr an drisiúir lá, mar
dubhras cheana, agus briseadh a leath-chos.
Is iomdha timpiste thairis sin bhain di.
Lá eile rug an madadh uirthi agus bhí 'gá
stroiceadh ó chéile go dtáinig máthair
Bhríghidín do chabhair uirthi. D'fhan an
leath-chos slán ag an madadh. Uair
eile thuit sí isteach san abhainn agus
hóbair gur báitheadh í. 'Sé athair
Bhríghidín tháinig do chongnamh uirthi an
turas so. Is beag nár báitheadh
Bríghidín féin agus í a d'iarraidh í
thárrtháil ó phort na habhann.
Má bhí Bairbre gan a bheith ró-
dhathamhail an chéad lá a tháinig sí,
luigheann sé le nádúr nach fearr an
tslacht a bhí uirthi thar éis bliadhain a
chur dhi. Acht ba chuma le Bríghidín
dathamhail nó mí-dhathamhail í. Thug sí
grádh a croidhe di ó'n gcéad mhóiméad
leag sí súile uirthi, agus is ag méadughadh
a bhí an grádh sin ó lá go lá. Nach
ag an mbeirt aca a bhíodh an greann
nuair d'fhágadh an máthair an teach fá
n-a gcuram tráth bhíodh sí ar chuairt
tighe comhursan! Bhíodh an t-urlár
glanta agus na plátaí sgólta aca
roimpi nuair a d'fhilleadh sí. Agus
nach ar an máthair a bhíodh an t-iongan-
taibh, mar 'dheadh!
“An í Bríghidín ghlan an t-urlár dá
Maime?” adeireadh sí.
“Bríghidín agus Bairbre,” adeireadh
an cailín beag.
“Muise, ní mé** céard a dhéan-
fainn muna mbeadh an bheirt agaibh!”
adeireadh an máthair. Agus nach ar
Bhríghidín bhíodh an ríméad agus an bród!
Agus na laetheannta fada samhraidh
chuiridís díobh ar thaoibh an chnuic, i
measg na raithnighe agus na mbláth! —
Bríghidín ag bailiughadh nóinín is
bainne bó bleachtain is méaracán
púca, agus Bairbre 'gá gcomhaireamh di
(mar deireadh sí); Bríghidín ag síor-
chainnt agus ag innseacht sgéalta nach
gcuala duine ná daonnaidhe (ní
abraim bábóigín) a leithéid riamh
roimhe ná ó shoin, agus Bairbre ag
éisteacht léi, — caithfidh sé go mbíodh
sí ag éisteacht go haireach, mar ní
thagadh focal as a béal.
'Sé mo bharamhail nach raibh gearr-
chaile i gConnachtaibh ná, dá ndéar-
fainn é, san Roinn Eorpa, ba shásta
shonasaighe 'ná Bríghidín na laetheanta
úd; agus ní miste dhom a rádh nach raibh
bábóigín fá luighe na gréine ba shásta
shonasaighe 'ná Bairbre.
Sin mar bhí go dtáinig Niamh Chinn
Óir.
(Tuilleadh)
Colm Ó Conaire
* Thóg, d'árduigh.
** Ní fheadar, níl a fhios agam.