Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ag gabhail go Cnoc Fola II
Title
Ag gabhail go Cnoc Fola II
Author(s)
Cionn Fhaolaigh,
Pen Name
Cionn Fhaolaigh
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ag gabhail go Cnoc Fola. II. “Tá sé comh maith againn tuirling- eadh annso agus gabhail suas annsin,” arsa duine de'n bheirt eile. Amharcaim fhéin suas ar an Chnoc. Connaiceas damh go bhféadfaidhe áit ní badh réidhe a fhághail 'ná an áit a rabh siad-san ag braith ar ghabhail suas. “Síos annso giota eile linn,” arsa mise. Síos le fánaidh linn ar feadh chéad slat nó níos mó agus tuirlingeamuid. Tugadh na rothair isteach giota beag o'n bhealach mhór agus fágadh 'n-a luighe annsin iad i measg raithnighe agus fraoich. Tugadh aghaidh ar an Chnoc annsin. Ní rabh a'n dhuine ag fanacht leis an duine eile. Níl ann acht cé an chéad dhuine bheadh thuas. Suas linn thríd raithnigh a bhí ag gabháil go dtí an dá asgaill orainn. Sul a rabhamar leath- bealaigh suas thoisigh na hiosgada ag lúbadh fúm fhéin. Cha dtig liom a rádh caidé fá dtaoibh de'n bheirt eile, acht do réir chuma bhí siad ag fágháil neart le déanamh. Bhí leisg ar a'n dhuine againn suidhe síos agus a sgíste a ghlacadh. Déarfá go rabh rud éighin- teacht ag imtheacht orainn thuas. Agus anois nuair a ghním ath-smaoitiughadh, ní abraim nach rabh. Níorbh' fhada uainn luighe gréine, agus badh mhór orainn dá mbeadh an oiread de mhí-ádh orainn is a chailleadh. Lean sinn de dhreapadóireacht agus cha gcreidfeá acht comh beag is bhí an Cnoc ag éirghe. Nuair bhíomar teacht comh- garach de'n bhárr bhítear ag castáil corr-chaora thall is i bhfus orainn. Agus is ortha bhí an lomairt mhaith. Acht béidh sé a dhíth ortha uilig, má tá siad ann ar na laethibh seo. Cé gurab é ceart-lár an Fhoghmhair a bhí ann, déarfá gur beag a bhí le piocadh ag caorchaibh fhéin ann. Suas giota eile linn agus ní rabh ann acht clocha agus créaf- óg. I dtaca le féar dó cha rabh a leithéid le feiceál ann ar chor ar bith. Chasfaidhe corr-ghas fraoich ort i measg na gcloch. Maise, creidim go n-ithfeadh caoirigh fraoch nuair nach mbeadh atharrach le fágháil aca. Mar dubhairt cé bith dubhairt é “badh bhuidh bocht leobhtha aca é.” Nochtann carn cloch chugainn. Chan fada uainn anois go mbéimíd ar fhíor-mhullach Cnoc Fola. Chupla bum- aite eile agus atá beirt againn ar mhull- ach an charnáin ag stealladh alluis dínn fhéin. Agus má tá nach dtáinig an mhias dúinn annsin! Tá mé cinnte gur thóg sé leath-uair ar a laighead sinn ag teacht aníos. Char choinnigh mé marc ar bith cá fhad a ghlac sé sinn a theacht aníos, acht ní thiocfadh leis a bheith faoi'n leath-uair. Nuair a bhí ár n-anál tarraingthe againn agus an t-allus triomuighthe, d'fhéadfamuis amharc fá dtaoibh dúinn. Cha rabh an ghrian 'n-a luighe, acht is beag nach rabh. I gcionn naoi nó deich de bhumaitíbh eile is ní bheadh an ghrian le feiceál sa spéir. Seo an rud a rabh mé ag smaoit- iughadh air nuair atchím an fear eile ag teacht i n-a léinidh. Bhí an teas ag cur air. Connaiceas dó go mbain- feadh sé de a chóta. Agus bhain agus chuir trasna ar bhacán a láimhe í. Acht creid mé nach fada bhéas sé ar mhull- ach Chnoc Fola go gcuirfidh sé air aríst é. Má's goirid ó shroich sinne bárr, mothuigheamuid an fuacht. Agus bí cinnte go mothóchaidh seisean é fosta. “Nach breágh an t-amharc atá le fágháil as seo?” an chéad fhocal a tháinig as a bhéal. “Chan fhaca tú go fóill é,” arsa mé fhéin. “Ó!” arsa'n fear eile, “siúd bád Thoraighe.” Amharcaim fhéin, acht ní rabh dul agam ar a'n dhath a fheiceál. “An bhfeiceann tú é?” adeir sé. “Chan fheicim, ná chan fheiceann tusa acht oiread,” arsa mise. Leis sin 'tchím rud éighinteacht eadar mé agus Toraigh. Bhí sé fá mhéid fód mónadh. Dheamhan a mbeadh a fhios agam fhein gurab é an bád a bhí ann marab é go rabh a fhios agam go rabh sé ar an bhealach ag gabhail isteach. (Chan deireadh) Cionn Fhaolaigh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services