Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ag gabhail go Cnoc Fola II

Title
Ag gabhail go Cnoc Fola II
Author(s)
Cionn Fhaolaigh,
Pen Name
Cionn Fhaolaigh
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ag gabhail go Cnoc Fola.



II.



“Tá sé comh maith againn tuirling-
eadh annso agus gabhail suas annsin,”
arsa duine de'n bheirt eile.



Amharcaim fhéin suas ar an Chnoc.
Connaiceas damh go bhféadfaidhe áit
ní badh réidhe a fhághail 'ná an áit a
rabh siad-san ag braith ar ghabhail
suas.



“Síos annso giota eile linn,” arsa
mise.



Síos le fánaidh linn ar feadh chéad
slat nó níos mó agus tuirlingeamuid.



Tugadh na rothair isteach giota
beag o'n bhealach mhór agus fágadh 'n-a
luighe annsin iad i measg raithnighe agus
fraoich.



Tugadh aghaidh ar an Chnoc annsin.
Ní rabh a'n dhuine ag fanacht leis an
duine eile. Níl ann acht cé an chéad
dhuine bheadh thuas. Suas linn thríd
raithnigh a bhí ag gabháil go dtí an dá
asgaill orainn. Sul a rabhamar leath-
bealaigh suas thoisigh na hiosgada ag
lúbadh fúm fhéin. Cha dtig liom a rádh
caidé fá dtaoibh de'n bheirt eile, acht
do réir chuma bhí siad ag fágháil
neart le déanamh. Bhí leisg ar a'n
dhuine againn suidhe síos agus a sgíste a
ghlacadh. Déarfá go rabh rud éighin-
teacht ag imtheacht orainn thuas. Agus
anois nuair a ghním ath-smaoitiughadh,
ní abraim nach rabh. Níorbh' fhada
uainn luighe gréine, agus badh mhór orainn
dá mbeadh an oiread de mhí-ádh orainn
is a chailleadh.



Lean sinn de dhreapadóireacht agus cha
gcreidfeá acht comh beag is bhí an Cnoc
ag éirghe. Nuair bhíomar teacht comh-
garach de'n bhárr bhítear ag castáil
corr-chaora thall is i bhfus orainn.
Agus is ortha bhí an lomairt mhaith.
Acht béidh sé a dhíth ortha uilig, má tá
siad ann ar na laethibh seo. Cé gurab
é ceart-lár an Fhoghmhair a bhí ann,
déarfá gur beag a bhí le piocadh ag
caorchaibh fhéin ann. Suas giota eile
linn agus ní rabh ann acht clocha agus créaf-
óg. I dtaca le féar dó cha rabh a
leithéid le feiceál ann ar chor ar bith.
Chasfaidhe corr-ghas fraoich ort i
measg na gcloch. Maise, creidim go
n-ithfeadh caoirigh fraoch nuair nach
mbeadh atharrach le fágháil aca. Mar
dubhairt cé bith dubhairt é “badh bhuidh
bocht leobhtha aca é.”



Nochtann carn cloch chugainn. Chan
fada uainn anois go mbéimíd ar
fhíor-mhullach Cnoc Fola. Chupla bum-
aite eile agus atá beirt againn ar mhull-
ach an charnáin ag stealladh alluis
dínn fhéin. Agus má tá nach dtáinig
an mhias dúinn annsin! Tá mé cinnte
gur thóg sé leath-uair ar a laighead
sinn ag teacht aníos. Char choinnigh
mé marc ar bith cá fhad a ghlac sé sinn
a theacht aníos, acht ní thiocfadh leis a
bheith faoi'n leath-uair.



Nuair a bhí ár n-anál tarraingthe
againn agus an t-allus triomuighthe,
d'fhéadfamuis amharc fá dtaoibh dúinn.
Cha rabh an ghrian 'n-a luighe, acht is
beag nach rabh. I gcionn naoi nó deich
de bhumaitíbh eile is ní bheadh an ghrian
le feiceál sa spéir.



Seo an rud a rabh mé ag smaoit-
iughadh air nuair atchím an fear eile
ag teacht i n-a léinidh. Bhí an teas ag
cur air. Connaiceas dó go mbain-
feadh sé de a chóta. Agus bhain agus chuir
trasna ar bhacán a láimhe í. Acht
creid mé nach fada bhéas sé ar mhull-
ach Chnoc Fola go gcuirfidh sé air
aríst é. Má's goirid ó shroich sinne
bárr, mothuigheamuid an fuacht. Agus
bí cinnte go mothóchaidh seisean é
fosta.



“Nach breágh an t-amharc atá le
fágháil as seo?” an chéad fhocal a
tháinig as a bhéal.



“Chan fhaca tú go fóill é,” arsa
mé fhéin.



“Ó!” arsa'n fear eile, “siúd bád
Thoraighe.”



Amharcaim fhéin, acht ní rabh dul
agam ar a'n dhath a fheiceál.



“An bhfeiceann tú é?” adeir sé.



“Chan fheicim, ná chan fheiceann tusa
acht oiread,” arsa mise.



Leis sin 'tchím rud éighinteacht eadar
mé agus Toraigh. Bhí sé fá mhéid fód
mónadh. Dheamhan a mbeadh a fhios
agam fhein gurab é an bád a bhí ann
marab é go rabh a fhios agam go rabh
sé ar an bhealach ag gabhail isteach.



(Chan deireadh)



Cionn Fhaolaigh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services