Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bóithre Iarainn
Title
Bóithre Iarainn
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Bóithre Iarainn Éinne gur mian leis go dtiocfadh feabhas ar Éirinn i dtaobh déantúisí, níor mhór dhó súil a choimead ar chúr- saíbh an choiste seo do cuireadh ar bun le deidheannaighe chun dála ár mbóithre iarainn a scrúdughadh. I saoghal na haimsire seo, gan trácht ar éan-chor ar an saoghal atá romhainn, is dian 's is dlúth an bhaint atá ag bóithribh iarainn le fearuistighe stáit. Dubhairt Tadhg mac Dáire fad ó: “Mór atá i dteagasc flatha; aige atá teacht deagh-ratha.” Acht tá atharrughadh ar an saoghal ó aimsir Thaidhg. Tá na flatha imthighthe, agus níl ró-ghábhadh le n-a dteagasc. Mar sin féin oireann na focail thuas do bhóithríbh iarainn an lae indiu. Aca-súd as ag lucht a stiúrtha atá teacht deagh-ratha. “Acht cionnus é siúd?” adéarfar. Seo mar atá an scéal. Tá bóithre iarainn ann chun earraidhe d'iomchur ó áit go háit. Cuirimís i gcás go bhfuil earra dhá déanamh i n-uachtar na hÉireann, i gCorcaigh abair, agus go dteastóchadh an earra chéadna ó dhuine i n-íochtar na hÉireann, nach ar an mbóthar iarainn a chuirfeadh an fear thuas an earra úd ag triall ar an bhfear thíos? Is é donas an scéil, ámh, go mbeadh ar fhear déanta na hearradh soin thar mar do chaithfeadh a dhíol dá mbadh i Lonndain tSasana a bhí comhnaidhe air. Do cuireadh súd i n-umhail go soiléir ar choiste na mbóithre iarainn an lá fá dheireadh. Is saoire go mór earraidhe a chur, tré Bhaile Átha Cliath, ó Lonndain nó Bhrumaigin go dtí aon pháirt d'Éirinn 'ná mar do b'fhéidir na hearraidhe céadna a chur ó Bhaile Átha Cliath. Ní comhartha deagh-ratha soin a bheith amhlaidh. Tá an bhuntáiste ag fear na hearradh iasachta, agus ní méaduigh- tear dá bhárr ar mhisneach fir na hÉireann. An fhaid a bheidh an scéal mar seo, ní haon mhaith dhúinn bheith ag cailleamhaint airgid a d'iarraidh ár ndéantúisí a bheathughadh de dhruim spiúnóige agus farusbárr na beathadh a alpadh ag na bóithríbh iarainn. Badh chuma le duine dá mb'fhonn le lucht stiúrtha na mbóithre iarainn seo sinne do neartughadh nó rud do dhéanamh orainn, nó lámh chabhruighthe a shíneadh le hóg-dhéantúisíbh na tíre, nó an caitheamh a bhíonn aca a dhéanamh i nÉirinn. Acht ní dheinid siad aon taobh aca súd. Féibh mar atáid anois, níl ionnta acht gléas chun airgid a bhailiughadh i nÉirinn is é chaitheamh thar sáile. Is beag nár chuireas i gcum- práid le flathaibh ó chianaibh iad. Is mó de mhianach an bháille ionnta, ámh- thach, 'ná de mhianach an fhlátha. Acht an féidir iad a léigheas? Is féidir gan amhras, acht ár dtoil a chur i n-umhail is sinn a bheith i ndáríribh mar gheall air. Ní fuláir na “tallairí teo” i gceannus na mbóithre a thabhairt fá n-ár smacht. Ní thioc- faidh an deagh-rath go dtí go mbeidh na bóithre iarainn freagarthach do thoil mhuinntir na hÉireann. B'in é tuairim Mhic Uí Ríordáin is Mhic Uí Dhéaghaidh, beirt gur chóir go mbeadh fios dá thaobh an scéil aca. Is iomdha slighe i n-ar féidir so a dhéanamh. Feachaimís-ne chuige go dtiocfaidh rud éigin fóghanta ar an gcoiste seo atá ar bun fá láthair. Cuirimís i dtuig- sint do'n tsaoghal cad tá uainn. Linn féin is eadh na bóithre iarainn. Cuid dár gcóir féin is eadh iad. Dúinn féin is ní do'n bhfear thall is ceart go bhfóghnfaidís. Bainimís na puicíní dár súilibh is féachaimís leis an nod so a scaoileadh. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services