Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bóithre Iarainn

Title
Bóithre Iarainn
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Bóithre Iarainn



Éinne gur mian leis go dtiocfadh
feabhas ar Éirinn i dtaobh déantúisí,
níor mhór dhó súil a choimead ar chúr-
saíbh an choiste seo do cuireadh ar
bun le deidheannaighe chun dála ár
mbóithre iarainn a scrúdughadh. I
saoghal na haimsire seo, gan trácht ar
éan-chor ar an saoghal atá romhainn, is
dian 's is dlúth an bhaint atá ag bóithribh
iarainn le fearuistighe stáit. Dubhairt
Tadhg mac Dáire fad ó: “Mór atá i
dteagasc flatha; aige atá teacht
deagh-ratha.” Acht tá atharrughadh ar an
saoghal ó aimsir Thaidhg. Tá na flatha
imthighthe, agus níl ró-ghábhadh le n-a
dteagasc. Mar sin féin oireann na
focail thuas do bhóithríbh iarainn an
lae indiu. Aca-súd as ag lucht a
stiúrtha atá teacht deagh-ratha.



“Acht cionnus é siúd?” adéarfar.
Seo mar atá an scéal. Tá bóithre
iarainn ann chun earraidhe d'iomchur ó
áit go háit. Cuirimís i gcás go
bhfuil earra dhá déanamh i n-uachtar
na hÉireann, i gCorcaigh abair, agus go
dteastóchadh an earra chéadna ó dhuine
i n-íochtar na hÉireann, nach ar an
mbóthar iarainn a chuirfeadh an fear
thuas an earra úd ag triall ar an
bhfear thíos? Is é donas an scéil,
ámh, go mbeadh ar fhear déanta na
hearradh soin thar mar do chaithfeadh
a dhíol dá mbadh i Lonndain tSasana a
bhí comhnaidhe air. Do cuireadh súd i
n-umhail go soiléir ar choiste na
mbóithre iarainn an lá fá dheireadh.
Is saoire go mór earraidhe a chur,
tré Bhaile Átha Cliath, ó Lonndain nó
Bhrumaigin go dtí aon pháirt d'Éirinn
'ná mar do b'fhéidir na hearraidhe
céadna a chur ó Bhaile Átha Cliath.



Ní comhartha deagh-ratha soin a bheith
amhlaidh. Tá an bhuntáiste ag fear
na hearradh iasachta, agus ní méaduigh-
tear dá bhárr ar mhisneach fir na
hÉireann. An fhaid a bheidh an scéal
mar seo, ní haon mhaith dhúinn bheith ag
cailleamhaint airgid a d'iarraidh ár
ndéantúisí a bheathughadh de dhruim
spiúnóige agus farusbárr na beathadh a
alpadh ag na bóithríbh iarainn.



Badh chuma le duine dá mb'fhonn le
lucht stiúrtha na mbóithre iarainn seo
sinne do neartughadh nó rud do
dhéanamh orainn, nó lámh chabhruighthe a
shíneadh le hóg-dhéantúisíbh na tíre, nó
an caitheamh a bhíonn aca a dhéanamh i
nÉirinn. Acht ní dheinid siad aon
taobh aca súd. Féibh mar atáid anois,
níl ionnta acht gléas chun airgid a
bhailiughadh i nÉirinn is é chaitheamh thar
sáile. Is beag nár chuireas i gcum-
práid le flathaibh ó chianaibh iad. Is
mó de mhianach an bháille ionnta, ámh-
thach, 'ná de mhianach an fhlátha.



Acht an féidir iad a léigheas? Is
féidir gan amhras, acht ár dtoil a
chur i n-umhail is sinn a bheith i ndáríribh
mar gheall air. Ní fuláir na
“tallairí teo” i gceannus na mbóithre
a thabhairt fá n-ár smacht. Ní thioc-
faidh an deagh-rath go dtí go mbeidh
na bóithre iarainn freagarthach do
thoil mhuinntir na hÉireann. B'in é
tuairim Mhic Uí Ríordáin is Mhic Uí
Dhéaghaidh, beirt gur chóir go mbeadh
fios dá thaobh an scéil aca. Is iomdha
slighe i n-ar féidir so a dhéanamh.
Feachaimís-ne chuige go dtiocfaidh rud
éigin fóghanta ar an gcoiste seo atá
ar bun fá láthair. Cuirimís i dtuig-
sint do'n tsaoghal cad tá uainn.
Linn féin is eadh na bóithre iarainn.
Cuid dár gcóir féin is eadh iad. Dúinn
féin is ní do'n bhfear thall is ceart go
bhfóghnfaidís. Bainimís na puicíní
dár súilibh is féachaimís leis an nod
so a scaoileadh.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services