Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhairle an Athar Uí Dhuinnín
Title
Comhairle an Athar Uí Dhuinnín
Author(s)
Ua Muirgheasa, Énrí,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Comhairle an Athar Uí Dhuinnín. Thug an tAthair Ua Duinnín óráid uaidh i mBéal Feirste an lá fá dheir- eadh. Thug se comhairle dhúinn. Is saor an rud comhairle. Chan fhuil rud san tsaoghal comh furus le fágháil le comhairle. Is cosamhail le aer agus uisge í; chan fhuil áit faoi'n spéir nach ngeobhfá í. Chan fhuil meas ar bith agam ar fhear comhairle munab fear oibre é fósta. Tá 'fhios agam go maith nach bhfuil duine ar bith i nÉirinn a rinne an oiread oibre leis an Athair Ua Duinnín, acht tá an obair sin uilig ar aon tseort amháin, .i. ag sgríobhadh, ag cur i n-eagar, agus ag cur amach leabhar Gaedhilge. B'fhéadfaidhe nach bhfuil mise i measg a choda cáirde; chan fhuil 'fhios agam. Acht dheamhan duine i measg a choda cáirde a mbéaradh dhó moladh níos mó ar son na hoibre úd 'ná mise. Ba thráthamhail agus ba mhór- úsáideach an obair sin. Acht taim ag smaoineadh agus ag cur buaidheartha ar mo cheann ag smaoin- eadh caid é an obair eile a rinne sé i gConnradh na Gaedhilge le haghaidh leas a chur ar lochtaibh an Chonnartha, le haghaidh leigheas a fhágháil fá aicídibh an Chonnartha, le haghaidh slighe oibre an Chonnartha a dhéanamh ar fheabhas. Maise, tá mé ag smaoineadh gan tairbhe. Acht is cuimhin liom uair a bhí daoine eile ag teanadh (déanamh) a ndíchill leas a chur ar shlíghidh oibre Chonnartha na Gaedhilge agus cha rabh an tAthair Pádraig ag cuidiughadh leóbhtha. Cha rabh, maise, acht bhí sé ag obair go saothrach agus go díocrach tiobadh a chur ortha, agus faraor! d'éirigh sé leis. Is cuimhin liom uair a bhí sinn ag iarraidh an Acadamh a chur ar bun. Cha rabh duine ar bith eile i mBaile Átha Cliath nó i nÉirinn a rinne an oiread sin — le sgríobhadh agus le cainnt — i n-aghaidh na hAcadaimhe is rinne an tAthair Ua Duinnín. Marbhuigheadh an Acadamh sul a rugadh í, agus anois is dual agus is ceart do na daoinibh a mharbhuigh í rud eile a chur romhainn 'n-a háit. Chan fhuilim ag rádh gurbh' leigheas an Acadamh ar gach uile rud atá ar cearr san Chonnradh. Acht rachadh sí slighe fhada, agus ó marbhuigheadh í cha leigeadh romhainn nídh eile 'n-a hionad. Gan amhras is iomdha rud atá ar cearr leis an Chonnradh, agus is suarach an dóigh oibre atá aige le tamall fada, agus is mithid atharrughadh a dhéanamh. Acht dá mbeinn tinn caidé bheadh an gar ann duine a theacht chugam, agus a rádh liom, “Ó, a dhuine bhoicht, tá tú dócrach tinn, agus is mithid duit rud innsean a dhéanamh. Amar ndéanfá rud gan amhras gheóbhfá bás;” agus annsin rachadh an duine comhairle a bhaile arís. Charbh' liaigh é sin. Is léar dhúinn uilig tinneas na gCeanntair Gaedhilge. Thiocfadh leat sin a fheiceal le leath-shúil. Acht caidé an leigheas? Sin a' cheist, agus an cheist mhór. Agus chuaidh an tAthair ua Duinnín síos go Béal Feirste agus tháinic sé ar ais aríst, agus d'fhág sé sinn gan fhreagra ar an cheist úd. Agus anois suidhfidh sé síos go sóchamhlach sásta aige n-a leabhraibh agus a chuid láimh- sgríbhinn. Agus dá mbeadh duine míó-ádhmhar innsean cosamhail liom-sa a theacht i láthair anois le heagar nua nó dóigh nua oibre fá dhéin na gCeanntar Gaedhilge léimfeadh an tAthair: “Chan leigheas é sin, chan biadh nó deoch atá ann, acht nimh; con- tabhairt, contabhairt, a cháirde.” Cuireadh an tAthair Ua Duinnín fhéin leagadh nua nó dóigh nua oibre romhainn. Sin a' rud a bhfuilim ag dréim leis ó mharbh sé an Acadamh. Acht is fusa leagadh síos 'ná tógáilt suas, agus cha chuirim suim ar bith i n-óráideachaibh an Athar Pádraig go bhfeicfidh mé é ag tógáilt roda inn- sean suas. Go dtí sin leigfidh mé a chuid focla thart cosamhail leis an ghaoith. Énrí Ua Muirgheasa.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services