Comhairle an Athar Uí
Dhuinnín.
Thug an tAthair Ua Duinnín óráid
uaidh i mBéal Feirste an lá fá dheir-
eadh. Thug se comhairle dhúinn. Is
saor an rud comhairle. Chan fhuil rud
san tsaoghal comh furus le fágháil le
comhairle. Is cosamhail le aer agus
uisge í; chan fhuil áit faoi'n spéir
nach ngeobhfá í.
Chan fhuil meas ar bith agam ar fhear
comhairle munab fear oibre é fósta.
Tá 'fhios agam go maith nach bhfuil
duine ar bith i nÉirinn a rinne an
oiread oibre leis an Athair Ua
Duinnín, acht tá an obair sin uilig ar
aon tseort amháin, .i. ag sgríobhadh, ag
cur i n-eagar, agus ag cur amach leabhar
Gaedhilge. B'fhéadfaidhe nach bhfuil
mise i measg a choda cáirde; chan
fhuil 'fhios agam. Acht dheamhan duine
i measg a choda cáirde a mbéaradh
dhó moladh níos mó ar son na hoibre
úd 'ná mise. Ba thráthamhail agus ba mhór-
úsáideach an obair sin.
Acht taim ag smaoineadh agus ag cur
buaidheartha ar mo cheann ag smaoin-
eadh caid é an obair eile a rinne sé i
gConnradh na Gaedhilge le haghaidh
leas a chur ar lochtaibh an Chonnartha, le
haghaidh leigheas a fhágháil fá aicídibh an
Chonnartha, le haghaidh slighe oibre an
Chonnartha a dhéanamh ar fheabhas.
Maise, tá mé ag smaoineadh gan
tairbhe.
Acht is cuimhin liom uair a bhí daoine
eile ag teanadh (déanamh) a ndíchill
leas a chur ar shlíghidh oibre Chonnartha
na Gaedhilge agus cha rabh an tAthair
Pádraig ag cuidiughadh leóbhtha. Cha
rabh, maise, acht bhí sé ag obair go
saothrach agus go díocrach tiobadh a chur
ortha, agus faraor! d'éirigh sé leis. Is
cuimhin liom uair a bhí sinn ag iarraidh
an Acadamh a chur ar bun. Cha rabh
duine ar bith eile i mBaile Átha Cliath
nó i nÉirinn a rinne an oiread sin —
le sgríobhadh agus le cainnt — i n-aghaidh
na hAcadaimhe is rinne an tAthair Ua
Duinnín. Marbhuigheadh an Acadamh
sul a rugadh í, agus anois is dual agus is
ceart do na daoinibh a mharbhuigh í rud
eile a chur romhainn 'n-a háit.
Chan fhuilim ag rádh gurbh' leigheas an
Acadamh ar gach uile rud atá ar
cearr san Chonnradh. Acht rachadh sí
slighe fhada, agus ó marbhuigheadh í cha
leigeadh romhainn nídh eile 'n-a hionad.
Gan amhras is iomdha rud atá ar
cearr leis an Chonnradh, agus is suarach
an dóigh oibre atá aige le tamall
fada, agus is mithid atharrughadh a dhéanamh.
Acht dá mbeinn tinn caidé bheadh
an gar ann duine a theacht chugam, agus a
rádh liom, “Ó, a dhuine bhoicht, tá tú
dócrach tinn, agus is mithid duit rud
innsean a dhéanamh. Amar ndéanfá
rud gan amhras gheóbhfá bás;” agus
annsin rachadh an duine comhairle a
bhaile arís. Charbh' liaigh é sin.
Is léar dhúinn uilig tinneas na
gCeanntair Gaedhilge. Thiocfadh leat
sin a fheiceal le leath-shúil. Acht caidé
an leigheas? Sin a' cheist, agus an cheist
mhór. Agus chuaidh an tAthair ua
Duinnín síos go Béal Feirste agus tháinic
sé ar ais aríst, agus d'fhág sé sinn gan
fhreagra ar an cheist úd. Agus anois
suidhfidh sé síos go sóchamhlach sásta
aige n-a leabhraibh agus a chuid láimh-
sgríbhinn. Agus dá mbeadh duine
míó-ádhmhar innsean cosamhail liom-sa
a theacht i láthair anois le heagar
nua nó dóigh nua oibre fá dhéin na
gCeanntar Gaedhilge léimfeadh an
tAthair: “Chan leigheas é sin, chan biadh
nó deoch atá ann, acht nimh; con-
tabhairt, contabhairt, a cháirde.”
Cuireadh an tAthair Ua Duinnín
fhéin leagadh nua nó dóigh nua oibre
romhainn. Sin a' rud a bhfuilim ag
dréim leis ó mharbh sé an Acadamh.
Acht is fusa leagadh síos 'ná tógáilt
suas, agus cha chuirim suim ar bith i
n-óráideachaibh an Athar Pádraig go
bhfeicfidh mé é ag tógáilt roda inn-
sean suas. Go dtí sin leigfidh mé a
chuid focla thart cosamhail leis an
ghaoith.
Énrí Ua Muirgheasa.