Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fáilte Banba roimh a clainn go dtí an tOireachtas
Title
Fáilte Banba roimh a clainn go dtí an tOireachtas
Author(s)
Ó Chonchubhair, T.,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FÁILTE BANBA ROIMH A CLAINN GO DTÍ AN tOIREACHTAS. Amhrán do bhuaidh duais ag an Oireachtas, 1906, (Comórtas a deich). Roinneadh an chéad duais idir T. Ó Chonchubhair, Cuilinn Uí Chaoimh (“Earc Mac Deagha”); an té do chum an t-amhrán so, agus Diarmaid Ó Muimhneacháin. Cuireadh aiste Dhiarmada os comhair ár léigh- theóirí an tseachtmhain seo ghabh tharainn. Céad fáilte is dachad roimh Chlanna Mhic Éibhir, Céad fáilte fairsing roimh flatha na Féinne, Céad fáilte farais roimh Chlanna fíor- Ghaedhealach', Clanna na dtaoiseach ngníomhamhail laochda, Clanna na saoithe líomhtha léigheannta, Clanna na bhfáidh, na mbárd, na n-éigse, Clanna gan cháim fuair bárr 'ns gach aon bhall, Clanna nár mheathta ar mhachaire an laochais, Clanna do threascair na Danair go tréanmhar, Clanna na dtigheasach ngroidhe na féile, Cead fáilte arís óm' chroidhe go saor daoibh! Is follus do'n tsaoghal 's is léir-fhios daoibh-se Cad d'fhulaingeas féin trí thaom na daoirse — Mo phearsa mar claoidheadh gan bhrígh gan sláinte, 'S mo ghéaga míne millte támh-lag, Mo ghruadh ba dheise tá meirgeach fáibreach, 'S mo leaca gheal-bhreicneach seirgthe báidhte, Mo shúil ba ghlaise trom-dhorcha suaidhte, 'S mo ghuailne cromaithe trochailte lúbtha, M'ór-fholt fáinneach scáinneach mín- tiugh, Sciotaithe fánach, gan scáil dá phríomh- dhath, Mo chaol-throigh chórach cheolmhar éasca Ataithe, scólta, leointe, méiscreach, Ó thaisteal na slighe gan scíth fá amhgar, Go dealbh gan mhaoin acht bruighean is clampar, Ó'n gcóip do chreach, do bhasc 's do mhill mé, 'S do chuir gan rath gan reacht gan righeacht mé, Dá mhéid mo thubaist cé iomad le n-áireamh, Do mhaithfinn a gcortha do'n chonairt fé ndearr é, Go ndearnadh feall do pholl go hae mé 'S chuir gan labhair, gan mheabhair, gan chéill mé. Cé theip ar chomhacht is fóirneart Gallda, Dá líonmhar slógh 'ca 's leor a gcabhlach, An beart so d'fheidhmiughadh 'n-aghaidh m'aimhdheona Gur dalladh mo radharc le cladhair- eacht crón-phoc. Nuair fuaradh mín-lag tinn gan treoir mé 'S gan aon de'm coimhdeacht, buidhean ná chomhghas, Acht comhaltaí Sheagháin ba ghnáthach fíochmhar Bhí 'nois go grádhmhar cáirdeach cuibhr- seach; 'S do thóg mo lámh le bárr-ghean maoidhteach.
Do ghlaodhadar liaigh le Dia go bhfóir- feadh Gan mhoill mo chiach 's mo phian coll- óideach; Tháinig gasra go tapaidh im' thimcheall, Scaoileadar dearca géar-amharcach' tríom-sa; Mo chuisle bhraitheadar, mo theanga 'gus m'aedheanna, Mo chroidhe, mo scairteacha, 's mo bhallaibh le chéile, Fiú gile mo shúl d'infhiuchadh géar í, Féith is lúthach do brúghadh le méir iad, Do horduigheadh togha 'gus rogha gach dighe dham, Fíon is brannda 's teann-phúins tríotha, Do threasuigheadar orm na deocha gan fuaradh Gur thuiteas im' chodladh, — b'é an codladh gan suan dam. Mo chás, mo chumha croidhe, mo chúr- saí bróin sin An tráth 'n-ar dhúisigheas ba chúis scís domh-sa, Nuair chuireas chum labhairt go tapaidh mar ghnáth liom 'Seadh fuaras-sa sreanga mo theangan glan-ghearrtha, 'S mo chainnt ag scaipeadh 's mé balbh gan sár-ghuth — Do b'in í an beart do chreach mé cinnte D'fhuig m'intinn lag is crap mo innt- leacht, D'fhág gan smid, gan tuigsint ná céill mé, Gan neart, gan fuinneamh, gan inchinn gé 'gam, Acht glugaireacht singil is friotal gan éifeacht, Ba mhó mar dhíth, ná'n rígheacht do fuadadh, Ba mhó fá thrí ná buidhean na sluaighte, Ba mhó 'ná maoin an tsaoghail, cé luach- mhar, Mo theanga sáir-bhinn léir-líomhtha fuaidhte, Mar' b'fhéidir rígheacht le claidheamh is cródhacht, Do b'fhéidir maoin is buidhean is slóighte, Arís do chasadh' 'ch' an teanga nuair fheochann Ní fhuil comhacht ar talamh do ghairm- feadh beo í. D'fhulaing mo chlann gach am le grádh dham, Gach peannaid le fonn 's súil ribe na cnáibe, Le croidhe lán-mhisnigh níor chuireadar cás ann, 'Ch nuair tháinig an phláigh 's an lán- scrios millteach, Ba mheasa thar bárr 'ná ár na daoirse — Mo theanga bhinn bhuadhach ba dhual ó shinnsir Bheith feasta gan fuaim gan duain acht dríbeal; 'Sé chráidh mo chroidhe 's d'fhuig m'int- inn scólta Mo chás nár ghoill ar chlainn ná'r chomhghas; Níor chuireadar spéis, mo léan, ná suim ann Acht ghlacadar réidh gach céim de'n choimhightheacht. A chlann 's a cháirde ghrádhmhar dhílse, Ní hiongnadh áthas eácht im' chroidhe- se, Nuair fheicim im' thimcheall buidhean is slóighte, Carthannach caoin ar intinn gnótha, 'S mo theanga go líomhtha arís 'nbhur mbeol-sa; Céad moladh go deo le comhacht an Aoin-Mhic, Mar éirigh slógh de phóir-Chlainn Éibhir, D'árdóchaidh mise san ionad badh dhual dam 'S mo theanga do chuirfidh i bhfuirm le fuaimeint. Cé shaoileas sealad mo theanga bheith feochta, 'S a préamhacha meathta sa talamh leath-dhreoighte? Tá innti anam is acfuinn a dóthain 'S is úr ag eascar go tapaidh gach ló í 'Gur liaigh ró-chneast' ag tabhairt aire gach ré dhi Dá bhrígh sin feasta mar mheasaim ní baoghal di. Is leor do chailleam le meathadh na Gaedhilge, Scéalta, startha, is seanchus Éireann, Dánta 's ranna, 's gan dearmad laoithe, Greann na teangan 's béal-áithris daoine, Saothar saoithe do scríobh le héifeacht, Saothar naoimh ar dhiadhacht is daonnacht, Saothar éigse cléire 's suadh Tá 'luighe fá chré, mo léan, gan tuairisc, Ár meon tá soluighthe trochailthe truaillthe Le feallsacht formad, 's is deacair sinn d'fhuascailt Ó nós na teangan tá barbardha uallach, Éadtrom easmaltach, le hainbhfios suaithte, Ní fhuil urraim do'n aois mar bhí 's badh chóir bheith, Ní fhuil urraim ag clainn do'n dís do thóg iad Ní fhuil meas ar sheanóir acht fon- ómhaid fá léithe 'Gus teanga liom leo ar iompódh do thaobh leo. Acht anois, a chlanna, gaibh ana-chuid buidheachais Óm' chroidhe go dearbhtha 's mo bheann- acht ó chléibh daoibh. Ní f'láir dúinn imtheacht feadh sealaid ó chéile Acht gabhaid-se teagasc ar mhaithe le féinig; Labhair bhur dteanga ar mhargadh 's aonach, Labhair led' charaid ag Aifreann Dé í; Labhair led' chlainn ar do theinnteán féin í, Nuair a thiocfaidh an lá, 'sé dán gach daonnaidhe, 'S tú sínte tláith 's an bás 'od' chéas- adh, Chum Ríogh na ngrást trí Phádraig naomhtha Cuir do ghearán i n-árd-ghuth Gaedhilge; 'Sé thuigfidh do chás is le báidh le hÉirinn Béarfaidh tú slán ód' námhaid gan aon chath. T. Ó Chonchubhair
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services