Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fáilte Banba roimh a clainn go dtí an tOireachtas

Title
Fáilte Banba roimh a clainn go dtí an tOireachtas
Author(s)
Ó Chonchubhair, T.,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


FÁILTE BANBA ROIMH A CLAINN
GO DTÍ AN tOIREACHTAS.



Amhrán do bhuaidh duais ag an Oireachtas,
1906, (Comórtas a deich). Roinneadh an chéad
duais idir T. Ó Chonchubhair, Cuilinn Uí Chaoimh
(“Earc Mac Deagha”); an té do chum an
t-amhrán so, agus Diarmaid Ó Muimhneacháin.
Cuireadh aiste Dhiarmada os comhair ár léigh-
theóirí an tseachtmhain seo ghabh tharainn.



Céad fáilte is dachad roimh Chlanna
Mhic Éibhir,
Céad fáilte fairsing roimh flatha na
Féinne,
Céad fáilte farais roimh Chlanna fíor-
Ghaedhealach',
Clanna na dtaoiseach ngníomhamhail
laochda,
Clanna na saoithe líomhtha léigheannta,
Clanna na bhfáidh, na mbárd, na
n-éigse,
Clanna gan cháim fuair bárr 'ns gach
aon bhall,
Clanna nár mheathta ar mhachaire an
laochais,
Clanna do threascair na Danair go
tréanmhar,
Clanna na dtigheasach ngroidhe na
féile,
Cead fáilte arís óm' chroidhe go saor
daoibh!



Is follus do'n tsaoghal 's is léir-fhios
daoibh-se
Cad d'fhulaingeas féin trí thaom na
daoirse —
Mo phearsa mar claoidheadh gan bhrígh
gan sláinte,
'S mo ghéaga míne millte támh-lag,
Mo ghruadh ba dheise tá meirgeach
fáibreach,
'S mo leaca gheal-bhreicneach seirgthe
báidhte,
Mo shúil ba ghlaise trom-dhorcha
suaidhte,
'S mo ghuailne cromaithe trochailte
lúbtha,
M'ór-fholt fáinneach scáinneach mín-
tiugh,
Sciotaithe fánach, gan scáil dá phríomh-
dhath,
Mo chaol-throigh chórach cheolmhar éasca
Ataithe, scólta, leointe, méiscreach,
Ó thaisteal na slighe gan scíth fá
amhgar,
Go dealbh gan mhaoin acht bruighean is
clampar,
Ó'n gcóip do chreach, do bhasc 's do
mhill mé,
'S do chuir gan rath gan reacht gan
righeacht mé,
Dá mhéid mo thubaist cé iomad le
n-áireamh,
Do mhaithfinn a gcortha do'n chonairt
fé ndearr é,
Go ndearnadh feall do pholl go hae

'S chuir gan labhair, gan mheabhair, gan
chéill mé.



Cé theip ar chomhacht is fóirneart
Gallda,
Dá líonmhar slógh 'ca 's leor a
gcabhlach,
An beart so d'fheidhmiughadh 'n-aghaidh
m'aimhdheona
Gur dalladh mo radharc le cladhair-
eacht crón-phoc.
Nuair fuaradh mín-lag tinn gan treoir

'S gan aon de'm coimhdeacht, buidhean
ná chomhghas,
Acht comhaltaí Sheagháin ba ghnáthach
fíochmhar
Bhí 'nois go grádhmhar cáirdeach cuibhr-
seach;
'S do thóg mo lámh le bárr-ghean
maoidhteach.


L. 06


Do ghlaodhadar liaigh le Dia go bhfóir-
feadh
Gan mhoill mo chiach 's mo phian coll-
óideach;
Tháinig gasra go tapaidh im' thimcheall,
Scaoileadar dearca géar-amharcach'
tríom-sa;
Mo chuisle bhraitheadar, mo theanga
'gus m'aedheanna,
Mo chroidhe, mo scairteacha, 's mo
bhallaibh le chéile,
Fiú gile mo shúl d'infhiuchadh géar í,
Féith is lúthach do brúghadh le méir iad,
Do horduigheadh togha 'gus rogha gach
dighe dham,
Fíon is brannda 's teann-phúins tríotha,
Do threasuigheadar orm na deocha gan
fuaradh
Gur thuiteas im' chodladh, — b'é an
codladh gan suan dam.



Mo chás, mo chumha croidhe, mo chúr-
saí bróin sin
An tráth 'n-ar dhúisigheas ba chúis scís
domh-sa,
Nuair chuireas chum labhairt go tapaidh
mar ghnáth liom
'Seadh fuaras-sa sreanga mo theangan
glan-ghearrtha,
'S mo chainnt ag scaipeadh 's mé balbh
gan sár-ghuth —
Do b'in í an beart do chreach mé cinnte
D'fhuig m'intinn lag is crap mo innt-
leacht,
D'fhág gan smid, gan tuigsint ná
céill mé,
Gan neart, gan fuinneamh, gan inchinn
gé 'gam,
Acht glugaireacht singil is friotal gan
éifeacht,
Ba mhó mar dhíth, ná'n rígheacht do
fuadadh,
Ba mhó fá thrí ná buidhean na sluaighte,
Ba mhó 'ná maoin an tsaoghail, cé luach-
mhar,
Mo theanga sáir-bhinn léir-líomhtha
fuaidhte,
Mar' b'fhéidir rígheacht le claidheamh is
cródhacht,
Do b'fhéidir maoin is buidhean is
slóighte,
Arís do chasadh' 'ch' an teanga nuair
fheochann
Ní fhuil comhacht ar talamh do ghairm-
feadh beo í.



D'fhulaing mo chlann gach am le grádh
dham,
Gach peannaid le fonn 's súil ribe na
cnáibe,
Le croidhe lán-mhisnigh níor chuireadar
cás ann,
'Ch nuair tháinig an phláigh 's an lán-
scrios millteach,
Ba mheasa thar bárr 'ná ár na daoirse —
Mo theanga bhinn bhuadhach ba dhual ó
shinnsir
Bheith feasta gan fuaim gan duain
acht dríbeal;
'Sé chráidh mo chroidhe 's d'fhuig m'int-
inn scólta
Mo chás nár ghoill ar chlainn ná'r
chomhghas;
Níor chuireadar spéis, mo léan, ná
suim ann
Acht ghlacadar réidh gach céim de'n
choimhightheacht.



A chlann 's a cháirde ghrádhmhar dhílse,
Ní hiongnadh áthas eácht im' chroidhe-
se,
Nuair fheicim im' thimcheall buidhean is
slóighte,
Carthannach caoin ar intinn gnótha,
'S mo theanga go líomhtha arís 'nbhur
mbeol-sa;
Céad moladh go deo le comhacht an
Aoin-Mhic,
Mar éirigh slógh de phóir-Chlainn Éibhir,
D'árdóchaidh mise san ionad badh dhual
dam
'S mo theanga do chuirfidh i bhfuirm le
fuaimeint.
Cé shaoileas sealad mo theanga bheith
feochta,
'S a préamhacha meathta sa talamh
leath-dhreoighte?
Tá innti anam is acfuinn a dóthain
'S is úr ag eascar go tapaidh gach ló í
'Gur liaigh ró-chneast' ag tabhairt aire
gach ré dhi
Dá bhrígh sin feasta mar mheasaim ní
baoghal di.



Is leor do chailleam le meathadh na
Gaedhilge,
Scéalta, startha, is seanchus Éireann,
Dánta 's ranna, 's gan dearmad
laoithe,
Greann na teangan 's béal-áithris
daoine,
Saothar saoithe do scríobh le héifeacht,
Saothar naoimh ar dhiadhacht is daonnacht,
Saothar éigse cléire 's suadh
Tá 'luighe fá chré, mo léan, gan
tuairisc,
Ár meon tá soluighthe trochailthe
truaillthe
Le feallsacht formad, 's is deacair
sinn d'fhuascailt
Ó nós na teangan tá barbardha
uallach,
Éadtrom easmaltach, le hainbhfios
suaithte,
Ní fhuil urraim do'n aois mar bhí 's
badh chóir bheith,
Ní fhuil urraim ag clainn do'n dís do
thóg iad
Ní fhuil meas ar sheanóir acht fon-
ómhaid fá léithe
'Gus teanga liom leo ar iompódh do
thaobh leo.



Acht anois, a chlanna, gaibh ana-chuid
buidheachais
Óm' chroidhe go dearbhtha 's mo bheann-
acht ó chléibh daoibh.
Ní f'láir dúinn imtheacht feadh sealaid
ó chéile
Acht gabhaid-se teagasc ar mhaithe le
féinig;
Labhair bhur dteanga ar mhargadh 's
aonach,
Labhair led' charaid ag Aifreann Dé í;
Labhair led' chlainn ar do theinnteán
féin í,
Nuair a thiocfaidh an lá, 'sé dán gach
daonnaidhe,
'S tú sínte tláith 's an bás 'od' chéas-
adh,
Chum Ríogh na ngrást trí Phádraig
naomhtha
Cuir do ghearán i n-árd-ghuth Gaedhilge;
'Sé thuigfidh do chás is le báidh le
hÉirinn
Béarfaidh tú slán ód' námhaid gan
aon chath.



T. Ó Chonchubhair

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services